Tá a gcuid gealltanas i dtaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta foilsithe ag Fine Gael mar chuid dá bhforógra toghcháin.
Cé go bhfuil cuid mhaith gealltanas faoin nGaeilge déanta ag an bpáirtí níl ach €1 milliún curtha ar leataobh do chúrsaí teanga as an €9.3 billiún de chaiteachas reatha breise atá geallta sa bhforógra, Securing Your Future, a foilsíodh inné.
I measc na rudaí atá geallta, tá athbhreithniú ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, tuilleadh “neamhspleáchais” do TG4 agus tacaíocht bhreise do bhunú scoileanna lán-Ghaeilge, d’Údarás na Gaeltachta agus do líonraí Gaeilge.
“Tá Fine Gael tiomanta don Ghaeilge a chur chun cinn sa bhaile, san Eoraip agus ar fud an domhain,” a deirtear i Securing Your Future.
“Agus os cionn 70,000 cainteoir laethúil ann, tá an Ghaeilge mar theanga an phobail sna ceantair Ghaeltachta agus glactar léi ag líonraí Gaeilge atá ag fás lasmuigh de theorainneacha traidisiúnta na Gaeltachta.
“Aithníonn Fine Gael go bhfuil riachtanais ar leith ag na pobail Ghaeltachta agus rachaidh Fine Gael i ngleic leo le beartais dhírithe.”
Deirtear san fhorógra go bhfuil tithíocht sa Ghaeltacht “ríthábhachtach” maidir le pobal na Gaeltachta “a choinneáil ag gabháil”.
Deirtear go n-oibreodh Fine Gael le hÚdarás na Gaeltachta, na húdaráis áitiúla agus dreamanna eile “chun soláthar suntasach tithe nua a fháil, agus todhchaí fhadtéarmach na bpobal Gaeltachta a chinntiú”.
I réimse an oideachais gealltar go dtacófar le naíonraí laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht agus leis an tumoideachas i luathbhlianta na mbunscoileanna Gaeltachta.
Thacódh Fine Gael chomh maith, a deirtear, le tuismitheoirí arb é an gaeloideachas a rogha dá bpáistí. Deirtear go ndéanfaí gaelscoileanna agus gaelcholáistí a bhunú “sna ceantair ina bhfuil éileamh ann”.
D’fhorbrófaí chomh maith an clár ‘Seimeastar na Gaeltachta’ le deis a thabhairt do mhic léinn tríú leibhéal staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge sa Ghaeltacht.
Gealltar tacaíocht do na coláistí samhraidh lena chinntiú go mbíonn “traidisiún” na gcoláistí “faoi bhláth” agus thabharfaí tacaíocht bhreise do mhná tí.
Chuirfí “borradh” faoin maoiniú do scoláireachtaí Gaeltachta lena chinntiú nach mbíonn “bac” ar dhaltaí ar mian leo freastal ar chúrsaí samhraidh. Is iad na scoláireachtaí seo an t-aon bheartas teanga san fhorógra a bhfuil airgead curtha ar leataobh ag Fine Gael sa chostáil atá déanta acu ar an gcaiteachas reatha breise atá geallta acu.
€191 milliún atá luaite don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meáin. €1 milliún atá curtha ar leataobh do na scoláireachtaí Gaeltachta.
Chomh maith leis an €9.3 billiún atá geallta ag Fine Gael mar chaiteachas reatha breise tá infheistíocht bhreise chaipitil €18.9 billiún geallta acu. Níl briseadh síos ar fáil don airgead caipitil.
Ar na gealltanais eile atá déanta ag Fine Gael, deirtear go gcinnteofaí go mbeadh príomhstraitéisí, pleananna gnímh agus cáipéisí beartais an stáit ar fáil i nGaeilge agus go n-oibreofaí “i dtreo” gach suíomh idirlín de chuid an stáit a chur ar fáil i nGaeilge.
Gealltar go ndéanfaí athbhreithniú ar an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge 2010-2030.
“Agus an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge ag sroicheadh a ceathrú cuid sa bhliain 2025, glacfaidh Fine Gael an deis seo dul chun cinn a mheas, rath a cheiliúradh agus dul i ngleic le dúshláin go dtí go gcuirtear i bhfeidhm go héifeachtach í,” a deirtear.
D’oibreodh Fine Gael le Foras na Gaeilge, a deirtear, chun líonraí Gaeilge nua a bhunú agus chuirfí maoiniú breise ar fáil chun tacú leo.
Maítear go gcuirfí “acmhainní cearta” ar fáil d’Údarás na Gaeltachta chun go bhféadfadh an eagraíocht an “leibhéal céanna tacaíochta” a chur ar fáil do chomhlachtaí Gaeltachta is a chuireann Fiontraíocht Éireann agus an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail ar fáil “in áiteanna eile”.
Tá mír eile san fhorógra faoin nGaeilge a chur chun cinn sna meáin. Deirtear go dtacófaí leis na meáin Ghaeilge go léir agus go gcuirfí “tuilleadh neamhspleáchais” ar fáil do TG4 lena “sainchúram ríthábhachtach do phobal na Gaeilge, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht” a chur i gcrích.
Maítear san fhorógra go gcinnteofaí go seolfadh RTÉ straitéis nua don Ghaeilge ina leagfaí amach conas a chomhlíonfaidh an craoltóir “a bhfreagrachtaí maidir lena lucht féachana agus éisteachta Gaeilge”.
Tá Fine Gael, a deirtear, ag iarraidh níos mó ábhair i nGaeilge ar ardáin éagsúla RTÉ. Ba mhaith leo chomh maith go mbeadh feasacháin nuachta i nGaeilge gach uair an chloig ar RTÉ News Now.
Maítear go bhfuil beartais teanga Fhine Gael dírithe ar dhaoine a spreagadh chun an Gaeilge a úsáid gach lá, ar thacú le pobal na Gaeltachta agus ar “deiseanna a chruthú do Ghaeilgeoirí ar fud na tíre agus níos faide i gcéin”.
Darren
Ní dhéanfaidh Fine ‘Gall’ aon dath de réir a mbriathair, ní fiú trumpa gan teangaidh a gcuid gealltanais. B’fhearr leofa agus lena leitheid Páirtí an Lucht Oibre go gcuirfí dhon tsaol ar fad an Ghaeilge de réir an méid a fheicimse fhéin uathu.