Creideann 55% den phobal nár cheart aon athrú a dhéanamh ar stádas na Gaeilge mar ábhar ‘éigeantach’ don Ardteist.
De réir phobalbhreith náisiúnta Tuairisc.ie/Millward Brown, tá formhór an phobail ag iarraidh go mbeadh ar dhaltaí na hArdteiste staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge mar ábhar riachtanach.
Bhí na mná a ceistíodh mar chuid de phobalbhreith Tuairisc.ie/Millward Brown go láidir ar son na Gaeilge eigeantaí.
Dúirt 58% de mhná gur cheart go bhfanfadh an Ghaeilge mar ábhar éigeantach.
I measc na ngrúpaí eile a thacaigh go láidir le stádas na teanga ar churaclam na hArdteiste, bhí daoine idir 45- 54 bliain d’aois, ar thacaigh 60% acu leis an nGaeilge éigeantach.
Bhí daoine atá go maith as, nó ABs, (62%) go láidir ar son na Gaeilge eigeantaí chomh maith, mar a bhí daoine a bhfuil conaí orthu i gcúige Chonnacht agus i gcúige Uladh (62%).
Bhí 34% díobh siúd a ghlac páirt i bpobalbhreith Tuairisc.ie/Millward Brown ag iarraidh go gcuirfí deireadh leis an nGaeilge mar ábhar éigeantach don Ardteist.
9% de dhaoine a thug le fios go raibh said idir dhá chomhairle faoin scéal agus dúirt 2% de na rannpháirtithe nach raibh aon tuairim acu faoin scéal.
B’iad daoine óga idir 15-17 bliain d’aois ba mhó a bhí ag iarraidh deireadh a chur leis an nGaeilge ‘éigeantach’.
Thug 44% den ghrúpa seo le fios go mb’fhearr leo fáil réidh leis an nGaeilge mar ábhar éigeantach don Ardteist, cé gur sampla níos lú daoine a bhí i gceist i gcás an ghrúpa seo.
38% de dhaoine idir 35-44 bliain d’aois agus 38% de dhaoine idir 55-64 bliain d’aois a bhí i gcoinne na Gaeilge eigeantaí.
Bhí an líon daoine a bhí ag iarraidh fáil réidh leis an nGaeilge mar ábhar éigeantach níos airde ná an meán i mBaile Átha Cliath chomh maith (38%).
Bhí sampla níos lú i gceist leis an ngrúpa daoine idir 15-17 bliain d’aois.
Seanchnámh spairne is ea ceist na Gaeilge éigeantaí agus bhí an t-ábhar go mór i mbéal an phobail le linn fheachtas olltoghcháin 2011, nuair a mhol Enda Kenny go gcuirfí deireadh le héigeantacht na Gaeilge don Ardteist.
Cháin na páirtithe eile ceannaire Fhine Gael agus ní raibh aon radhrac ar a pholasaí conspóideach sa chlár rialtais a d’aontaigh a pháirtí le páirtí an Lucht Oibre tar éis an toghcháin