‘Níor mhór cúrsa dhá bhliain a dhéanamh anois le foghlaim cén chaoi Gaeilge na hArdteiste a theip’

Tuairimí éagsúla nochtaithe faoi staitisticí ar thorthaí na hArdteiste a léiríonn gur ar éigean go dteipeann ar éinne sa Ghaeilge

04/06/2014. Leaving Cert exams begin. Leaving cert students at Marian College, Ballsbridge, Dublin, sit their English paper 1 this morning as the exams get under way. Photo: Laura Hutton/Photocall Ireland
Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland

As 32 ábhar ardteiste is ag an nGaeilge a bhí an ráta teipthe is lú seachas ceann amháin – Eacnamaíocht na Talmhaíochta, ábhar nár theip ar dhuine ar bith ann i mbliana. Níor theip ach ar 0.6% de na 19,460 dalta Ardteistiméireachta a rinne an Ghaeilge ag an ardleibhéal i mbliana.

Tháinig méadú ar líon na ndaoine a rinne an Ghaeilge ag an ardleibhéal i mbliana – os cionn míle dalta níos mó ná an 18,100 duine a rinne amhlaidh anuraidh. Ba mhéadú an méid sin féin ar an 16,700 duine a rinne an scrúdú sa bhliain 2013.

Chuir Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh agus Conradh na Gaeilge araon roimh staitisticí an lae inniu.

“Tá lúcháir orm an fás leanúnach seo a fheiceáil i líon na mac léinn atá ag tabhairt faoin pháipéar ardleibhéil Gaeilge san Ardteistiméireacht. Léiríonn sé seo an obair den scoth atá ar bun i nGaelscoileanna, i nGaelcholáistí agus i scoileanna eile.

“Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun comhghairdeas a dhéanamh leis na mic léinn go léir a rinne an Ardteist i mbliana agus gach rath a ghuí orthu amach anseo,” a dúirt an tAire McHugh.

Dúirt Conradh na Gaeilge ar Twitter ar maidin gurb é scéal na Gaeilge an chúis cheiliúrtha is mó i dtaobh thorthaí Ardteiste na bliana seo.

Ach ní hé an port céanna atá ag cách faoi ‘dhea-scéal’ na dtorthaí Gaeilge.

Dar leis an saineolaí teanga agus oideachais Máire Ní Fhinneadha gur cruthúnas na torthaí nach bhfuil i nGaeilge na hArdteiste anois ach “scrúdú ar phidgin”.

“Níor mhór duit anois cúrsa faoi leith a dhéanamh le foghlaim cén chaoi an Ghaeilge a theip san Ardteist. Ní dea-scéala ar chor ar bith é in aon ábhar má bhíonn an méid sin daoine in ann ag an scrúdú ardleibhéil.

“Tá an cúrsa reatha gránna agus maslach d’éinne a bhfuil Gaeilge acu. Mura mbíonn aon dúshlán ag baint le scrúdú pasálfaidh gach uile dhuine é agus tá a fhios againn uilig nach bhfuil i scrúdú na hArdteiste Gaeilge ach scrúdú ar phidgin. Caithfidh go bhfuil an sconsa an-íseal má tá gach capall in ann léimt thairis – bheadh daoine ag tabhairt amach dá ngnóthódh na caiple ar fad Pláta na Gaillimhe!”

Deir Ní Fhinneadha, a bhí lárnach sa bhfeachtas ar son siollabas Ardteiste Gaeilge ar leith do chainteoirí dúchais, nach chun leas na teanga torthaí na bliana seo.

“Seo iad na daoine a bheas ag rá i gceann cúpla bliain ‘fuair mé grád onóra san Ardteist ach níl aon Ghaeilge anois agam’ – níl aon Ghaeilge inniu ag go leor acu,” a dúirt sí le Tuairisc.ie.

Chuir Edel Ní Bhraonáin, Comhordaitheoir na Mac Léinn Tríú Leibhéal le Conradh na Gaeilge, fáilte roimh thorthaí na bliana seo.

“Tá Conradh na Gaeilge an-sásta go bhfuil ardú leanúnach ag teacht ar líon na ndaltaí atá ag déanamh staidéir ar an nGaeilge ardleibhéil don Ardteist agus gur éirigh le níos mó ná 88% de na daltaí grád C nó níos airde a ghnóthú sa Ghaeilge onórach.

“Tá sé molta ag an gConradh freisin do gach mac léinn leas a bhaint as an nGaeilge ag an tríú leibhéal trí pháirt a ghlacadh sna cumainn Ghaelacha timpeall na tíre.”

Mhol sí go láidir do mhic léinn na chéad bhliana ballraíocht a ghlacadh leis an gcumann Gaelach ar an gcampas s’acu “ní hamháin leis na scileanna cumarsáide Gaeilge s’acu a chleachtadh i ndiaidh na meánscoile, ach chun cairdeas a chruthú le mic léinn eile ar spéis leo an teanga agus an chraic”.

Fág freagra ar '‘Níor mhór cúrsa dhá bhliain a dhéanamh anois le foghlaim cén chaoi Gaeilge na hArdteiste a theip’'

  • Concubhar

    An cheist ar ghá a chur ar leithéidí Mháire Ní Fhinnéadha, an gceapann sí gur ar leas na Gaeilge a mhaíomh nach bhfuil ‘Gaeilge’ inniu ag daoine ar éirigh leo i scrudú ina raibh, mar shampla, 40% den mharc le saothrú as an scrúdú béil. Maith dhom é a rá, áfach, ach ní chreidim gur féidir le saineolaí teangan agus oideachais a bheith ag tabhairt ‘pidgin’ ar Ghaeilge a labhrann daltaí meanscoile agus ansan sa chéad anál eile bheith ag baint úsáide as briathar ‘pásálfaidh’ nach bhfuil in aon fhoclóir go bhfios dom.

  • Kevin Hickey

    A Choncubhair, a chara,

    Anseo atá sé: https://www.teanglann.ie/en/fgb/pas%C3%A1il

    Le meas,

    Kevin

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Géarghá le hábhar breise ‘teanga agus litríocht na Gaeilge’ do na mic léinn is cumasaí inti, amhail ‘Applied Maths/Maths-physics’ fadó.
    Seo polasaí an Chonartha, sílim.

  • Concubhar

    Ní raibh aon rud mícheart le ‘d’éirigh liom i mo scrúdú’ chun a leithéid a chur in iúl agus léiríonn an úsáid seo ar an nGaeilge nach bhfuil ann do theanga glan geanmaí nach bhfuil faoi thionchar theanga eile, an Bhéarla sa chás seo, agus gur ar éigéan nach bhféadfaí ‘pidgin’ a thabhairt ar an ‘nGaeilge’ úd ó bhéal an údair léannta thuasluaite.

  • cormac

    Dearcadh neamhscrupallach slitheanta an Stait a leiriu anseo aris i leith na teanga, mar ata, i a mharu le caoineas. Ta an coras lofa o bhin go barr .i. deanann an oiread sin daltai Gaeilge sa dara agus sa triu leibheal toisc gur ribin reidh doibh pas no onoracha a bhaint amach inti. Ni eireodh lena leath des na muinteoiri Gaeilge fein san Ardteist da mbeadh aon dealramh le caighdean na Gaeilge. An ceart ar fad ag Maire, dallamullog agus dispeagadh agus sconna buinni. ‘For what died the sons of Roisin?

  • jim

    asdaddd

  • shane

    Reiteach amhain – 2 abhar:

    Gaeilge mar Dara Teanga – abhair amhain.
    Litríocht agus Stair na Gaeilge – abhair eile.

  • Concubhar

    Is é an dúshlán atá ag pobal na Gaeilge – gluaiseacht na Gaeilge – an dream sin a dhéanann an Ard Teist a choinneáil i dteagmháil leis an nGaeilge an oiread agus is féidir. Níl aon tairbhe bheith á maslú mar atá á ndéanamh san alt seo ag déanamh a bheag dá iarrachtaí. Ní thabharfaidh sé sin linn iad – go deimhin is ar aimhleas na Gaeilge a leithéid de chaint tharcaisneach is atá déanta ag Máire thuasluaite.

  • micheal9999

    An ceart ar fad ag Mháire Ní Fhinnéadha, dar liom.