Ná dearmad an Ghaeilge agus tú ag vótáil, an chomhairle atá ag lucht feachtais na teanga roimh olltoghchán an lae amárach.
Tá Conradh na Gaeilge ag impí ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus ar dhaoine eile a machnamh a dhéanamh ar ghealltanais na bpáirtithe i leith na teanga ina bhforógraí toghcháin.
Inniu an lá deireanach feachtasaíochta agus iarrthóirí olltoghcháin ar a míle dícheall ag iarraidh daoine nach bhfuil a n-intinn déanta suas acu a mhealladh chun vótáil dóibh.
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge a bhfuil de ghealltanais i bhforógraí na bpáirtithe faoin nGaeilge “a mheas agus machnamh a dhéanamh” orthu sara gcaithfidh siad vóta.
“Tá sé an-tábhachtach go gcuirfí ceist na Gaeilge san áireamh sa toghchán seo ach ba cheart smaoineamh freisin nach ionann gealltanas agus gníomh.
“I ndiaidh an chomhairimh ag an deireadh seachtaine caithfear tosú láithreach leis an mbrú ar na páirtithe arís lena chinntiú go mbeidh clár rialtais ann a bheidh láidir ó thaobh na Gaeilge, pé dream a théann isteach,” arsa Julian de Spáinn.
Bhí mír faoin nGaeilge ina bhforógraí ag formhór na bpáirtithe.
Deir Fianna Fáil go leagfar cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta ar roinn rialtais nua má éiríonn leosan a bheith i rialtas i ndiaidh an olltoghcháin. De réir fhorógra an pháirtí d’athbhunófaí
an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta dá mbeidís i gcumhacht.
Tá gealltanais éagsúla maidir le cúrsaí teanga agus Gaeltachta déanta ag Fianna Fáil ina bhforógra agus deir siad gur “cuspóir bunaidh” de chuid an pháirtí “an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo phobail, agus ag an am céanna a chinntiú go gcosnaítear cearta na gcainteoirí”.
Dúirt Fine Gael go n-aithníonn siad go bhfuil “riachtanais ar leith ag na pobail Ghaeltachta” agus go bhfuil tithíocht sa Ghaeltacht “ríthábhachtach”. Deir an páirtí an n-oibreodh siad le hÚdarás na Gaeltachta, na húdaráis áitiúla agus dreamanna eile sle oláthar tithíochta nua a chur ar fáil.
Chuir An Comhaontas Glas béim ar an nGaeilge sa gcóras oideachais ina bhforógra agus é ráite, mar shampla, go gcuirfí le líon na nGaelcholáistí sa stát agus go mbeadh sprioc ann go méadófaí líon na ndaltaí atá ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge faoi dhó. Bhí an sprioc chéanna luaite ag na Glasaigh, Fianna Fáil agus Fine Gael sa gclár rialtais deireanach ach thit líon na ndaltaí a d’fhreastail ar scoileanna lán-Ghaeilge le linn téarma an rialtais sin.
Tá gealltanais go leor déanta ag Sinn Féin faoin nGaeilge agus an Ghaeltacht i bhforógra an pháirtí, aire sinsearach don Ghaeltacht ina measc. Tá tuilleadh airgid do leithéidí Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta geallta chomh maith agus é ráite go gcuirfeadh Sinn Féin deireadh leis na ciorruithe ollmhóra a rinneadh ar bhuiséad an stáit don teanga.
Tá Páirtí an Lucht Oibre ag iarraidh líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge a mhéadú beagnach 30,000, go dtí 100,000, faoin mbliain 2032. Ar cheann de na bealaí atá luaite acu chun an teanga a chur chun cinn tá scéim phíolótach ag leibhéal na bunscoile ina mbeadh an teagasc trí mheán na Gaeilge ar feadh bliain iomlán.
Tá molta ag Páirtí an Lucht Oibre go múinfí ábhair eile seachas an Ghaeilge trí mheán na Gaeilge i scoileanna Béarla chomh maith, rud atá geallta ag Pobal seachas Brabús freisin. Tá an páirtí sin ag iarraidh an “faillí” atá déanta ar an nGaeilge a chur ina ceart agus infheistíocht bhreise sa teanga agus tuilleadh deiseanna chun an teanga a labhairt geallta acu.
Deir na Daonlathaithe Sóisialta go dtabharfadh siad “aird ar leith” ar an nGaeltacht. Tá siad ar cheann de na páirtithe a gheall tacaíocht do phlean infheistíochta Chonradh na Gaeilge don Ghaeltacht agus don Ghaeilge agus deirtear i bhforógra an pháirtí go mbunófaí “cláir éifeachtacha spreagtha geilleagair” do cheantair Ghaeltachta.
Tá tacaíocht do phlean Chonradh na Gaeilge geallta ag Aontú agus ag Éire Neamhspleách freisin. Deir Aontú go dtabharfaí ar ais scéim na ndeontas tithíochta Gaeltachta agus scéim labhairt na Gaeilge agus €1,000 sa mbliain le híoc le teaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge.
€50 milliún breise don Ghaeilge agus don Ghaeltacht atá geallta ag Éire Neamhspleách agus cuid mhaith den airgead le dul i dtreo Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta chun an “infreastruchtúr a theastaíonn” don phobal a chur ar fáil.
Chomh maith lena bhfuil ráite sna forógraí, ghlac formhór mór na páirtithe páirt i suirbhé a rinne Conradh na Gaeilge.
Tugadh gealltanais éagsúla sa suirbhé sin faoi aire stáit don Ghaeilge sa roinn oideachais, cumhachtaí breise tithíochta agus pleanála d’Údarás na Gaeltachta agus deontas tithíochta a thabhairt ar ais sa Ghaeltacht.
Caoimhín
Tá polaisthe ag Pobal Seachas Brabús ina bhforógra.