Seachtar Éireannach atá i measc an 175 gníomhaí a ghabh fórsaí Iosrael nuair a tháinig siad roimh mhionchabhlach 20 long a bhí ar a mbealach go Gaza le soláthairtí fóirithinte – bia, cógais leighis agus cógais bhia do pháistí beaga. In uiscí idirnáisiúnta in aice leis an nGréig a gabhadh na daoine a bhí ar bord.
Tá deirfiúr leis an Uachtarán Catherine Connolly, an dochtúir teaghlaigh Margaret Connolly, ar bord ceann de bháid an mhionchabhlaigh.
I ráiteas a d’eisigh aireacht gnóthaí eachtracha Iosrael, dúradh go raibh “thart ar 175 gníomhaí ó bhreis is 20 bád ar a mbealach go síochánta go dtí Iosrael.”
An 12 Aibreán a sheol an mionchabhlach as Barcelona na Spáinne agus cúnamh daonnúil ar bord do Phalaistínigh i nGaza agus iarracht á déanamh acu imshuí Iosrael ar Gaza a bhriseadh.
Sheol na gníomhaithe a bhí ar bord físeán aréir ina n-éilíonn Margaret Connolly go gcuirfí deireadh leis an úsáid a bhaintear as Aerfort na Sionna mar áit ina stadann eitleáin mhíleata ar a n-aistear. “As na Stáit Aontaithe agus as an nGearmáin a thagann 95% den chúnamh míleata agus níl aon ghlacadh agam leis go mbainfí leas as ár n-aerspás i gcinedhíothú,” a dúirt Connolly. Dúirt lucht eagraithe na long cabhrach gur léirigh an ghabháil aréir gur thuig Iosrael “nach raibh aon bhaol dá laghad go ngearrfaí pionós ar bith orthu”.
Mhaígh lucht eagraithe an mhionchabhlaigh, an Global Sumud Flotilla, gur ghabh Iosrael na hárthaí na céadta míle ó Ghaza.
‘Bradaíl mara,’ atá anseo a deirtear i ráiteas an ghrúpa.
“Gabháil mhídhleathach daoine atá anseo ar an bhfarraige mhór in aice leis an Chréit, dearbhú gur féidir le hIosrael gníomhú i bhfad óna theorainneacha féin agus gan aon bhaol ann go gcuirfear aon phionós orthu, gan smachtú ar bith.”
Deir Palaistínigh agus eagraíochtaí fóirithinte idirnáisiúnta nach bhfuil dóthain soláthairtí ag teacht isteach go dtí na críocha gafa sin go fóill, d’ainneoin sos comhraic a bheith fógartha ó mhí Deireadh Fómhair, socrú faoinar gealladh go gcuirfí tuilleadh cúnaimh ar fáil.
I ndeireadh na bliana seo caite stopadh mionchabhlach eile dá leithéid a bhí ag iarraidh an smacht atá ag Iosrael ar earraí a ligean isteach go Gaza a shárú trí na soláthairtí a thabhairt isteach ar muir, an cúigiú hiarracht dá leithéid ar muir ó 2011. Bhí roinnt Éireannach ar bord an uair sin freisin chomh maith le gníomhaí aeráide na Sualainne, Greta Thunberg.
Agus í ag caint le céimithe eile de chuid Ollscoil na Gaillimhe an lá sular gabhadh na báid fóirithinte, tuairiscítear gur cháin an tUachtarán Catherine Connolly an ceangal atá ag an ollscoil sin le hIosrael.
Tá go leor conspóide tarraingthe ar an ollscoil le tamall de bharr í a bheith i bpáirt i dtaighde le hInstitiúid Teicneolaíochta Iosrael, Technion.
Ina cuid cainte, labhair an tUachtarán faoina thábhachtaí atá sé go ndéanfadh lucht dlí, an Stát, daoine aonair agus institiúidí a machnamh ar luachanna.
“Ma tá aon seasamh le bheith ag an bpróiseas machnaimh, ní mór machnamh ar na ceangail a bhíonn ag ár Stát agus a chuid institiúidí le stáit agus institiúidí a dhéanann cearta an duine a shárú,” a dúirt sí.
An tseachtain seo caite tuairiscíodh ar 7Lá ar TG4 go raibh Fondúireacht Nelson Mandela ag athbhreithniú an úsáid a bhaineann Ollscoil na Gaillimhe as ainm Mandela, mar gheall ar cheangal na hollscoile le hIosrael. Áitíonn an ollscoil go bhfuil srianta dlí orthu ó thaobh an ceangal sin le Technion a bhriseadh. Tá ceangal ag Technion le fórsaí cosanta Iosrael, an IDF.
WTF
“Áitíonn an ollscoil go bhfuil ceangal dlí orthu….”
Muise nach cáiréiseach, pióideach, faiteach atáimíd maidir le dlí a bhriseadh agus fórsaí Iosrael ag cur sceimhle ar dhaoine ar bord loinge na mílte amach óna gcósta féin istoíche aréir.