Deireadh curtha le hathbhreithniú a raibh ceist na Gaeilge éigeantaí lárnach ann

Tuairiscítear go moltar i dtuarascáil 68 leathanach nua ón NCCA go bhféachfaí ar líon na n-ábhar a dhéanann daltaí Ardteiste a laghdú

Deireadh curtha le hathbhreithniú a raibh ceist na Gaeilge éigeantaí lárnach ann

Tá bailchríoch curtha ar athbhreithniú faoin Ardteist a bhí ina ábhar mór imní ag grúpaí Gaeilge agus oideachais ar mór acu stádas na Gaeilge sa chóras oideachais.

Tuairiscítear go moltar sa tuarascáil 68 leathanach a rinne an NCCA go bhféachfaí ar líon na n-ábhar a dhéanann daltaí Ardteiste a laghdú, moladh a d’fhéadfadh impleachtaí a bheith aige do stádas na Gaeilge mar ábhar éigeantach.

Mar chuid den athbhreithniú thug saineolaithe rabhadh láidir do na húdaráis oideachais faoi na himpleachtaí tromchúiseacha a bhainfeadh le hathrú a dhéanamh ar stádas na Gaeilge san Ardteist. 

Beidh na saineolaithe sin ag súil anois gur tugadh cluas éisteachta don rabhadh sin agus gur cuireadh san áireamh é sa tuarascáil athbhreithnithe a chuirfear faoi bhráid an Aire Oideachais go luath.

Caitheadh amhras mór ar stádas na Gaeilge mar ábhar éigeantach sa chéad tuarascáil a d’fhoilsigh an NCCA mar chuid dá n-athbhreithniú ar leagan amach na hArdteiste in 2018. Dúradh go mbeadh ceist na Gaeilge éigeantaí lárnach sa phlé a dhéanfaí san athbhreithniú ar an tsraith shinsearach atá ar bun le ceithre bliana anuas..

Bhí ceist stádas na Gaeilge sa chóras oideachais i lár an aonaigh arís sa tuarascáil eatramhach a chuir an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta amach in 2019.

Dúradh sa tuarascáil sin go raibh “mixed views” faighte ag an NCCA faoinar cheart an Ghaeilge a bheith ina hábhar éigeantach don Ardteist.

San aighneacht a chuir COGG faoi bhráid an NCCA ceistíodh an bhéim a leagadh ar dhearcadh daoine i leith na Gaeilge san athbhreithniú.

San aighneacht a chuir Sealbhú, Lárionad Taighde DCU um Fhoghlaim agus Teagasc na Gaeilge, faoi bhráid an NCCA, tugadh rabhadh láidir gurb é an slad céanna a bheadh i ndán do staidéar na Gaeilge dá ndéanfaí ábhar roghnach di is a tharla i gcás staidéar teangacha i Sasana.

Dúirt lucht Sealbhú gurb ionann an t-aonteangachas agus “neamhlitearthacht an 21ú haois”.

Thagair lucht DCU chomh maith do stádas bunreachtúil na Gaeilge agus dúirt gur chóir go mbeadh “deis mar bhuncheart saoránachta ag daltaí uile na tíre an Ghaeilge a fhoghlaim“.

“A stádas mar chroí-ábhar a chinnteoidh an ceart sin do chách,” a dúradh.

Mhaígh Conradh na Gaeilge ina n-aighneacht siúd go bhfuil an próiseas comhairliúcháin féin “an-bhaolach” mar gheall ar chur chuige “lochtach” an athbhreithnithe i leith stádas na Gaeilge mar chroí-ábhar.

Dúirt Tuismitheoirí na Gaeltachta go gcaillfeadh an Ghaeilge a stádas “sa chóras oideachais ar fad” dá gcaillfeadh sí a stádas sa tsraith shinsearach.

Mar thoradh ar an bplé a spreag an t-athbhreithniú faoi stádas na Gaeilge sa chóras oideachais, gheall an t-iar-aire oideachais Joe McHugh go gcoinneofaí an Ghaeilge mar ábhar éigeantach don Ardteist.

Agus moltaí an NCCA faoin athbhreithniú ar an tsraith shinsearach réidh le cur faoi bhráid an Aire Oideachais Norma Foley, tá ceist curtha ag Tuairisc.ie uirthi an bhfuil sí sásta an gheallúint chéanna a thabhairt faoi stádas na Gaeilge sa chóras is a thug a réamhtheachtaí. 

Fág freagra ar 'Deireadh curtha le hathbhreithniú a raibh ceist na Gaeilge éigeantaí lárnach ann'