Coinneofar an Ghaeilge mar ábhar éigeantach – an tAire Oideachais

Tá ceist stádas na Gaeilge sa chóras oideachais go mór i mbéal an phobail i bhfianaise an athbhreithnithe atá á dhéanamh ag an NCCA ar leagan amach na hArdteiste

Coinneofar an Ghaeilge mar ábhar éigeantach – an tAire Oideachais

Joe McHugh. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Tá sé tugtha le fios ag an Aire Oideachais Joe McHugh go gcoinneofar an Ghaeilge mar ábhar éigeantach don Ardteist.

Dúirt urlabhraí de chuid an Aire le Tuairisc.ie nach raibh aon athrú tagtha ar dhearcadh an Aire i leith cheist na Gaeilge éigeantaí, is é sin gur cheart go mbeadh sí ina hábhar éigeantach.

Tugadh an méid sin le fios tráth a bhfuil ceist stádas na Gaeilge sa chóras oideachais go mór i mbéal an phobail.

Pléadh ceist na Gaeilge san Ardteist ar chláracha raidió agus ar mheáin eile inné i bhfianaise an athbhreithnithe atá á dhéanamh ag an NCCA ar leagan amach na hArdteiste.

Deirtear sa tuarascáil eatramhach atá curtha amach ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta faoin athbhreithniúgo bhfuil “mixed views” faighte go dtí seo faoi ar cheart an Ghaeilge a bheith ina hábhar éigeantach don Ardteist.

Deirtear sa tuarascáil nua go bhfuil “go leor” daltaí den tuairim gur chóir ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge agus gur luaigh “roinnt” daltaí a thábhachtaí is atá sé “some exposure to the language for students” a choinneáil.

Deirtear go ndúradh ag seimineáir agus in aighneachtaí ríomhphoist gur chóir dhá ábhar a dhéanamh den Ghaeilge, ceann acu a bheadh éigeantach agus ceann a bheadh roghnach. De réir an mholta seo, spreagfaí suim i labhairt na Gaeilge ach ‘teanga agus cultúr’ na Gaeilge a bheith éigeantach agus litríocht na Gaeilge a bheith ina hábhar roghnach eile.

Dúradh chomh maith in aighneachtaí ríomhphoist gur ábhar imní faoi stádas na Gaeilge sa chóras é go bhfuiltear ag cuimhneamh ar líon na n-ábhar don Ardteist a laghdú. 

Is í an Ghaeilge an t-aon ábhar atá ‘éigeantach’don Ardteist sa mhéid is go gcaitear staidéar a dhéanamh uirthi mura bhfuil díolúine agat. Níl sé éigeantach scrúdú sa Ghaeilge a dhéanamh.

Maidir leis an mBéarla agus an Mhatamaitic, féachtar orthu mar ábhair riachtanacha chomh maith toisc go mbíonn siad ag teastáil do chuid mhór cúrsaí tríú leibhéal agus ceirdeanna.

Deirtear i dtuarascáil nua an NCCA gur leag “grúpaí áirithe” béim ar an tábhacht a bhain le stádas na Gaeilge mar ábhar éigeantach agus moladh go dtabharfaí tús áite do líofacht sa teanga seachas foghlaim de ghlanmheabhair. Má thugtar dhá ábhar isteach don Ardteist, mar atá i bhfeidhm don Teastas Sóisearach agus beartaithe don tsraith shinsearach, moladh do lucht an athbhreithnithe go mbeadh pointí CAO breise ar fáil don dream a thabharfadh faoin gcúrsa níos dúshlánaí a bheadh dírithe ar chainteoirí líofa.

Fág freagra ar 'Coinneofar an Ghaeilge mar ábhar éigeantach – an tAire Oideachais'

  • Colm MacDonncha

    Nuair a chloisim duine ón rialtas atá againn faoi láthair ag rá rud ar bith bím ag súil leis an gcontrártha. Tá súil agam go bhfuil mé mícheart sa chás seo.

  • TG Lurgan

    Bun & barr na faidhbe ná nach n-aithníonn an tAire ná a chuid sciosadóirí teanga an difríocht idir Oideachas agus Éiginteacht.