Tá rabhadh láidir tugtha ag saineolaithe do na húdaráis oideachais faoi na himpleachtaí tromchúiseacha a bhainfeadh le hathrú a dhéanamh ar stádas na Gaeilge san Ardteist.
Meastar go mbeidh ceist stádas na Gaeilge sa chóras oideachais i lár an aonaigh arís nuair a fhoilseofar torthaí an phróisis chomhairliúcháin phoiblí a reáchtáil an NCCA faoin athbhreithniú atá á dhéanamh acu ar leagan amach na sraithe sinsearaí.
Dheimhnigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta do Tuairisc.ie go bhfuair siad breis is 4,000 aighneacht faoin athbhreithniú atá á dhéanamh ar an ardteist, athbhreithniú atá ina údar imní mór ag eagraíochtaí teanga.
Tá torthaí an phróisis chomhairliúcháin curtha faoi bhráid chomhairle an NCCA.
Bhí ceist stádas na Gaeilge sa chóras oideachais i lár an aonaigh sa tuarascáil eatramhach a chuir an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta amach anuraidh faoin athbhreithniú atá á dhéanamh acu ar an tsraith shinsearach.
Dúradh sa tuarascáil sin go raibh “mixed views” faighte ag an NCCA faoi ar cheart an Ghaeilge a bheith ina hábhar éigeantach don Ardteist.
Dúradh chomh maith go raibh “go leor” daltaí den tuairim gur chóir ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge agus gur luaigh “roinnt” daltaí a thábhachtaí is atá sé “some exposure to the language for students” a choinneáil.
Dúradh i dtús an phróisis athbhreithnithe go mbeadh ceist na Gaeilge éigeantaí lárnach sa phlé faoin tsraith shinsearach a leasú.
San aighneacht a chuir COGG faoi bhráid an NCCA, a bhfuil cóip di faighte ag Tuairisc.ie, ceistítear an bhéim a leagadh ar dhearcadh daoine i leith na Gaeilge san athbhreithniú go dtí seo.
“De réir na tuarascála ‘Léiríodh dearcthaí éagsúla faoin nGaeilge a choinneáil mar ábhar éigeantach’. Ní thuigimid cén fáth ar cuireadh an ráiteas lom seo sa tuarascáil. Glacaimid leis gur léiríodh dearcthaí éagsúla faoi gach ábhar sa chomhairliúchán…
“An é gur ceapadh gur dearcadh amháin a bheadh ann i leith na Gaeilge mar ábhar éigeantach? Nó an é nach raibh an oiread agus a bhíothas ag súil ag moladh Gaeilge a bheith roghnach?” a deirtear san aighneacht a chuir an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta faoi bhráid an NCCA.
San aighneacht a chuir Sealbhú, Lárionad Taighde DCU um Fhoghlaim agus Teagasc na Gaeilge, faoi bhráid an NCCA, tugtar rabhadh láidir gurb é an slad céanna a bheadh i ndán do staidéar na Gaeilge dá ndéanfaí ábhar roghnach di is a tharla i gcás staidéar teangacha i Sasana.
“Agus muid ag tarraingt ar an taithí idirnáisiúnta, is dóigh linn go láidir gur ghá go bhfanfadh an Ghaeilge ina croí-ábhar le go mbainfeadh tromlach na ndaltaí cumas réasúnta amach inti.
“Is é an toradh a bhí ar a leithéid i Sasana nuair a baineadh stádas éigeantach de staidéar teangacha iasachta ag leibhéal an GCSE (aois 16) sa bhliain 2004 gur tháinig titim thubaisteach ar líon na ndaltaí a bhí ag gabháil don staidéar ar theanga iasachta.”
Deir lucht Sealbhú gurb ionann an t-aonteangachas agus “neamhlitearthacht an 21ú haois”.
“Mar a mhaígh an British Academy, ‘Monolingualism is the illiteracy of the 21st century’… Dá ndéanfaí rogha na n-ábhar ag leibhéal na hArdteistiméireachta a chúngú, bheadh an baol ann go dtiocfadh an iarmhairt chéanna i gceist ar an staidéar ar an nGaeilge agus ar theangacha i gcoitinne in Éirinn,” a deirtear in aighneacht Sealbhú, a bhfuil cóip di faighte ag Tuairisc.ie.
Tagraíonn lucht DCU chomh maith do stádas bunreachtúil na Gaeilge agus deir siad gur chóir go mbeadh “deis mar bhuncheart saoránachta ag daltaí uile na tíre an Ghaeilge a fhoghlaim“.
“A stádas mar chroí-ábhar a chinnteoidh an ceart sin do chách,” a deirtear.
Maítear in aighneacht Tuismitheoirí na Gaeltachta gur cheart go gcinnteofaí san athbhreithniú ar an tsraith shinsearach go bhfanfaidh an Ghaeilge mar “chroí-ábhar” agus go bhfaighidh “gach dalta an deis staidéar a dhéanamh uirthi”.
Deir Conradh na Gaeilge ina n-aighneacht siúd go bhfuil an próiseas comhairliúcháin féin “an-bhaolach” mar gheall ar chur chuige an athbhreithnithe i leith stádas na Gaeilge mar chroí-ábhar.
Deir an Conradh gur tharraing an NCCA “mixed views” maidir leis an nGaeilge isteach sa scéal gan aon “chomhthéacs” a thabhairt agus gan aon taighde a bheith déanta faoi na cúiseanna a mbeadh dalta den tuairim nár chóir staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge.
“Tá an CNCM [NCCA] ag dul síos bóthar claonta agus lochtach agus ag déanamh an rud a dhéantar go minic, is é sin gan na fíorchúinsí a bhaineann leis an nGaeilge sa chóras oideachais a phlé ina n-iomlán.
“Ina ionad sin tá siad á seachaint agus in áit tabhairt fúthu i slí chomhtháite tá an CNCM tar éis ligint don mholadh ísliú stádais a thabhairt don Ghaeilge teacht chun cinn. Dar ndóigh, d’fhéadfadh impleachtaí thar a bheith tromchúiseach a bheith ag aon athrú ar stádas na Gaeilge don Ardteist ar úsáid, íomhá agus todhchaí na Gaeilge sa tír seo,” a deir Conradh na Gaeilge san aighneacht a chuir siad faoi bhráid an NCCA.
Molann Conradh na Gaeilge gur chóir an Ghaeilge a choinneáil mar chroí-ábhar sa tsraith shinsearach; gur chóir polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ‘ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal’ a thabhairt isteach; agus gur chóir úsáid a bhaint as an gCreat Eorpach d’Fhoghlaim Teangacha do theagasc agus measúnú na Gaeilge sa tsraith shinsearach.
Deir Tuismitheoirí na Gaeltachta gur chóir tagairt agus aon chuspóirí nua á leagan síos don tsraith shinsearach don chultúr, don oidhreacht agus don Ghaeilge.
Dar leis an eagraíocht Gaeloideachas go gcaillfeadh an Ghaeilge a stádas “sa chóras oideachais ar fad” dá gcaillfeadh sí a stádas sa tsraith shinsearach agus go dtiocfadh “titim thubaisteach” ar líon na scoláirí a roghnódh í mar ábhar Ardteiste.
Deirtear in aighneacht Gaeloideachas go bhfuil sé de cheart ag gach dalta sa tír teacht a bheith aige ar chúrsa Gaeilge, ag gach leibhéal, “a fhreastalaíonn ar a riachtanais mar fhoghlaimeoir”.
“Mura bhfuil an cúrsa teagaisc atá ar fáil faoi láthair ag freastal ar riachtanais na scoláirí uile, is ceart don Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta aghaidh a thabhairt ar an gceist seo tríd na meithleacha éagsúla ábhair atá ag an gComhairle agus na leasuithe cuí a chur i bhfeidhm bunaithe ar an taighde is fearr maidir le múineadh teangacha.”
Tá sé tugtha le fios ag an Aire Oideachais Joe McHugh go gcoinneofar an Ghaeilge mar ábhar éigeantach don Ardteist.
Sibéal
Tá an tír seo á reachtáil ag an Stát go haonteangach.
Colin Ryan
‘Agus muid ag tarraingt ar an taithí idirnáisiúnta, is dóigh linn go láidir gur ghá go bhfanfadh an Ghaeilge ina croí-ábhar le go mbainfeadh tromlach na ndaltaí cumas réasúnta amach inti.’ Is annamh a bhuaileas le hÉireannach a raibh cumas réasúnta aige sa teanga. Ní féidir a bheith ag brath ar an éigeantas.