A dhá oiread daltaí a bheith ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge agus tuilleadh cúrsaí tríú leibhéal as Gaeilge a fhorbairt cuid de na gealltanais atá déanta ag an gComhaontas Glas maidir le cúrsaí teanga i bhforógra toghcháin an pháirtí.
Sheol ceannaire an pháirtí, Roderic O’Gorman, an cháipéis ‘Towards 2030 – A decade of change’ inné agus mórspriocanna inti maidir le cúrsaí iompair, athrú aeráide agus tógáil clainne.
Catherine Martin ón bpáirtí a bhí ina aire sinsearach i Roinn na Gaeltachta agus deirtear sa bhforógra go bhfuil tiomantas an Chomhaontais Ghlais don teanga “láidir”.
“Is acmhainn thábhachtach chultúrtha do phobal na hÉireann í an Ghaeilge, ach is acmhainn leochaileach í ar gá í a chosaint,” a deirtear.
I measc na mbeartas atá geallta ag an bpáirtí má éiríonn leo a bheith sa gcéad rialtas eile, tá rith na reachtaíochta chun toghcháin Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais chomh maith le “straitéis chomhtháite Ghaeltachta a fhoilsiú a ailíneoidh le chéile ranna Rialtais agus forais stáit”. Deirtear go gcíorfar sa straitéis feidhmeanna tithíochta a thabhairt don Údarás.
Cé nach bhfuil athbhunú Scéim Labhairt na Gaeilge luaite sa gcáipéis, deirtear go gcruthófar “córas nua tacaíochta do lucht Gaeilge sa Ghaeltacht” agus go gcuirfí tuilleadh maoinithe ar fáil d’eagraíochtaí ar nós Tuismitheoirí na Gaeltachta chun tacú le daoine atá ag tógáil clainne trí Ghaeilge.
Tá pleananna do chúrsaí oideachais ag gach leibhéal sa cháipéis.
Deirtear, mar shampla, go gcuirfidh an Comhaontas Glas le líon na nGaelcholáistí sa stát agus é luaite mar sprioc go méadófaí líon na ndaltaí atá ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge faoi dhó.
Gealltar go bhfoilseofar polasaí, ar bhonn práinne, polasaí chun an Fráma Tagartha Comónta Eorpach [TEG] a úsáid i múineadh na Gaeilge sa gcóras oideachais.
Ó thaobh an tríú leibhéal de, deirtear go gcuirfí ciste nua ar bun chun cúrsaí as Gaeilge a sholáthar sa nGaeltacht a chabhródh leis an sprioc earcaíochta 20% don státchóras a bhaint amach faoi 2030.
Luaitear freisin an fhéidearthacht macasamhail an Open University a bhunú, ollscoil a bheadh go hiomlán ar líne agus a dhíreodh ar an nGaeilge, ar oidhreacht na hÉireann agus ar scileanna a theastaíonn chun cur le geilleagar na tíre.
I dtaobh na meán, deirtear go dtabharfaí “tús áite” don athbhreithniú cuimsitheach ar sholáthar na meán Gaeilge atá ar bhun ag Coimisiún na Meán i láthair na huaire agus freisin go dtacófaí le TG4 seirbhís neamhspleách nuachta a bhunú.
Deir an Comhaontas Glas chomh maith go maoineofaí ciste píolótach chun comhlachtaí a spreagadh chun pacáistíocht dhátheangach a úsáid.
Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh chuid de na gealltanais a bhí luaite sa bhforógra ach deirtear go bhfuil ceist ann maidir leis an maoiniú a chuirfí ar fáil d’eagrais Ghaeilge.
“Fáiltíonn muid roimh na moltaí go bhfuil an Comhaontas Glas ag iarraidh líon na ndaltaí atá ag foghlaim trí Ghaeilge a dhúbailt agus go bhfuil siad ag iarraidh an Ghaeilge sa chóras oideachais a ailíniú leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach, rud atá Conradh na Gaeilge ag moladh le fada an lá.
“É sin ráite, tá easnaimh fós ann maidir leis an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht agus níl aon trácht ar mhaoiniú don Ghaeilge nó don Ghaeltacht mar atá luaite leis na hEalaíona. Tá an Comhaontas Glas ag iarraidh cur le maoiniú na Comhairle Ealaíon, atá anois ‘ag na leibhéil is airde riamh’ ach níl aon airgead breise luaite don Ghaeilge nó don Ghaeltacht.”
Gheobhaidh an Chomhairle Ealaíon €140 milliún in 2025 agus ardú mór tagtha ar leibhéal maoinithe na heagraíochta tráth a raibh Catherine Martin ina aire ach b’údar gearáin do lucht feachtais na teanga nach raibh an t-ardú céanna i gceist d’earnáil na Gaeilge.
Billy an Ghoirt
Rinne an CG an ghealuint seo mar chuid den chlár comhrialtais le FF agus FG i 2020. Ansin bhí síad i rialtas le chéile le Norma FF-Foley ar feadh na mblianta.
Ta said fós sa rialtas anois fiú! – agus an líon ag titim in ainneoin an ghealltanais sin!
Cén fáth an gcreadfadh aon duine iad an uair seo? – nuair a gheall síad díreach an rud céanna 4 bliaina ó shin agus ní dhearna síad aon rud faoi go fóill.
Sayno Towokery
Is cinnte nach bhfuil morán thuas staighre ag aon duine a chaitheann a vótá ag na mangáirí seo.