Deir Aontú gur cheart go mbeadh gach duine a rugadh agus a tógadh sa nGaeltacht in ann teach a thógáil ar a thalamh féin agus beartais chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta sa nGaeltacht orthu siúd atá luaite i bhforógra toghcháin an pháirtí a seoladh inniu.
Mar aon le cuid mhaith páirtithe eile, tá Aontú ag moladh go dtabharfaí cumhachtaí breise d’Údarás na Gaeltachta maidir le cúrsaí pleanála.
“Táimid ag iarraidh go mbeidh Údarás na Gaeltachta mar údarás pleanála sa Ghaeltacht cosúil le haon Chomhairle Contae eile agus go mbeidh sé mar údarás tithíochta ag díriú ar thithíocht a thógáil do mhuintir na nGaeltachtaí freisin,” a deirtear.
Deir Aontú go dtacaíonn siad le héileamh Chonradh na Gaeilge go dtabharfaí an chumhacht reachtúil agus na hacmhainní riachtanacha don Údarás le Rannóg Tithíochta a bhunú “le cur ar a chumas talamh a cheannach, cead pleanála a fháil, agus seirbhísí riachtanacha a chur ar fáil le gur féidir tithíocht a fhorbairt do chainteoirí Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta”.
Táthar freisin ag iarraidh go dtabharfaí ar ais scéim na ndeontas tithíochta Gaeltachta a bhíodh á cur ar fáil ag Roinn na Gaeltachta, go bhfoilseofaí agus go gcuirfí i bhfeidhm na treoirlínte pleanála Gaeltachta agus go gcuirfí Straitéis Daonra agus Tithíochta Gaeltachta le chéile do gach Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta.
Deir Aontú go bhfuil an páirtí ag tacú leis na héilimh uile atá ag Conradh na Gaeilge don olltoghchán, ina measc go mbeadh cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta leagtha ar aire sinsearach, seachas a bheith tarmligthe d’aire stáit, mar atá á dhéanamh faoi láthair.
Tá tacaíocht do phlean infheistíochta an Chonartha, An Plean Fáis 2024-2029, geallta ag Aontú freisin. Moltar sa bplean go gcaithfeadh an rialtas ó dheas beagnach €200 milliún breise ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht.
I measc na mbeartas a thabharfadh Aontú isteach chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn, tá athbhunú Scéim Labhairt na Gaeilge. Deir an páirtí go mbeadh an scéim nua dírithe ar pháistí idir trí agus seacht mbliana d’aois atá á dtógáil trí Ghaeilge laistigh nó lasmuigh den Ghaeltacht agus go n-íocfaí deontas €1,000 in aghaidh na bliana le teaghlaigh a bhfuil páistí acu san aoisghrúpa sin a léiríonn cumas sa nGaeilge.
Deir Aontú go bhfuil an Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge de chuid Fhoras na Gaeilge ar an scéim is tábhachtaí ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus go ndearnadh “scrios” ar bhuiséad an Fhorais i ndiaidh na géarchéime airgeadais agus nár cuireadh sin ina cheart ó shin. Maítear go dtabharfadh Aontú “ceart” don scéim chun tacaíocht a thabhairt do na dreamanna a bhaineann leas aisti cheana féin agus chun eagraíochtaí i gcontaetha nach bhfuil ag baint leasa aisti a mhealladh.
Maidir le cúrsaí oideachais, tá Aontú ag tacú leis an éileamh ar pholasaí cuimsitheach don Ghaeilge ón réamhscoil go dtí an ollscoil. Deirtear go mbunófaí grúpa saineolaithe laistigh de thrí mhí ó bhunú an rialtais chun an polasaí sin a fhorbairt. Deirtear freisin sa bhforógra go bhfuil córas na ndíolúintí “briste” agus gur cheart an Ghaeilge a theagasc de réir an chreata Eorpaigh um fhoghlaim teangacha.
Gealltar freisin go bhforbrófaí plean chun líon na ndaltaí a fhaigheann a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge a mhéadú ó 6% go 20% laistigh de 20 bliain agus go n-oibreodh siad chun aire stáit sa Roinn Oideachais a cheapadh le comhordú a dhéanamh ar fhorbairt na Gaeilge sa chóras oideachais trí chéile.
“Creideann Aontú go bhfuil cuid mhaith deiseanna eile ar fáil nár úsáideadh riamh fós, chun obair agus comhoibriú fud fad na tíre a fhorbairt, maidir le hoideachas agus le forbairt na teanga,” a deirtear.
I measc na mbeartas eile atá luaite sa bhforógra maidir leis an nGaeilge, tá Aontú ag iarraidh go mbeadh an Ghaeilge níos feiceálaí ar chomharthaí bóthair.
“Is cúis náire dúinn mar thír go bhfuil príomhtheanga na tíre curtha i gcló iodálach ar gach comhartha bóthair ar fud na tíre,” a deirtear. “Tugann sé íomhá do mhuintir na hÉireann agus do chuairteoirí chun na tíre nach bhfuil aon tábhacht leis an nGaeilge”.
Deir Aontú gur cheart go mbeadh an Ghaeilge ar comhchéim leis an mBéarla ó thaobh cló de agus go gcuirfí logainmneacha Gaeilge i ndath eile a bheadh chomh soiléir leis an mBéarla. Dhéanfadh siadsan an chomharthaíocht a athrú de réir mar a bheadh na comharthaí reatha á n-athrú, rud a d’fhágfadh nach mbeadh costas mór ag baint leis, a deirtear.
Tá Aontú freisin ag moladh go spreagfaí comhlachtaí a dhíolann earraí in Éirinn lipéadú dátheangach a úsáid.
I measc na moltaí eile atá déanta ag Aontú ina bhforógra, tá deontais suas le €5,000 d’Éireannaigh thar sáile chun filleadh abhaile agus post a fháil in Éirinn. Bheadh buntáiste cánach €10,000 ar fáil chomh maith dá bhfanfadh siad ag obair san earnáil sin in Éirinn ar feadh ceithre bliana.
Chuirfí reo earcaíochta i bhfeidhm i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun cosc a chur ar earcú oibrithe riaracháin agus bainistíochta. Deirtear freisin go mbeadh iarratais ar thearmann sa tír seo próiseáilte laistigh de shé mhí.
Fág freagra ar 'Aire sinsearach don Ghaeltacht agus deontas €1,000 do pháistí le Gaeilge i measc ghealltanas toghcháin Aontú'