An ‘bhagairt is mó’ le blianta don Ghaeilge éigeantach ar na bacáin

Cé nach bhfuil an t-athbhreithniú ar an tsraith shinsearach atá ar bun ag an NCCA ach ina thús go fóill, tá ceist na Gaeilge éigeantaí go mór sa phlé faoina bhfuil i ndán don Ardteist

An ‘bhagairt is mó’ le blianta don Ghaeilge éigeantach ar na bacáin

Tá an bhagairt is mó le blianta fada do stádas na Gaeilge sa chóras oideachais ar na bacáin, dar le foinsí atá ag plé leis an oideachas Gaeilge.

Baineann an bhagairt seo le hathbhreithniú atá ar bun ag an Roinn Oideachais agus an Chomhairle Náisiúnta um Churaclaim agus Measúnachta, an NCCA, ar chóras na hArdteiste, athbhreithniú a chuirfidh ceist na Gaeilge éigeantaí i lár an aonaigh athuair.

Cé nach bhfuil an t-athbhreithniú ach ina thús go fóill, tá ceist na Gaeilge éigeantaí go mór sa treis sa phlé cheana féin agus deir daoine atá ag plé leis an oideachas Gaeilge go bhfuil trí bhagairt shoiléir i gceist do stádas na teanga.

I measc na nithe atá á bplé mar chuid den athbhreithniú ar an tsraith shinsearach, tá go laghdófaí líon na n-ábhar a chaitear a dhéanamh don Ardteist, athrú a mbeadh impleachtaí móra aige do stádas na Gaeilge sa chóras.

Anuas air sin, tá plé le déanamh faoi rogha iomlán a thabhairt do dhaltaí na hArdteiste maidir leis na hábhair a shocraíonn siad a dhéanamh sa tsraith shinsearach, moladh eile a bheadh ina chontúirt shoiléir do stádas na Gaeilge ó tharla gurb í an Ghaeilge an t-aon ábhar atá éigeantach ar chúrsa na hArdteiste.

Is é an tríú bagairt don Ghaeilge ná an plé atá ar siúl mar chuid den athbhreithniú faoi rogha ábhar i bhfad níos mó a thabhairt do dhaltaí na hArdteiste ar mhaithe le béim níos mó a chur ar ábhair phraiticiúla agus ar an ngairmoiliúint seachas ar ábhair acadúla amháin.

“Tá sé simplí go maith – má tá níos lú ábhar le déanamh agus níos mó ábhar le tairiscint, caithfear rud éigin a ghéilleadh. Agus má léann tú idir na línte, tá sé soiléir cheana go bhfuil stádas na Gaeilge mar ábhar éigeantach go mór san áireamh san athbhreithniú. Is gá leasú a dhéanamh ar an gcóras ach tá an baol ann gurb í an Ghaeilge a bheidh thíos leis,” a dúirt duine amháin a bhfuil cur amach aige ar an athbhreithniú.

Dar le lucht oideachais a labhair le Tuairisc.ie, is measa an chontúirt don Ghaeilge i bhfianaise an athbhreithnithe eile atá á dhéanamh faoi láthair ar chóras dhíolúine na Gaeilge.

“Tá tú ag caint ar dhá athbhreithniú agus dhá phróiseas comhairliúcháin phoiblí sa bhliain amach romhainn ina dtiocfaidh ceist na Gaeilge éigeantaí aníos mar ábhar mór díospóireachta. Bí cinnte de go mbeidh an Ghaeilge faoi ionsaí ón dá thaobh,” a dúirt duine atá ag plé ag leibhéal sinsearach leis an oideachas Gaeilge le Tuairisc.ie.

Cé go bhfuiltear ann a chreideann gur chun leas na Gaeilge é dá mbeadh sí ina hábhar roghnach don Ardteist, dar le formhór saineolaithe gur bhuille tubaisteach a bheadh ann don teanga mar nach bhféadfaí talamh slán a dhéanamh de go mbeadh an deis ag cách an Ghaeilge a roghnú.

Meastar gurbh amhlaidh go dtiocfadh titim mhór ar líon na ndaltaí a roghnódh an Ghaeilge a dhéanamh agus, de réir a chéile, nach mbeadh an rogha sin ar fáil do gach dalta.

Féachtar chomh maith ar stádas na Gaeilge sa chóras oideachais mar cheann den bheagán comharthaí go dtugann an Stát aitheantas di mar theanga náisiúnta fós.

De réir phobalbhreith náisiúnta a rinne Millward Brown do Tuairisc.ie in 2014, bhí formhór an phobail ag iarraidh go mbeadh ar dhaltaí na hArdteiste staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge mar ábhar riachtanach.

Seanchnámh spairne is ea ceist na Gaeilge ‘éigeantaí’ ach ní raibh an t-ábhar chomh mór sin i mbéal an phobail ó aimsir fheachtas olltoghcháin 2011, nuair a mhol Enda Kenny go gcuirfí deireadh le riachtanas staidéar na Gaeilge don Ardteist. 

Fág freagra ar 'An ‘bhagairt is mó’ le blianta don Ghaeilge éigeantach ar na bacáin'

  • Béarla Roghnach

    Teastaíonn díospóireachtaí phoiblí dhátheangacha faoi cheist na Gaeilge éigeantaí i meánscoileanna na 26 condae. B’fhearr go dtosódh na díospóireachtaí seo sna coláistí triú leibhéal seachas i nDáil Éireann nó ar Yates-Cooper.
    Aon duine amuigh ansin ó USI, Labour Youth, Young Fine Gael, Misneach, Feachtas srl…….?

  • rossa ó snodaigh

    Nár chóir dúinn bheith ag rá go mbfhearr gur ábhar roghnach a bheadh sa Bhéarla mar go bhfuil sé sin líofa ag chuile dhuine sa tír?

  • donncha Ó hÉallaithe

    In áit a bheith ag iarraidh an Ghaeilge a choinneál mar ábhar ‘éigeantach’ san Ardteist, feictear domsa gur mó tairbhe don Ghaeilge dá mbeadh an áthar tarraingteach seachas éigeantach. Bealach amháin le é a dhéanamh tarraingteach isea poinntí breise a bhronnadh ar Ghaeilge agus ar Bhéarla san Ardteist, mar gur mó i bhfad an méad oibre a bhíonn le déanamh ag daltaí sna hábhair sin. Ansin go mbeadh sciar suntasach de na postanna sa státchóras coinnithe do dhaoine atá ina ann a gcuid oibre a dhéanamh sa dá theanga.

    Bheadh níos lú daoine ag déanamh Gaeilge san Ardteist ach nuair is cur amú ama a bheith ag teagasc Gaeilge do dhaoine nach bhfuil ag iarraidh í a fhoghlaim, d’fhéadfaí díriú ar an dream atá ag iarraidh í a fhoghlaim.

    Níl an éigeantas ag obair sa mhéad is gur beag Gaeilge a bhíonn ag formhór na ndaoine a thógann Gaeilge san Ardteist agus níl an ag éirí leis an gcóras oideachais ár ndóthain cainteoirí maithe Gaeilge a sholáthar.

    Anois an t-am le géilleadh stráitéiseach a dhéanamh, in áit a bheith cosantach ar ‘éigeantas’ nach gcothaíonn ach siniciúlacht, naimhdeas agus íseal brí i measc múinteoirí Gaeilge.

  • Colin Ryan

    Mar dhuine nach Éireannach é, cuirim an cheist seo: Cá mhéad duine a tháinig amach as an Ardteist agus lé acu leis an nGaeilge? An ceart ag Donncha, a déarfainn.