Amhras mór caite ar stádas na Gaeilge mar ábhar éigeantach i dtuarascáil de chuid an NCCA

Tá ceist na Gaeilge éigeantaí go mór sa treis sa chéad tuarascáil atá foilsithe ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta mar chuid d’athbhreithniú ar struchtúr na hArdteiste

Amhras mór caite ar stádas na Gaeilge mar ábhar éigeantach i dtuarascáil de chuid an NCCA

Caitear amhras mór ar stádas na Gaeilge mar ábhar éigeantach sa chéad tuarascáil atá foilsithe ag an NCCA mar chuid dá n-athbhreithniú ar leagan amach na hArdteiste.

Mar chuid den tuarascáil nua rinneadh suirbhé i measc daltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí chun a dtuairimí a fháil faoi scrúdú na hArdteiste agus údar imní a bheidh i gcuid dá bhfuil sa tuarascáil chéanna do dhaoine atá buartha faoi impleachtaí an athbhreithnithe do stádas na Gaeilge sa chóras oideachais.

Meastar go gcuirfidh an t-athbhreithniú de chuid na Roinne Oideachais agus na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ceist na Gaeilge éigeantaí i lár an aonaigh athuair agus is beag atá sa chéad tuarascáil a bhréagnódh an tuairim sin.

Deirtear sa tuarascáil go raibh “frustrachas” ar dhaltaí mar gurb éigean dóibh ábhair áirithe á dhéanamh agus gurbh í an Ghaeilge an t-ábhar is mó a luadh sa phlé sin faoinar cheart d’aon ábhar a bheith ina ábhar éigeantach don Ardteist.

Tugtar dhá shampla sa tuarascáil den ‘fhrustrachas’ sin agus den mheon nach bhfuil fiúntas ag baint le hábhair áirithe.

It’s strange how they’re mandatory even though they’re the least useful subjects that you’re gonna do in school, because you’re never gonna need English, Irish, or maths unless you’re, like, becoming, like, a mathematician or an Irish historian, but you are gonna need the other ones, even though they’re not mandatory. (Boys, non-DEIS)

They’re teaching you stuff that you won’t need, like, you might not need, and it’s useless and you know, like, what you want to be — and then you won’t, like, be doing anything about it…Like, some of the stuff they teach you in school, you’re not gonna use, like, when you grow up. And they don’t really teach you anything that you will use when you leave school.

Deirtear sa tuarascáil freisin gur thug thart ar 25% de na scoileanna a ghlac páirt sa taighde le fios gur chóir líon na n-ábhar a dhéantar don Ardteist a laghdú.

Thart ar 25% a thug le fios chomh maith nár cheart d’aon ábhar a bheith éigeantach “as some students struggled with the ‘core’ subjects”.

Tugtar dhá shampla in Senior Cycle Review: Analysis of discussions in schools on the purpose of senior cycle education in Ireland  mar léiriú ar an dearcadh sin.

I am not sure I agree with core subjects for LC at all. If nobody wants to study Irish, why do they have to? If a person hates Maths or English, why do they have to continue with it? I think this is worth debating now, as it is unlikely that LC will be changed again at any point soon. The school experience is much better in subjects that the students actually have an interest in. (Boys, DEIS)

Forcing students to continue with subjects they have no interest in or talent for is not constructive. (Coeducational, DEIS)

Tugtar suntas sa tuarascáil freisin do dhaltaí a labhair amach “go láidir” i gcoinne na Gaeilge éigeantaí agus deirtear gur bhraith na daltaí sin “that they should be allowed to pick subjects that they feel will be useful to them in the future”.

Tugtar sampla den mheon sin sa tuarascáil:

If someone doesn’t want to do Irish, I don’t think they should be forced to, like — I personally — I don’t know Irish, but just, like, from people in my class that I know, that I talk to, they don’t like Irish. And they said they’re, like, sitting there and they’re not listening because they don’t want to do it and they could be doing some other subject that was beneficial to them. Like, do you know? I just think it should be optional.” (Girls, non-DEIS)

Tugtar sampla chomh maith de thuairimí daltaí eile “[who] raised the issue of compulsory Irish at senior cycle suggesting that students should have a choice as to whether they do Irish as an exam subject”.

They should make it non-compulsory… because there’s other students who are not good at Irish, so, it’s easier for them to get on well in the Leaving Cert. Because apparently more people speak Polish than Irish in Ireland, so, they need to be changed here. (Boys, non-DEIS)

Chuir daltaí eile in iúl gur bhain “frustrachas” le bheith ag foghlaim dánta Gaeilge ‘de ghlanmheabhair’ agus dúirt siad gurbh fhearr leo dá mbeadh béim níos mó ar an nGaeilge labhartha:

I don’t see the point of learning off poems and stories. It’s about keeping the language alive. I know it’s our native language. It should be more speaking the language — getting to know verbs, tenses, all that — but I don’t see the point of learning poems. (Coeducational, non-DEIS)

Deirtear gur thrácht daltaí eile ar an tábhacht a bhain le deis a thabhairt dóibh taitneamh a bhaint as foghlaim na Gaeilge, seachas an teanga a bheith mar “another source of pressure for the exam”. Tugtar sampla chomh maith den dearcadh sin sa tuarascáil:

I wouldn’t be able to go out and speak — like, have a conversation with someone in Irish and I think that needs to be emphasised more because, it’s — like, it’s so important in the country, to keep it alive and I think it’s put — there’s so much pressure put on it in, like, you’re learning poetry and essays and stuff like that whereas, it should be — enjoy it, like, you should be enjoying the subject because it’s, like, part of who we are. (Girls, non-DEIS)

Seachas na dtuairimí dearfacha sin faoi thábhacht na Gaeilge féin, má léirigh aon duine an tuairim gur cheart go mbeadh an Ghaeilge ina hábhar éigeantach, níl aon sampla den dearcadh sin tugtha sa tuarascáil.

Cuirfear na tuairimí a léirítear sa tuarascáil seo san áireamh agus cinneadh á dhéanamh amach anseo faoi chóras na hArdteiste a leasú.

Tá sé i gceist scagadh níos mó a dhéanamh ar na téamaí a tháinig chun tosaigh sa tuarascáil “around the appropriate structure of the senior cycle curriculum” sa chéad chuid eile den phróiseas comhairliúcháin atá ar bun ag an NCCA mar chuid dá n-athbhreithniú ar struchtúr na Ardteiste.

Beidh ceist na Gaeilge éigeantaí lárnach sa phlé sin, de réir chonclúid na tuarascála:

Many teachers, students and parents emphasised the need for more flexibility in course offering at senior cycle through the provision of short courses and/or through providing a broader range of subjects which foster practical or creative skills. Allied to this, many parents and students argued against having compulsory subjects at senior cycle level, feeling that young people should be free to select subjects which best suit their interests and abilities. A significant minority of each group argued that students should be required to take fewer senior cycle subjects or that the content of courses should be reduced in volume in order to relieve time pressure and provide greater opportunities for more engaging approaches to learning. Many of the issues around the appropriate structure of the senior cycle curriculum will be explored in greater detail in the second cycle of the consultation process.

Fág freagra ar 'Amhras mór caite ar stádas na Gaeilge mar ábhar éigeantach i dtuarascáil de chuid an NCCA'

  • Teanga Siombalach Oidhreachta

    Níl ceantar amháin ina aon bhaile mór sna 26 contae ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt mar ghnáth-theanga. Cloistear Pólannais ar na sráideanna ar fud na háite agus gan ach 120,000 acu sa Stát. Ní cloistear an Ghaeilge.

    Teanga siombalach oidhreachta is ea an í an Ghaeilge sna 26 condae; díreach ar nós mar a bhíodh an Laidin san eaglais. Tugann Alt 8.2 de “Constitutuion of Ireland” cead iomlán dúinn an Stát a reachtáil tré Bhéarla rud atá déanta againn ón tús. Cén fáth an Ghaeilge a bheith éigeantach ar scoil nuair nach bhfuil feidhm praiticiúil ag an teanga i ngnáthshaol dhaoine óga?

  • Risteárd

    Táimse ag foghlaim Gaeilge, agus cé go bhfuil sé fíor nach bhfuil sé furasta deis a fháil Gaeilge a labhairt, feictear domsa go bhfuil sé tábhachtach an teanga a chosaint agus an áit atá aici sa chóras oideachais a neartú. Mura mbeadh an Ghaeilge éigeantach, nach rachadh sí ar gcúl níos luaithe, agus nach mbeadh Éire ach mar Alba maidir leis a teanga Ceilteach? Mura bhfuil ach céatadán de na daltaí ag dul ar aghaidh chun éirí líofa, is soiléir go gcaillfí an céatadán sin, nó cuid dó, mura mbeadh an Ghaeilge éigeantach. An rud is fearr, ar ndóigh, bheadh níos mó scoileanna mar atá an Ghaeilge fíor-thábhachtach. Mar atá an scéal faoi láthair, tá easpa Gaelscoileanna in Éirinn, agus deirtear go gcaithfidh na scoileanna sin daltaí a dhiúltú de bhrí easpa áiteanna. Nuair a tugtear oideacheas trí mheán na Gaeilge, tá níos mó ná ábhar staidéir agus is féidir leis na daltaí baint úsáid asti.

  • Mártan Ó Náraigh

    An ceart ag Teanga Siombalach Oidhreachta. Níl áit amháin sna 26 contae ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt mar ghnáth-theanga. Agus ní beidh go deo. Teanga cultúrtha is ea an Ghaeilge agus thar am duinn glacadh le seo. Níl fáth ar bith an Ghaeilge a bheith éigeantach ar scoil nó in aon áit eile.

  • Antoin Daltún

    “Thug 25% le fios” agus an 75% eile?

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    1. Ní gá ach breathnú ar an tubaiste atá ag titim amach i Sasana maidir le teangacha i gcoitinne tar éis don Roinn Oideachais agus Eolaíochta thall ligint do scoileanna ábhair roghnacha a dhéanamh díobh ag leibhéal an GCSE. Tháinig laghdú drámatúil i líon na scoláirí a roghnaíonn teangacha ó 78% i 2001 go 58% i 2005, agus tá sé ag laghdú leis i gcónaí.

    2. Is iad na fáthanna is mó a dúirt daltaí scoile i Sasana nár roghnaigh siad teangacha ná:
    a. Go mbíonn bac ar roghanna áirithe agus bíonn teangacha in iomaíocht le hábhair eile go mbíonn tóir mhór orthu (m.sh. bíonn teangacha in iomaíocht le bitheolaíocht do dhalta ag iarraidh leighis a dhéanamh, nó bíonn teangacha in iomaíocht le fisic do dhalta ag iarraidh innealtóireachta a dhéanamh, srl.)
    b. Go mbíonn an tuairim ag daltaí go bhfuil teangacha deacair mar ábhair i gcomparáid le roghanna eile
    Dá gcuirfí an moladh i bhfeidhm is cinnte go mbeadh an toradh céanna le feiceáil anseo in Éirinn ó thaobh líon na ndaltaí ag staidéar na Gaeilge don Ardteist, agus chuirfí deireadh le múineadh na Gaeilge don Ardteist go huile agus go hiomlán i scoileanna áirithe.

    3. Is céim siar a bheadh i gceist dá gcuirfí an polasaí seo i bhfeidhm, ní hamháin ó thaobh mhúineadh na Gaeilge de ach ó thaobh múineadh teangacha de trí chéile. Tá sé seo i gcoinne polasaí Chomhairle na hEorpa agus an Aontais Eorpaigh go mbeidh ardchumas ag gach saoránach i dtrí theanga.

    4. Féách an méid a deir An tOllamh David Little in ‘The future of languages in Irish education: policy, curriculum, pedagogy’

    “We could make it optional for Leaving Certificate; and after a few years we might come to think that it should be optional for Junior Certificate too; and after that – well, what’s the point of bothering with compulsory Irish at primary level, if it’s going to be taken only by a tiny minority at second level? If we follow this path, we may well find that by the end of this decade Ireland has sold its linguistic birthright and staked its entire future – cultural, political, economic – on the continuing international dominance of English. On the other hand, we can respond by taking seriously the linguistic challenge of the European project; recognizing that Irish belongs not just to Ireland’s but to Europe’s linguistic heritage; taking note of the empirical fact that the more languages you learn, the easier it becomes; insisting that Ireland’s membership of Europe requires us to make foreign language learning a compulsory part of schooling; and seeking ways of achieving more effective learning outcomes. This kind of response requires political commitment and a coherent national effort leading to a language education policy capable of generating an integrated language curriculum that in turn can facilitate pedagogical reform.”

  • Risteárd

    Nach mbeadh níos oriúnaí feacháint ar pholasaithe teanga tiortha mar Thír na mBascach agus an Chatalóin mar atá teanga duchais in iomaíocht le teangacha móra eile, Spáinnis agus Bearla ina measc, seachas aithris a dhéanamh ar Sasana? https://en.m.wikipedia.org/wiki/Basque_education_system An bhfeiceann na hÉireannaigh iad féin mar chineál Shasanaigh? Tá an Bhreatnais éigeantach suas go dtí 14 d’aois, ach is fíor go bhfuil cuid de na Sasanaigh agus baill UKIP ag déanamh cáineadh ar sin. Ní féidir praghas a chur ar oidhreacht chultúrtha.

  • Liam Ó Raifeartaigh

    Tá dóigheann éagsúla ann chun stádas a léiriú. Faoi láthair is ionann stádas na Gaeilge agus í bheith éigeantach san Ard-Teist, agus an an Ard-Leibhéal go minc. An leagan reatha den stádas níl ag éirí leis mórán maitheasa a dhéanamh don Ghaeilge sa tír i gcoitinne. Tá gach cuma ar an scéal nach bhfuil an stádas reatha seo oiriúnach le haghaidh chur chun cinn na teanga agus, tar éis an tsaoil, nach é sin an cuspóir atá againn. Dá bhrí sin, shílfeá go gcaithfear athrú éigin a dhéanamh ar an scéal agus i ndáiríre gur chóir do Ghaeilgeoirí díograiseacha a bheith ar thús cadhnaíocht san iarracht sin. Ach a mhalairt atá fíor!
    Ar ndóigh tá cúis mhaith leis an paradacsa seo , ie eagla ar dhaoine gur in olcas a rachaidh an scéal má athraítear an córas. Tá an dearcadh sin intuigthe go maith. Aon athruithe a dhéanfar ní mór gach gné den cheist a láimhseáil agus a bhainistiú go stuama agus go cúramach ó thus an phróisis go dtí an deireadh.
    Mo bharúil féin nach cóir Gaeilge na hArd-Teiste a bheith éigeantach do gach duine. Dóibh siúd nach mbeadh sí éigeantach, áfach, chuirfí cúrsa agus scrúdú eile ar fáil nach mbeadh chomh dian céanna leis an AT. Bheadh leibhéil éagsúla ann ach fiú an leibhéal is ísle bheadh caighdeán sách maith i gceist ann.

  • Grá nó Éigeantas

    @Daithí
    Maidir leis an “political commitment” a luann David Little atá ag teastáil chun an Ghaeilge a choinneáil éigeantach sna scoileanna nach é an Béarla an coimitmint is mó agus an “selling point” is mó atá againn sna 26 contae dar leis an IDA, dar le hIBEC agus dar le polaiteoirí agus státchóras na hÉireann fré chéile?

    Chun an Gaeilge éigeantach sna scoileanna a chosaint ní leor mar argóint an tacaíocht a d’fhéadfadh (más fíor) an polasaí éigeantais seo a thabhairt do foghlaim teangacha eile sa gcóras oideachas. Ní mhaolóidh argóint tanaí mar sin an doicheall a bhíonn ar go leor daltaí scoile roimh fhoghlaim na Gaeilge. Ná ní mhaolóidh argóint mar sin an strus atá ar múinteoirí Gaeilge go bhfuil urthu ar bhonn laethúil do bheith ag láimhseáil an fhearg a bhíonn ar sciar mhaith dá ndaltaí sna chúlbhinsí go bhfuil am scoile á chur amú acu le hábhar gur fuath leo.
    Cén fáth leanúint orainn do bheith ag brú foghlaim na Gaeilge ar na daoine óga sin gur fuath leo an teanga?