Cad iad na rudaí is tábhachtaí atá sa Bhille Teanga nua?
Tá na trí phríomhéileamh a bhí ag an gCoimisinéir Teanga i leith an bhille nua ar fad ann – córas nua in áit chóras na scéimeanna teanga, sprioc agus spriocam maidir le hearcú Gaeilgeoirí sa státchóras, agus dualgas reachtúil seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht.
Príomhchuspóir an bhille ná gur Gaeilgeoirí a bheidh i 20% d’fhostaithe nua na seirbhíse poiblí faoi dheireadh 2030.
Tá foráil sa bhille freisin a chinnteodh go mbeadh dualgas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí freastal i nGaeilge ar mhuintir na Gaeltachta, bíodh lucht soláthar na seirbhísí lonnaithe sa Ghaeltacht nó taobh amuigh di.
Córas bunaithe ar chaighdeáin a thabharfar isteach in áit chóras na scéimeanna teanga, córas a bhí imithe chomh mór sin in aimhréidh sa deireadh gur éirigh an Coimisinéir Teanga as a bheith ag déanamh monatóireachta air. Faoi chóras na scéimeanna aontaíonn comhlachtaí poiblí ina gceann agus ina gceann scéim teanga le Roinn na Gaeltachta. Leagtar síos sna scéimeanna teanga na seirbhísí a bhfuil dualgas ar na comhlachtaí poiblí iad a chur ar fáil i nGaeilge.
Faoi chóras nua na gcaighdeán leagfar síos dualgais chomónta maidir le seirbhísí Gaeilge do chineálacha éagsúla comhlachtaí poiblí ag brath ar an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal. Mar shampla, bheadh níos mó dualgas ar an nGarda Síochána agus na Coimisinéirí Ioncaim ná mar a bheadh ar Oifig an Ard-Aighne nó Údarás Rialála Seirbhísí Airgeadais na hÉireann, ar beag an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal.
An bhfuil aon baol ann go bhfuil príomhsprioc an bhille ró-uaillmhianach?
Cor mór i ndán na Gaeilge a bheadh ann dá mbeadh 20% d’earcaigh nua na státseirbhíse ina nGaeilgeoirí líofa faoi dheireadh 2030. Ach theastódh athrú mór millteach i meon agus i gcur chuige an státchórais i leith na Gaeilge chun an sprioc sin a bhaint amach.
Faoi láthair, níl ach 0.35% de phoist na státseirbhíse daingnithe mar phoist a bhfuil líofacht sa Ghaeilge riachtanach lena n-aghaidh.
Léirigh anailís de chuid Tuairisc níos luaithe i mbliana nach raibh ach 88 post ann a raibh riachtanas Gaeilge ag dul leo as an mbeagnach 25,000 post atá sa státseirbhís. Bhí beagnach leath de na postanna sin – 38 ceann ar fad – in oifigí Roinn na Gaeltachta sna Forbacha i gConamara.
Folúntais a raibh cumas sa Ghaeilge luaite leo a bhí i 16 de na folúntais a líonadh sa státseirbhís idir an 1 Eanáir 2018 agus 30 Meán Fómhair 2020 – 0.2% de na folúntais a líonadh le linn na tréimhse sin.
Thug seisear Airí Rialtais le fios nach bhfuil oiread agus post amháin ina ranna ar gá Gaeilge a bheith ag duine chun é a dhéanamh.
Ar na ranna nach raibh aon phost ‘Gaeilge’ iontu bhí an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, atá freagrach as cúrsaí earcaíochta na státseirbhíse, earcú daoine a bhfuil Gaeilge acu san áireamh.
Agus b’in an státseirbhís amháin. Ag tagairt don tseirbhís phoiblí go léir atá an sprioc 20%. An té go mbeadh fiú breacthuiscint ar an stair aige, bheadh amhras air faoi chumas agus faoi thoil an státchórais an sprioc sin a bhaint amach.
Cad iad na cearta teanga eile atá sa Bhille?
Faoin acht leasaithe beidh ar chomhlachtaí poiblí a bheith in ann déileáil leis an síneadh fada in ainmneacha daoine.
Beidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí chomh maith freagra i nGaeilge a thabhairt ar aon chumarsáid a dhéanfar leo i nGaeilge ar na meáin shóisialta.
I measc na leasuithe eile a ritheadh, leagfar síos go mbeidh ar chomhlachtaí poiblí 20% dá bhfógraíocht a dhéanamh i nGaeilge gach bliain agus go mbeidh ar gach comhlacht poiblí 5% dá gcuid fógraíochta a dhéanamh sna meáin Ghaeilge.
Beidh dualgas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí aon ábhar margaíochta a scaipeann siad ar an bpobal a bheith i nGaeilge nó i mBéarla agus i nGaeilge.
Beidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí foirmeacha iarratais a chur ar fáil i nGaeilge agus caithfidh lógónna comhlachtaí poiblí a bheith i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla.
Beidh cumhacht bhreise ag an gCoimsinéir Teanga faoin acht leasaithe agus deis aige feasta monatóireacht a dhéanamh ar achtanna eile. Roimhe seo, mar shampla, chaithfeadh sé gearán a fháil ón bpobal faoi shárú a bheith déanta ar an Acht Craolacháin nó an tAcht Oideachais chun go bhféadfadh sé an scéal a fhiosrú. Faoin Acht leasaithe, bunófar Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge.
Réiteoidh an coiste nua Plean Náisiúnta Earcaíochta chun príomhsprioc an bhille a bhaint amach – gur Gaeilgeoirí a bheadh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi 2030.
An fíor go bhfuil an bille níos láidre ná mar a bhí?
Bhí na ceannteidil a foilsíodh in 2014 chomh holc sin gur síleadh gur mó dochar ná maitheas a dhéanfaidís do chearta teanga an phobail. Géilleadh don tuairim sin agus caitheadh i dtraipisí iad. Bhí na ceannteidil a tháinig ina ndiaidh in 2017 i bhfad níos láidre ná sin, ach faoin am ar tháinig an bille ar an bhfód in 2019 bhí na putóga bainte astu agus bhí an dréachtreachtaíocht féin doiléir, seachantach agus easpa mór dualgas cinnte ann.
Ní fál go haer an bille sin a fheabhsú ach is mór idir bille 2019 sin agus an bille a ritheadh i dTithe an Oireachtais aréir. Sa bhille mar a bhí in 2019 ní raibh stádas reachtúil ag an bplean náisiúnta earcaíochta, ní dúradh cén uair a d’fhoilseofaí é ná cé air a bheadh an fhreagracht as é a chur i bhfeidhm. Tá na sonraí sin sa bhille i ndiaidh a aistir trí Thithe an Oireachtais, mar ar deineadh breis is 50 leasú air. Ar Roinn na Gaeltachta a bheidh an dualgas reachtúil an plean náisiúnta a chur i bhfeidhm.
Nuair a foilsíodh an bille in 2019 ba é an easpa spriocama i dtaobh an mhórchuspóir earcaíochta 20% ba mhó a chothaigh caint ach cuireadh spriocam leis. Chomh maith leis sin tá foráil sa bhille a chinnteodh go mbeadh dualgas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí freastal i nGaeilge ar mhuintir na Gaeltachta, dualgas nach raibh aon radharc air in 2019.
Cad iad na lochtanna atá ar an mBille nua?
Tá go leor den chur ar an méar fhada ag baint leis an mbille i gcónaí. Cé go bhfuil spriocdháta luaite le príomhchuspóir an bhille – gur Gaeilgeoirí a bheadh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí – níl a leithéid de spriocdháta cinnte luaite leis an gcuspóir i leith seirbhísí Gaeilge sa Ghaeltacht.
Ina áit sin, is é an coiste comhairleach atá le bunú faoin mbille a leagfaidh síos an sprioc nua maidir le seirbhísí trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Déanfar sin sa phlean náisiúnta earcaíochta atá le hullmhú ag an gcoiste nua.
Faoin mbille bheadh sé mhí ann chun an coiste comhairleach nua a bhunú agus bheadh dhá bhliain ag an gcoiste an plean náisiúnta earcaíochta a ullmhú.
Ón uair a chuirfí an plean náisiúnta earcaíochta faoi bhráid an rialtais bheadh trí mhí eile ann an sprioc do sheirbhísí Gaeilge sa Ghaeltacht a thabhairt isteach.
Fágann sin go léir go bhféadfadh trí bliana a bheith ann sula dtabharfaí isteach an sprioc don Ghaeltacht agus, de réir na reachtaíochta, d’fhéadfadh spriocanna difriúla a bheith i gceist do cheantair éagsúla Ghaeltachta.
Níl aon spriocdháta daingean leis an dualgas a leagfaí faoin mbille ar chomhlachtaí poiblí úsáid cheart a bhaint as an síneadh fada in ainmneacha daoine ach oiread. Bíonn míchruinneas agus siléig i leith ainmneacha daoine ar na cúiseanna is mó a ndéantar gearán leis an gCoimisinéir Teanga agus is minic, mar shampla, cás an tsíneadh fada agus an easpa measa a léirítear air, i mbéal an phobail.
Diúltaíodh chomh maith do leasú a dhéanfadh sainmhíniú ar céard atá i gceist le líofacht sa Ghaeilge. Beidh go leor ag brath ar an sainmhíniú sin. Dúirt Ossian Smyth, Aire Stáit sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, níos túisce i mbliana go mbíonn “an-deacracht” ag an státseirbhís daoine le Gaeilge a earcú agus go mbíonn suas le 100 uair níos mó iarratasóirí ann do chomórtais earcaíochta do ghnáthphostanna Béarla i gcomparáid le postanna a bhfuil an Ghaeilge ag teastáil dóibh. Cuir san áireamh freisin go bhfuil an Ghaeilge ag dul ar gcúl ag an tríú leibhéal le fada agus tá fadhb mhór agat.
Mar sin, cad as a thiocfaidh na Gaeilgeoirí líofa go léir agus cé chomh líofa is a bheidh siad?
Sin dhá cheist mhór faoin mbille nua. Gealltar go dtabharfar aghaidh ar cheist na líofachta sna caighdeáin atá le tabhairt isteach, ach an fhadhb atá leis sin ná nár foilsíodh aon dréacht de na caighdeáin leis an mbille. Díospóireacht “sa dorchadas” a bhí i gcuid mhaith den phlé faoin mbille dá réir, a mhaígh an freasúra.
Cad a tharlóidh anois?
Cuirfear an bille a ritheadh ar aghaidh go dtí Áras an Uachtaráin agus cuirfidh Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn, a lámh leis. Ní mór d’Aire na Gaeltachta ansin tosú ar fheidhm a thabhairt d’fhorálacha éagsúla na reachtaíochta leasaithe. Ní mór dó an obair sin a bheith déanta aige taobh istigh de thrí bliana ach bheifí ag súil go gcuirfidh sé tús le feidhm a thabhairt do na leasuithe go luath sa bhliain nua.
An cheist mhór ansin ná an oibreoidh an córas nua atá leagtha síos chun príomhspriocanna an bhille a bhaint amach. An gcuirfear an dlí i bhfeidhm? Tá rabhadh tugtha cheana féin ag an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív do dhaoine nár cheart talamh slán a dhéanamh de sin. Agus é faoi agallamh ag Tuairisc.ie an mhí seo caite, dúirt Ó Cuív go raibh an coiste comhairleach nua nach bhfuil fiú bunaithe go fóill á úsáid cheana féin ag ranna stáit mar leithscéal gan a ndualgais teanga a chur i bhfeidhm. Is léir, a dúirt sé, go bhfuil “an seandearcadh diúltach” i leith na Gaeilge fós i réim.
“Níl aon spéis acu aon rud a dhéanamh fiú chun ullmhú don bhille nua. B’fhearr leo gach rud a chur ar an méar fhada ar feadh ceithre nó cúig bliana eile, dá fhad é is ea is fearr leo é.”
Dúirt Ó Cuív gur léirigh meon na ranna rialtais an “obair ollmhór” a bheidh le déanamh nuair a achtófar an bille teanga chun na sean-nósanna sa státseirbhís a athrú agus an sprioc 20% a bhaint amach.
“Tá sé an-deacair carr a bhogadh nuair atá na coscáin air,” arsa Ó Cuív.
Pól Ó Braoin
Céard a tharlóidh anois?
Creidfidh mé é nuair a fheicfidh mé é…