Ag ‘teip’ ar an tsraith pictiúr agus cúrsa Gaeilge nua na hArdteiste – tuarascáil NCCA

Is beag difríocht in aon chor a rinne an t-athrú mór a rinneadh ar scrúdú Gaeilge na hArdteiste in 2012 ar chaighdeán Gaeilge labhartha nó scríofa na ndaltaí

Ag ‘teip’ ar an tsraith pictiúr agus cúrsa Gaeilge nua na hArdteiste – tuarascáil NCCA

Tá ag teip ar an leagan amach nua ar scrúdú Gaeilge na hArdteiste a tugadh isteach in 2012, de réir tuarascáil nua ón NCCA.

Bhí gleo mór faoin scrúdú leasaithe a tugadh isteach an bhliain sin agus go háirithe faoin gcinneadh go mbeadh 40% de na marcanna ag dul feasta don scrúdú cainte, athrú a mhaígh an tAire Oideachais ag an am Mary Hanafin a chuirfeadh ‘beocht’ sa teanga.

Ach i bhfianaise thaighde nuafhoilsithe a choimisiúnaigh Comhairle Náisiúnta Curaclaim is Measúnachta is beag difríocht in aon chor a rinne an cur chuige nua do chaighdeán Gaeilge daltaí Ardteiste.

Ní hamháin sin ach, deirtear sa tuarascáil, nach aon dúshlán an scrúdú cainte nua do scoláirí a bhfuil Gaeilge mhaith acu cheana féin agus gurb amhlaidh go bhféadfadh “tionchar diúltach amach is amach” a bheith ag an scrúdú céanna ar scoláirí atá lag ó thaobh na teanga.

In ainneoin gurbh í an phríomhaidhm a bhí leis an athrú béim níos mó a chur ar labhairt na Gaeilge agus ar an teanga ‘mar áis chumarsáide’, is amhlaidh gurbh é an toradh a bhí air ná gur lú comhrá a dhéantar ag an scrúdú cainte anois agus gur teoranta go mór an comhrá sin seachas mar a bhíodh.

Maítear sa taighde a rinneadh mar chuid d’athbhreithniú atá ar siúl ag an Roinn Oideachais go bhfuil baint mhór ag creimeadh an chomhrá sa scrúdú cainte leis an méid ama a chaitear leis an tsraith pictiúr, sa seomra ranga agus ag an scrúdú cainte féin.

Is é atá sa tsraith pictiúr an tástáil a chuirtear ar dhaltaí trí iarraidh orthu cur síos a dhéanamh ar a bhfuil ag tarlú i sraith íomhánna a roghnaítear as cnuasach sraitheanna a chuireann an Roinn Oideachais ar fáil do na scoileanna.

Caitheann na taighdeoirí amhras mór chomh maith ar an tsraith pictiúr féin mar uirlis chun feabhas a chur ar chaighdeán labhartha na Gaeilge i measc na ndaltaí, príomhaidhm an chúrsa leasaithe a tugadh isteach in 2012.

Deirtear sa tuarascáil a rinne an NCCA don Roinn Oideachais “nach bhfuil an modh measúnaithe atá i bhfeidhm faoi láthair maidir leis an tsraith pictiúr ag cur feabhas suntasach ar scileanna cumarsáide ná ar líofacht na scoláirí”.

Mar chuid den taighde rinneadh comparáid idir scrúdú Ardteiste Gaeilge 1,000 dalta as 20 scoil in 2011, an bhliain deiridh den seansiollabas, agus saothar 1,000 dalta as an 20 scoil chéanna a rinne an scrúdú nua Gaeilge in 2015.

Léiríonn torthaí an taighde sin chomh maith gur in olcas a chuaigh scoláirí i scoileanna Béarla ó taobh chruinneas na Gaeilge ó tugadh an siollabas nua isteach. Deirtear gur tharla sin in ainneoin go mbíonn ceist ar leith faoi chúrsai gramadaí le freagairt anois ar an bpáipéar scríofa.

“Mar sin féin, is léir nach raibh aon tionchar dearfach ag an riachtanas seo… [ar] chumas scoláirí i scoileanna ina ndéantar an teagasc trí mheán an Bhéarla bunrialacha Ghramadach na Gaeilge a fheidhmiú,” a deirtear i Tionchar na Leasuithe ar Bhéaltriail na Gaeilge ag Leibhéal na hArdteistiméireachta.

Deirtear leis gur léir “nach bhfreastalaíonn an bhéaltriail chomónta ar riachtanais na scoláirí ar fad a dhéanann Scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta ag an nGnáthleibhéal agus ag an Ardleibhéal”.

Deirtear sa tuarascáil go bhfuil roinnt ceisteanna tábhachtacha le cur faoi scrúdú Gaeilge na hArdteiste i bhfianaise an taighde, ina measc an chaoi a gcuireann an tsraith pictiúr isteach ar an am atá ar fáil don chomhrá sa scrúdú cainte. Tugtar le fios chomh maith gur bhotún a bhí ann nár cuireadh aon am breise leis an scrúdú cainte cé gur cuireadh míreanna breise leis. Ba cheart freisin, a deirtear, féachaint athuair ar an gcur chuige a fhágann gur scrúdú comónta atá sa bhéaltriail do scoláirí ag an Ardleibhéal agus ag an nGnáthleibhéal.

Sa bhliain 2007 a d’fhógair an t-iar-aire oideachais Mary Hanafin go raibh athruithe bunúsacha i ndán do shiollabas Gaeilge na hArdteiste agus ar leithdháileadh na marcanna sa scrúdú go háirithe. Cuireadh an t-athrú i láthair mar bheart a mbeadh tionchar réabhlóideach aige ar chumas labhartha Gaeilge daoine óga ar fhágaint na scoile dóibh.

Ba é an t-athrú is mó a bhí i gceist an t-ardú ar líon na marcanna don scrúdú cainte, ó 25% go dtí 40% agus an laghdú dá réir ar ghné na litríochta, na scríbhneoireachta agus na cluastuisceana den scrúdú.

Ó tharla go rabhthas ag éileamh le fada go gcuirfí béim níos mó ar an nGaeilge labhartha i scoileanna na tíre, chuir mórán fáilte roimh na leasuithe.

Ach thug saineolaithe áirithe rabhadh gurbh é an teip a bhí i ndán don chur chuige nua agus go ndéanfadh sé dochar do chainteoirí maithe Gaeilge agus do chaighdeán na Gaeilge trí chéile.

Tháinig na hathruithe i bhfeidhm i scrúdú na bliana 2012.

Tá an tuarascáil taighde Tionchar na Leasuithe ar Bhéaltriail na Gaeilge ag Leibhéal na hArdteistiméireachta mar chuid d’athbhreithniú ar an siollabas nua don Ghaeilge a tugadh isteach in 2012.

Cé gur gealladh in 2010  go ndéanfaí an t-athbhreithniú sin tar éis cúpla bliain den chúrsa nua is é an taighde seo an t-aon fhéachaint atá ar fáil go n-uige seo ar athbhreithniú sin na Roinne Oideachais.

Fág freagra ar 'Ag ‘teip’ ar an tsraith pictiúr agus cúrsa Gaeilge nua na hArdteiste – tuarascáil NCCA'

  • Áine Ní Nuisseann

    Le blianta fada tá múinteoirí Gaeilge na tíre ag rá nach bhfuil an scrúdú cainte comónta praiticiúil ná cothrom do na daltaí a dhéanann Gnáthleibhéal. Tá 20 sraith pictiúr iomarcach dóibh.
    Is mór an trua gur thóg sé ceithre bliana chun an tuarascáil seo a fhoilsiú mar dúradh go ndearna siad an taighde sa bhliain 2015

  • Edel

    Tá mé lánsásta go bhfuil 40% de na marcanna ag dul don scrúdú cainte, ach ceapaim go n-aontaíonn chuile dhuine gur bhotúin mhóra iad na pictiúir sin. Caithfimid fáil réidh leo. Chomh maith leis sin, ba bhreá liom fáil réidh leis na haistí. Conspóideach, tá a fhios agam! Ach ba mhaith liom go mbeadh an Ghaeilge mar ghnáth-theanga laethúil ag mo dhaltaí, agus ní chabhraíonn na haistí leis sin.

  • Bairbre

    Ceann de na rudaí is mó a chuireann as domsa faoin tsraith pictiúr, an scrúdú cainte agus an aiste ná an bhéim a chuirtear ar ‘sheanfhocail’ a shá isteach i ngach aon áit, amhail is nach féidir labhairt ar chúrsaí an 21ú haois i ndeaGhaeilge atá nua-aimseartha, saibhir, snasta gan “ach mar a deir an seanfhocal, is fearr ….” a úsáid. Ní labhartar i seanfhocail i dteangacha eile – cén fáth a bhfuilimid fós á lorg sa chomhrá laethúil?

  • tg lurgan

    Géarghá le “New Deal” don Ghaeilge sa gcóras Oideachais a thosódh ón gcéad lá scoile. Teastaíonn straitéis (ghráin a’am ar an bhfocal sin – ach oireann sé sa gcás seo) 8-10 mbliana le córas a spreagann & a mhúsclaíonn intinn óga a chuir in áit. Níl aon réiteach sciopaí ann ach ní dúshlán rómhór é córas iomlán nua a thógáil ón mbun aníos.

  • Emer Ní Ronáin.

    Nil aon áit ag daltaí chun Gaeilge a chlos á labhairt go nádúrtha. Is gá dóibh Gaeilge labhartha a shamlú. Dá mbeadh áit choitianta ann go gcuirfinn daltaí le caint mar a chuala mise í, fadó, is baolach, ní bheadh an teanga mar ualach orthu.

  • Mairéad

    Céard faoi daltaí meanscoileanna na Gaeltachta? Is beag fiúntas atá sa gcúrsa Gaeilge Ardteiste Ardleibhéal dóibh. Tá forbairt pearsanta agus teanga ar fáil sa gcúrsa Béarla. Cén t-íontas gur Béarla is mó a bhíonn á labhairt acu lena gcairde?

  • Séamus

    Ní haon saineolaí oideachais mé féin ach ní chuireann an scéal seo ionadh ar bith ormsa. Ní dul chun cinn mór é 40% a thabhairt ar scrúdú gearr atá réasúnta éasca, dar liom. Níl ann ach píosa cainte faoi shraith pictiúir agus comhrá bunúsach. B’fhiú i bhfad féachaint le cur chuige nua a chur ar siúl sna seomraí ranga bunaithe ar chaint agus comhrá.