‘Mixed views’ faighte ag an NCCA maidir leis an nGaeilge éigeantach

Tá ceist stádas na Gaeilge sa chóras oideachais curtha i lár an aonaigh sa tuarascáil eatramhach atá curtha amach ag NCCA faoin athbhreithniú atá á dhéanamh acu ar leagan amach na hArdteiste

‘Mixed views’ faighte ag an NCCA maidir leis an nGaeilge éigeantach

Tá “mixed views” faighte ag an NCCA faoi ar cheart an Ghaeilge a bheith ina hábhar éigeantach don Ardteist.

Tá ceist stádas na Gaeilge sa chóras oideachais curtha i lár an aonaigh sa tuarascáil eatramhach atá curtha amach ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta faoin athbhreithniú atá á dhéanamh acu ar leagan amach na sraithe sinsearaí.

Deirtear sa tuarascáil nua go bhfuil “go leor” daltaí den tuairim gur chóir ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge agus gur luaigh “roinnt” daltaí a thábhachtaí is atá sé “some exposure to the language for students” a choinneáil.

Deirtear go ndúradh ag seimineáir agus in aighneachtaí ríomhphoist gur chóir dhá ábhar a dhéanamh den Ghaeilge, ceann acu a bheadh éigeantach agus ceann a bheadh roghnach. De réir an mholta seo, spreagfaí suim i labhairt na Gaeilge ach ‘teanga agus cultúr’ na Gaeilge a bheith éigeantach agus litríocht na Gaeilge a bheith ina hábhar roghnach eile.

Dúradh chomh maith in aighneachtaí ríomphoist gur ábhar imní faoi stádas na Gaeilge sa chóras é go bhfuiltear ag cuimhneamh ar líon na n-ábhar don Ardteist a laghdú.

Deirtear gur leag “grúpaí áirithe” béim ar an tábhacht a bhain le stádas na Gaeilge mar ábhar éigeantach agus moladh go dtabharfaí tús áite do líofacht sa teanga seachas foghlaim de ghlanmheabhair. Má thugtar dhá ábhar isteach don Ardteist, mar atá i bhfeidhm don Teastas Sóisearach agus beartaithe don tsraith shinsearach, moladh do lucht an athbhreithnithe  go mbeadh pointí CAO breise ar fáil don dream a thabharfadh faoin gcúrsa níos dúshlánaí a bheadh dírithe ar chainteoirí líofa.

Níl aon athrú ar phort na Roinne Oideachais maidir le ceist seo na marcanna bónais a thabhairt don dara siollabas Gaeilge atá beartaithe a thabhairt isteach don Ardteist an bhliain seo chugainn.

Tá saineolaithe go leor den tuairim gurb é an teip a bheidh i ndán don chúrsa nua Gaeilge do chainteoirí líofa mura mbíonn marcanna breise ar fáil as tabhairt faoi.

De réir tuarascáil eile a chuir an NCCA amach i mbliana,  tá ag teip ar an leagan amach nua ar scrúdú Gaeilge na hArdteiste a tugadh isteach in 2012.

Léirigh tuarascáil taighde eile a rinneadh do COGG nár tháinig aon fheabhas ná aon mheath ar chumas teanga daltaí Ardteiste ó tugadh isteach an cúrsa nua a raibh faoi a chinntiú go mbeadh an Ghaeilge á labhairt i ngach seomra ranga.

Tá sé ina imní anois go bhfuil an baol ann go gcuirfí deireadh le stádas na Gaeilge mar ábhar éigeantach seachas dul i ngleic leis na dúshláin sin.

Méadaíodh ar an imní sin nuair a caitheadh amhras mór ar stádas na Gaeilge mar ábhar éigeantach sa chéad tuarascáil a d’fhoilsigh an NCCA mar chuid dá n-athbhreithniú ar leagan amach na hArdteiste.

Mar chuid den tuarascáil sin, rinneadh suirbhé i measc daltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí chun a dtuairimí a fháil faoi scrúdú na hArdteiste agus údar imní a bhí i gcuid dá raibh sa tuarascáil chéanna do dhaoine atá buartha faoi impleachtaí an athbhreithnithe do stádas na Gaeilge sa chóras oideachais.

Dúradh sa tuarascáil sin go raibh “frustrachas” ar dhaltaí mar gurb éigean dóibh ábhair áirithe á dhéanamh agus gurbh í an Ghaeilge an t-ábhar is mó a luadh sa phlé sin faoinar cheart d’aon ábhar a bheith ina ábhar éigeantach don Ardteist.

Bhí tagairt sa chéad tuarascáil do na tuairimí dearfacha a léirigh roinnt daoine faoi thábhacht na Gaeilge féin, ach má léirigh aon duine an tuairim gur cheart go mbeadh an Ghaeilge ina hábhar éigeantach, níor foilsíodh aon sampla den dearcadh sin.

Próiseás comhairliúcháin poiblí atá sa triú cuid den athbhreithniú ar leagan amach na hArdteiste agus tá go dtí an 1 Samhain ag daoine aighneachtaí a chuir chuig an NCCA.

“Is léir ón athbhreithniú go dtí seo go bhfuil gá le hathrú agus ag an am céanna le bun-neart na sraithe sinsearaí atá againn faoi láthair a choinneáil. Níl aon chinneadh déanta fós faoi nádúr, luas ná scóip an athraithe sin. Beidh sé sin níos soiléire ón athbhreithniú agus déanfar é a chíoradh le linn céim a trí, an comhairliúchán poiblí,” a deirtear sa tuarascáil eatramhach atá díreach foilsithe ag an NCCA.

Fág freagra ar '‘Mixed views’ faighte ag an NCCA maidir leis an nGaeilge éigeantach'

  • Ben Mac Lochlainn

    Tá sé tábhachtach go bhfágfaí an Ghaeilge mar ábhar éigeantach sa rang scoile. Is féidir le dálta cibé ruda ar mhaith leis nó léi a dhéanamh léi, a dhéanamh, nuair a fhagann sé nó sí scoil. Ach, ní mór go gcuirtear iad i dteagmháil leis an Ghaeilge ar dtús sa scoil, go dtugtar an deis dul i dteagmháil leis an teanga. Má thugann tú rogha do dhaoine í a fhoghlaim nó gan í a fhoghlaim – muise, tá a fhios agat tú féin…. Ag an aois óg sin ní dóigh liom go mbéadh tuiscint ar thábhacht na Gaeilge ag mórán. Féach ar a tharla i Sasana nuair a rinneadh múineadh teangacha iasachta, ina n-ábhar roghnach.

  • Colin Ryan

    Is iondúil nach-éiríonn le múineadh teanga ar bith mura bhfuil (1) fíorspéis ag an múinteoir sa teanga agus é i gcumas an spéis sin a chur in iúl agus (2) curaclam fíortharraingteach ann. Is é an chéad choinníoll is tábhachtaí. Is dócha go bhfuil múinteoirí dá leithéid gann i dtaca le Gaeilge de agus go mbeidh go deo. Níl leigheas air. Uaireanta is fiú cluas a thabhairt do na daltaí.