Athrú ar bith ar phort na Roinne Oideachais maidir le marcanna bónais don dara siollabas Gaeilge

Thug an tAire Oideachais Joe McHugh le fios i bhfreagra ar cheist Dála nach bhfuil marcanna breise san áireamh sa phlé atá á dhéanamh ar an gcúrsa nua Gaeilge do chainteoirí líofa atá beartaithe don Ardteist

Athrú ar bith ar phort na Roinne Oideachais maidir le marcanna bónais don dara siollabas Gaeilge

Níl aon athrú ar phort na Roinne Oideachais maidir le marcanna bónais a thabhairt don dara siollabas Gaeilge atá beartaithe a thabhairt isteach don Ardteist an bhliain seo chugainn.

Tá saineolaithe go leor den tuairim gurb é an teip a bheidh i ndán don chúrsa nua Gaeilge do chainteoirí líofa mura mbíonn marcanna breise ar fáil as tabhairt faoi.

Ach thug an tAire Oideachais Joe McHugh le fios i bhfreagra ar cheist Dála nach bhfuil marcanna breise san áireamh sa phlé atá á dhéanamh ar an gcúrsa nua.

Dúirt McHugh gurb amhlaidh go mbeadh aon spreagadh a thabharfaí do dhaltaí tabhairt faoin gcúrsa nua ag teacht leis an méid atá luaite leis sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta.

Ní luaitear marcanna bónais a bheag nó a mhór sa pholasaí sin, locht a fuarthas ar an gcuid sin den pholasaí nuair a foilsíodh é.

Deirtear sa pholasaí go gcuirfear ceangal ar scoileanna Gaeltachta an cúrsa nua a chur ar fáil dá gcuid scoláirí agus spreagadh a thabhairt dóibh tabhairt faoi.

Gealltar go dtabharfar bearta isteach chun an spreagadh sin a thabhairt do scoláirí ach ní luaitear ar na bearta sin ach scéim sparántachta tríú leibhéal do dhaltaí a bhaineann grád áirithe amach sa chúrsa nua agus an cúrsa nua a bheith riachtanach do chúrsaí áirithe ‘Gaeilge’ ag an tríú leibhéal.

Meastar nach leor sin mar spreagadh chun a chur ina luí ar scoláirí tabhairt faoi chúrsa Gaeilge níos dúshlánaí go háirithe nuair atá pointí arda le fáil go héasca ag cainteoirí líofa ar an gcúrsa mar atá.

Tá COGG ar cheann de na heagrais oideachais a bhfuil amhras mór orthu faoi rath an chúrsa nua cheal luach saothair a bheith le fáil as. Chuir Cathaoirleach COGG Dónal Ó hAiniféin an t-amhras sin in iúl ag cruinniú de choiste Oireachtais le déanaí.

“Tá an-imní curtha in iúl ag COGG faoin obair atá tosaithe ar shonraíochtaí nó siollabais nua do Ghaeilge na hArdteiste, áit a mbeidh cúrsa éagsúil ann do na scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge, nó na scoileanna T1 mar a thugtar orthu. Beidh an tsonraíocht T1 níos dúshlánaí ach ní léir go bhfuil aon phlean ann buntáiste breise ar bith a bheith ann dóibh siúd a thugann faoi, mar atá ann faoi láthair don Mhata Ardleibhéil,” arsa Dónal Ó hAiniféin.

Deirtear i dtaighde a rinne Lárionad Gaeilge Ollscoil Mhá Nuad faoi chúrsa Gaeilge na hArdteiste gur ceist mhór í ceist an éilimh a bheidh ar an gcúrsa nua Ardteiste do scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.

“An féidir nach mbeidh fonn ar dhaltaí tabhairt faoin scrúdú is dúshlánaí mura bhfuil buntáiste breise ann dóibh?” a fhiafraítear sa tuarascáil Leasuithe ar Scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta: Anailís ar a dTionchar.

Tá an dara siollabas Gaeilge don Ardteist á éileamh le fada an lá. Tá saineolaithe oideachais éagsúla den tuairim go dteastaíonn dúshlán níos mó ó chainteoirí dúchais agus cainteoirí líofa eile má táthar chun forbairt a dhéanamh ar a scileanna teanga.

Cúrsa atá á éileamh a mbeadh an dúshlán agus an fhorbairt phearsanta chéanna ag baint leis is a bhaineann, mar shampla, leis an siollabas ardleibhéil Béarla.

Fág freagra ar 'Athrú ar bith ar phort na Roinne Oideachais maidir le marcanna bónais don dara siollabas Gaeilge'

  • Sibéal

    Píonós seachas buntáiste a bheidh sa gcúrsa nuaT1 Ghaeilge. Tá córas na bpoinntí comh tábhachtach sin nach mbeidh daltaí meánscoileanna Gaeltachta agus Gaelcholáistí sásta tabhairt faoin chúrsa T1 mura bhfuil bónas ag dul leis.
    Tá dul amú mór ar an Roinn Oideachais agus Scileanna. Bíonn poinntí bónais ag Mata Ardleibhéal.

  • Seán Ó Riain

    Ana-chuid oibre breise agus gan faic dá bharr!! Dar leo gur bobarúin iad lucht na Gaeilge?

  • Pól Ó Braoin

    Céard a bhéarfadh ort tabhairt faoin gcúrsa “níos dúshlánaí” agus lucht an chúrsa éasca ag fáil na marcanna céanna! Chaithfeá a bheith as do mheabhair cheapfainn féin…

  • Caoimhín

    Bá cheart don rialtas an cúrsa a chur ar fáil mar ábhar breise cosúil le mata feidhmeach.