Masla oifigiúil bliantúil do Ghaeilge m’anama é scrúdú na hArdteiste

Tá fuil agus feoil sa Ghaeilge agus i lucht a labhartha nach bhfeictear ar pháipéir na hArdteiste agus tá sé thar am ag Coimisiún na Scrúduithe múnla na Laidine a chur as a gcloigeann sula gcoillfidh siad ar fad ár dteanga

Masla oifigiúil bliantúil do Ghaeilge m’anama é scrúdú na hArdteiste

LÉARÁID le Tuairisc.ie/CÓS

Tá an scrúdú Gaeilge thart, tá an tuiscint fréamhaithe in intinn na bhfoghlaimeoirí óga go deo na ndeor gur leathcheann na Matamaitice an Ghaeilge, foghlaimíonn tú na foirmlí, cuireann tú i bhfeidhm iad agus tá tú i do mháistir ar an CAO.

An tráth seo chuile bhliain buaileann ráig duaircis is easpa misnigh mé nuair a fheicim teanga m’anama á maslú go hoifigiúil uair amháin eile.

Bím ite le héad ag baint lán mo shúl as dúshlán an pháipéir Bhéarla d’fhoghlaimeoirí agus do chainteoirí dúchais an Bhéarla. Aithnítear ar an bpáipéar Béarla go bhfuil tuairimí, fealsúnacht, breithiúnas, mothúcháin, taithí saoil agus fonn cainte ar na daoine óga seo atá ag tabhairt a n-aghaidh ar an saol mór agus adhastar na scolaíochta scaoilte acu. Glactar leis gur fiú an deis a thabhairt dóibh an mustar agus an t-éirí in airde sin a scríobh ar phár.

Ach na Gaeilgeoirí bochta, glactar leis gurbh é Mr Gradgrind Charles Dickens atá fós á múineadh agus nach bhfuil i saol na Gaeilge uilig ach fíricí, fíricí, fíricí agus nach bhfuil d’údar leis an scrúdú deiridh seo ach a thaispeáint go bhfuil na cinn chearta foghlamtha agatsa agus go bhfuil tú in ann iad a chaitheamh amach breá scafánta ar an bpáipéar agus fíricí eile a aimsiú i bpíosaí léamhthuisceana agus i bpíosaí litríochta.

Seachain an gceapfadh an duine óg seo go bhfuil aon duine ag scríobh i nGaeilge a bhféadfaí aon mheabhair ná aon sásamh a bhaint as mar phíosa léitheoireachta. No way, a mhac. Ina áit sin scríobh duine/daoine/meaisín anaithnid píosaí léamhthuisceana ‘bunaithe ar fhoinsí éagsúla’, brachán a d’fhág nach bhfuil blas, dath, nádúr ná dul ghnáth-theanga an Ghaeilgeora ar an dá phíosa – ceann lán mioneolais faoi dhaonáirimh agus ceann faoi oidhreacht chultúrtha na tíre. An stíl nó an easpa stíle chéanna meamram rialtais ar an bpéire acu – ní léifeá ceachtar acu dá scríobhfaí amhlaidh ar an suíomh seo. Céard a tharla don aisling authentique siúd a mbímis ag caint uirthi nuair a bhí mé féin fós beo?

Ach ar ndóigh ní chun pléisiúr agus slacht na scríbhneoireachta Gaeilge iad seo ach chun conas, cad, cén fáth, cathain agus pointí eolais a bhaint asat ar mhaithe le marcanna a bhronnadh ort as do ghrinneas – sórt ‘spot the ball’ don Ardteist. Ar ndóigh tá na heochairfhocail sna habairtí cuí ach iad a aimsiú. Ní gá duit an sliocht tur teagascach ar fad a léamh má bhíonn tú sách glic agus na cleasanna múinte duit.

Agus céard seo faoin ainmfhocal firinscneach agus breischéim na haidiachta a aimsiú in abairt – faire na n-éan corr ina chluiche?

Ach coinnigh guaim oraibh féin mar coinneoidh an páipéar Béarla ar a gciall sibh. Tabharfaidh Colum McCann comhairle daoibh ar conas a bheith i do scríbhneoir agus is mairg don té a thabharfadh “foothold against despair” ar aon léamhthuiscint ar an bpáipéar Gaeilge. Is léir nár ghlac an cumadóir le moladh McCann “don’t overload us with too much information” agus gur fánach a bheadh ag cuartú “a mess of flesh and bones” i nGaeilge Choimisiún na Scrúduithe.

Cá bhfuil an treoir thairbheach seo tugtha leis an gcumadóireacht ar an bpáipéar Gaeilge a deir leis na daoine óga céanna seo gur chóir a dtuiscint ar an teanga a bheith le feiceáil “in the areas of information, argument, persuasion, narration, and the aesthetic use of language”.

Bheadh fuar go maith agat aeistéitic ná ealaín ar bith a fháil ar an bpáipéar Gaeilge; Brian Merriman féin ní bhainfeadh aon ealaín as agus is fánach ar an té a cheapfadh go spreagfadh sé aon lúibín, dea-chaint ná amhrán.

‘Eiléan Ní Chuilleanáin tells fascinating stories, often examining themes that are relevant to contemporary Ireland, in a style that is both beautiful and mysterious. To what extent do you agree or disagree with this statement?’. 

Cuir Nuala Rua Ní Dhomhnaill nó file breá Gaeilge eile in áit Ní Chuilleanáin agus nár bhreá spreagúil mar cheist í don Ghaeilgeoir ábalta nó dúchais? Seachas sin caithfimid a bheith buíoch de cheist leanbaí mar seo: ‘A bhfuil i gceist leis na línte seo a mhíniú…’.

Impím oraibhse atá i monarcha an Choimisiúin a aithint go bhfuil fuil agus feoil sa teanga seo agus i lucht a labhartha.

Ná coilligí uilig í agus caithigí múnla na Laidine as bhur gcloigeann sula gcuirfidh sibh soir uilig mé.

Fág freagra ar 'Masla oifigiúil bliantúil do Ghaeilge m’anama é scrúdú na hArdteiste'

  • Mánus

    Níl múinteoirí Ghaeilge sna Gaelcholáistí ná an cúpla meánscoil sa Ghaeltacht Oifigiúil ag tabhairt amach faoin fheall seo. Oireann an crosfhocal gránna de scrúdú dóibh le poinntí éasca CAO a aimsiú.

  • Séadna

    Aontaím leat a Mháire. Tá ceap magaidh déanta de na scrúdaithe teistiméireachta stát sa Ghaeilge le blianta beaga anuas.

  • Éilis

    An-alt, a Mháire

  • Pádraic

    An-alt. Éistear lena glór!

  • Éadóchasach

    Tá a fhios againn go léir ná fuil aon dúshlán ag baint leis an nGaolainn mar a scrúdaítear í, ná mhúintear í ach oiread. D’fhéadfá an rud céanna a rá fésna teangacha eile (Fraincis, Gearmáinis, srl.), áfach; níl iontu ach cúrsaí d’fhoghlaimeoirí nach bhfuil suim acu líofacht a bhaint amach curtha le chéile ag foghlaimeoirí nach raibh suim acu líofacht a bhaint amach. Is í an fhadhb leis an gcúrsa insan nGaolainn, dar ndóigh, ná go mbíonn an cúrsa céanna á mhúineadh d’fhoghlaimeoirí agus do chainteoirí dúchais Gaolainne araon. Nach rabhthar ag caint fé dhá chúrsa a chur ar bun? Ceann amháin a bheadh dúshlánach a dhóthain chun bheith oiriúnach don gcainteoir dúchais (agus don bhfoghlaimeoir le Gaolainn líofa), agus ceann amháin a bheadh oiriúnach don dté ná fuil ach Gaolainn bhacach na scoile aige. Cad a tharla don bplean san? An bhfuil dearmad déanta air? Nó b’fhéidir nach raibh ann riamh ach ceo polaitíochta…

  • Gabriel Rosenstock

    Aontaím.

  • Lillis Ó Laoire

    Go bhfeice Dia an dream a shaothraíonn H1 san Ardteist agus cuid acu nach gcuirfeadh amach an cat.

  • Mánus

    @Éadóchas.
    Ní ceo polaitíochta amháin a bhí i gceist ach tharla nach raibh na múinteoirí Gaeilge ag iarraidh an dara cúrsa agus chuir siad ina choinne; múinteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht Oifigiúil san áireamh.
    Is scannalach nach bhfuil raic tógtha ag an eagraíocht Gaeloideachas faoin fheall atá á imirt ag an gcúrsa tanaí páistiúil Gaeilge seo ar na scoláirí Ardteiste a mbíonn an Ghaeilge á labhairt acu sa bhaile agus ar na scoláirí sna Ghaelcholáistí. Ceann des na cúiseanna nach mbíonn na scoláirí seo comh compordach céanna agus iad ag caint i nGaeilge is atá siad i mBéarla ná nach dtugann an cúrsa seo deis acu a gcuid mothúcháin agus a gcuid tuairimí a chur in iúl. Is tríd an litríocht a thugann an cúrsa Bhéarla go leor deiseanna féin-fhorbartha dóibh. Uirlis íontach is ea staidéar ar an litríocht chun scoláirí do spreagadh le labhairt faoi rudaí a mbeadh siad ró-chúthaileach a dhéanamh i gnáth comhrá.

  • Seán Ó Floinn

    Shílfeá gur déagóir sotalach a scríobh an píosa seo seachas colúnaí oirirc na Gaeilge. Seans gur cheap tú féin gur léamhthuiscintí leamha a bhí iontu ach geallaim duit nach amhlaidh an scéal é do na daltaí a rinne an Ardteist. Caithfidh stíl neodrach, sothuigthe a bheith sna léamhthuiscintí agus é bunaithe ar fhoclóir an chúrsa chun cothrom na Féinne a thabhairt do na daltaí. Ní fhéadfaí sliocht as úrscéal liteartha a chur ar an bpáipéar faoi mar a rinneadh sa Bhéarla mar go mbeadh sé i bhfad ró-dheacair do dhaltaí agus bheadh raic. Bheadh ort saibhreas agus stór leathan foclóra a bheith agat chun an dá phíosa ar an Ardteist a thuiscint.

  • Emer Ní Rónáin

    Aontaím gur múnla na Laidne is ea é. Ach táid flúirseach nach dtuigeann cad tá sa teanga seo, nó cad ina thaobh go bhfuil sé ar chúrsa scoile ar bith. Tiocfaidh an lá gan mhoill ná beidh cead againn ar aon nós. Is ag an bpointe sin a thuigfimid. Níl íomhá na Laidne ró-earráideach.

  • Aodh

    A Sheán, is dalta ardteiste mise agus aontaím go hiomlán le údar an píosa, tá easpa gnéis ag baint leis an cúrsa dar liomsa, tá sé fíor-leamh!

    A Emer, ná bí ró-éadóchasach, tá níos mó daoine ag déanamh an árdteist san lá atá inniú ann agus iad ag deanamh an ghaeilge

  • Cáit

    Nach bhfuil sé thar am, mura bhfuil sé i bhfad rómhall, an teanga Ghaeilge a theagasc mar theanga bheo? Tá an dearg- ghráin ag mo chuid páistí ar an Ghaeilge anois. Tógadh le Gaeilge iad ach mar gheall ar an chúrsa Gaeilge do na scrúduithe stáit, an- drochmhúinteoireacht, easpa iomlán pléisiúir a bheith ag baint leis an eispéireas, easpa seansanna chun í a úsáid, tá cúl tugtha acu leis an teanga agus gach a mbaineann léi. Briseadh croí atá anseo. Mo sheacht náire Roinn an Oideachais sa stát seo, cigirí, ranna ollscoile Gaeilge agus Oideachais, eagraíochtaí a phléann leis an Ghaeltacht agus pobail eile Gaeilge. Cé mhéad duine a thógann sé chun teanga a mharú? Diabhal mórán, ach iad a bheith ag déanamh neamhchúraim ar fad di. Cé a scairtfeas ‘ Stop’?

  • Brian Mac Donncha

    Rinne mise an scrúdú Gaeilge inné. Aontaím go hiomlán.

  • Peadar

    Rinne mise an Ardteist i 1970. Rinneamar staidéar ar ‘An t-Oileánach’, ‘Dúil’, ‘Scothscéalta’, ‘An Grá is an Ghruaim’. Bhí ‘Aodhgán Ó Rathaille’, ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire’, ‘Seán Ó Ríordáin’, ‘Eoghan Rua’, srl faoi chaibidil againn. Múinteoir sároilte .i. Roibeard Ó hÚrdail atá go rábach i gcónaí. An-mhinic d’aimsíodh sé an fonn a ghaibh leis an dán agus d’fhoghlaimaíomar ‘an t-amhrán’. Tá siad istigh im cheann i gcónaí. Tá Gaeilge agam a bhuíochas dó siúd agus don gcúrsa iontach suimiúil a leagadh amach romhainn. Ní raibh aon fhocal agam di roim dhul isteach sa mheánscoil dom. Cén creimeadh a thárla ar an gcóras oideachais ó shin? Cén míniú atá air?

  • spairn

    Ba cheart ‘Amhrán na bhFiann’ a chur ar chúrsa na hArdteiste. An mbeadh sé ar eolas dá éis sin féin acu, meas tú? Cé atá ann chun é a mhúineadh dóibh? “An dall ag giollaíocht an daill” is ea anois é. Ní bhíonn aon náire ar lucht tacaíochta ár gcluichí ligean orthu go bhfuil focail an amhráin acu. Comharthaí sóirt de chuile shórt acu agus iad ‘ag borradh le mórtas’. Éireannaigh go smior atá go gafa gáifeach. Ach iad ag gágarlaigh ar chuma an asail. ‘Ceol’, arsa an t-asal is é istigh sa ghort. ‘Hí há hí há hí ha ha ha ha há’. Sin ‘Amhrán na bhFiann’ agat.

  • Bricriu

    Féach na folúntais ar fad atá in earnáil na Gaeilge – deiseanna breátha fostaíochta agus cúrsaí fiúntacha- is na deacrachtaí atá ann chun daoine oiriúnacha a fháil. Is féidir an capall a thabhairt ag an tobar ach….

  • Bríd Ní Ógáin

    Ar dtús caithfimid a chur san áireamh go mbeidh páipéar difriúil sa Teastas Sóisearach nua do na Gaelscoileanna. Mar mhúinteoir nílim cinnte an rud maith é mar bíonn daltaí láidre againn sna gnáthscoileanna chomh maith agus ba mhaith liom dúshlán a thabhairt dóibh.
    Ag tagairt don Ardteist tá na blianta fada caite agam ag tabhairt amach faoi. Is é an rud is mó a chuireann isteach orm ná an aiste de 600 focal nár athraigh ó bhí mé féin ar scoil 40 bliain ó shin. Gach bliain tagann ábhar suas a mbíonn na daltaí ag súil leis. Úsáideann siad aiste curtha de ghlanmheabhair acu agus ní dhéantar scagadh ceart idir daltaí cumasacha agus daltaí laga. Toisc an aiste a bheith chomh fada tá go leor spáis le haghaidh seafóide cosúil le “seo fadhb atá i mbéal an phobail le fada an lá…..” D’fhéadfá bheith ag caint faoi rud ar bith. Níos measa ná sin tá an “scéal”ann mar rogha. Is minic daltaí ag dul isteach sa scrúdú le scéal de ghlanmheabhair acu agus déanann siad iarracht ag pointe áirithe an téama a tháinig suas a shní isteach ina scéal féin. Bíonn trua agam d’aon dalta a dhéanann iarracht a scéal féin a chumadh sa scrúdú mar beidh siad in iomaíocht le scéalta a scriobh muinteoirí le foclóir in aice leo.
    Mar fhocal scoir caithfidh mé a rá gur muinteoir Fraincise mé chomh maith. Cé go gcaitheann daltaí na Fraincise a lán ama ag iarraidh a dhéanamh amach cad a thiocfaidh suas tá sé i bhfad níos deacra é sin a dhéanamh. Bíonn trí phíosa gairid le scríobh. Caillfidh siad marcanna má chuireann siad am amú le seafóid. Bíonn píosa amháin éigeantach agus mar sin ní féidir leo topaicí áirithe a sheachaint.
    An difríocht ná nuair atáim ag múineadh i mo rang Fraincise tá a fhios agam go gcaithfidh mé scileanna teangan a mhúineadh dóibh nó ní bheidh siad in ann tabhairt faoin scrúdú, A mhalairt atá fíor don Ghaeilge. Uaireanta ceapaim go mbeadh mo dhaltaí níos fearr as dá dtabharfainn cúpla aiste dóibh le cur de ghlanmheabhair. Mór an trua!

  • miseaine

    ‘Mór an trua!’

    Aontaím.

  • miseaine

    Seo blagmhír a scríobh mé i 2009…chuir alt iontach Mháire an comhrá seo i gcuimhne dom,

    http://miseaine.blogspot.com/2009/04/ceacht-le-foghlaim.html

    Seanscéal agus meirg air, faraor.

  • Eilín ni bheaglaoich

    Tathars a tabhairt amach mar gheall ar staid na gaeilge le cuimhne na gcat. Aistriuchan on mBearla isea an Ghaelainn anois agus le h-ana thamall—agus sin e mar a bheidh–Cheart ligint do dhaoine on nGaeltacht agus do dhaoine liofa scriobh agus labhairt go nadurtha seachas a bheith a gceartu agus a tabhairt amach choiche maidir le “ceist na Gaeilge” Taim buioch go bhfuil si a labhairt agus a scriobh in ao’chor— glac leis agus nara maith agat go bhfuilimid a caint ar “aistriuchan o Bhearla”agus ta san difriuil ar fad on sort Gaelainne a bhi ann fiu amhain chuig bliana deag o shoin: