Leagfar cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta ar roinn rialtais nua má éiríonn le Fianna Fáil teacht i gcumhacht i ndiaidh an olltoghcháin, de réir fhorógra an pháirtí a foilsíodh inniu.
Deir Fianna Fáil go bhfuil sé i gceist an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a athbhunú má bhíonn siad sa gcéad rialtas eile chun pobail tuaithe agus an Ghaeilge a chur chun cinn.
Tá cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta faoi chúram na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán i láthair na huaire, ach bhí an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ann faoi rialtais Fhianna Fáil idir 2002 agus 2010.
Níl aon ghealltanas tugtha sa bhforógra toghcháin gur ar Aire sinsearach a leagfaí príomhchúram na Gaeltachta sa chéad rialtas eile, seachas é a tharmligean le haire stáit, mar atá tarlaithe i ngach rialtas ó 2011.
Deirtear i bhforógra Fhianna Fáil gur “cuspóir bunaidh de chuid Fhianna Fáil an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo phobail, agus ag an am céanna a chinntiú go gcosnaítear cearta na gcainteoirí”.
Tá gealltanais éagsúla maidir le cúrsaí teanga agus Gaeltachta déanta sa bhforógra, ina measc, go mbeidh tuilleadh comhoibrithe Thuaidh-Theas maidir leis an nGaeilge.
Tá filleadh na dtoghchán do bhord Údarás na Gaeltachta luaite sa bplean. Gheall Fianna Fáil roimh an olltoghchán deireanach in 2020 go dtabharfaí ar ais na toghcháin ach níor éirigh leis an Rialtas an reachtaíocht chuí a rith roimh scor na Dála.
Deir Fianna Fáil freisin go dtabharfaí tacaíocht don Údarás chun tithíocht a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge sa nGaeltacht, gníomh atá á staidéar ag an Údarás i láthair na huaire.
Thabharfaí ar ais chomh maith Scéim na mBóithre Aise sa Ghaeltacht, scéim faoina gcuirtí maoiniú ar fáil do bhóithre portaigh agus bóithre eile nach mbíonn faoi chúram na n-údarás áitiúil.
Tá roinnt gealltanas maidir leis an nGaeilge sa gcóras oideachais déanta sa bhforógra chomh maith ach is beag acu a bhfuil sprioc luaite leo.
Deirtear, mar shampla, go dtabharfar “tuilleadh deiseanna” do dhaltaí freastal ar Ghaelscoileanna agus ar Ghaelcholáistí ach ní luaitear cén chaoi a mbainfear an sprioc sin amach.
Deirtear chomh maith go gcuirfear le líon na gcúrsaí atá ann chun múinteoirí atá líofa sa nGaeilge a chur ar fáil agus go gcuirfear feabhas ar chaighdeán mhúineadh na Gaeilge trí infheistíocht a dhéanamh in oiliúint múinteoirí.
Gealltar tacaíocht bhreise do scoileanna a ghlacann páirt sa i Scéim Aitheantais na Scoileanna Gaeltachta freisin.
Maidir le cúrsaí craolacháin, deir Fianna Fáil go gcuirfear TG4 san áireamh in aon athchóiriú a dhéanfar ar an gcóras maoinithe don chraoltóireacht seirbhís phoiblí agus go dtabharfar ceadúnais chraolacháin do stáisiún raidió Gaeilge a bheadh dírithe ar an aos óg.
Fág freagra ar 'Geallta ag Fianna Fáil cúraimí na Gaeilge agus na Gaeltachta a leagan ar roinn rialtais nua'