Gaeilge riachtanach do phost amháin as gach 500 sa státseirbhís le trí bliana anuas – figiúirí nua

Baineann ‘dúshlán’ le daoine le Gaeilge líofa a earcú, a deir an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe 

Gaeilge riachtanach do phost amháin as gach 500 sa státseirbhís le trí bliana anuas – figiúirí nua

Níor bhain riachtanas Gaeilge ach le post amháin as gach 500 folúntas a líonadh sa státseirbhís le trí bliana anuas de réir anailíse atá déanta ag Tuairisc.ie ar fhigiúirí nua.

De réir an eolais nua, a cuireadh ar fáil do dhá choiste Oireachtais, thug an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le fios gur earcaíodh 8,324 duine ó chomórtais ghinearálta don státseirbhís idir an 1 Eanáir 2018 agus 30 Meán Fómhair 2020.

Folúntais a raibh cumas sa Ghaeilge luaite leo a bhí i 16 acu sin, nó 0.2% de na folúntais a líonadh sa státseirbhís le trí bliana.

Thug an Roinn le fios gur le linn na bliana 2019 a líonadh gach ceann den 16 folúntas a raibh Gaeilgeoir ag teastáil lena n-aghaidh. Folúntas d’oifigigh chléireachais – an grád is sóisearaí sa státseirbhís – a bhí i 15 den 16 folúntas Gaeilge. Mar Oifigeach Feidhmiúcháin a ceapadh an duine eile.

Níor ceapadh aon duine chuig post a raibh riachtanas Gaeilge ag baint leis sa bhliain 2018. Thug an Roinn an méid sin le fios mar cheartú ar eolas míchruinn a bhí tugtha roimhe sin. Bhí sé ráite roimhe sin gur ceapadh cúigear chuig poist Ghaeilge in 2018.

Níor ceapadh aon duine ach an oiread chuig post a raibh riachtanas Gaeilge ag baint leis ó thús na bliana 2020 go dtí deireadh Mheán Fómhair, an tréimhse a bhí i gceist le figiúirí na Roinne.

Tugadh le fios, áfach, gur líonadh ceithre cinn d’fholúntais Ghaeilge ó shin, ag grád Oifigeach Feidhmiúcháin, i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo.

Is chuig poist ar bhain riachtanas Gaeilge leo a ceapadh 31 duine as an 3,341 earcach nua chun na státseirbhíse sa bhliain 2017 agus ba chuig an ngrád is ísle, mar Oifigigh Chléireachais, a ceapadh dhá thrian acu sin, 20 duine as 31.

Chuir an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe na figiúirí ar fáil i dtuarascáil a cuireadh faoi bhráid Choiste na gCuntas Poiblí. Cuireadh an tuairisc ar fáil mar thoradh ar iarratas a rinne an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Matt Carthy. Dúirt seisean gur chosúil ón eolas a bhí faighte ag an gCoiste go raibh an scéal “níos measa” ná mar a bhí tugtha le fios roimhe sin. Mhol sé go gcuirfí an t-eolas faoi na ceapacháin Ghaeilge ar aghaidh chuig Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Thug an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le fios ina dtuairisc gur bhain “dúshlán” le daoine a bhfuil Gaeilge líofa acu a earcú de bharr a laghad acu a dhéanann iarratais ar phoist. Dúradh nach ndearna ach 250 duine iarratas ar an chomórtas oscailte deireanach d’oifigigh chléireachais a raibh Gaeilge acu, cé go raibh os cionn 15,000 duine san iomaíocht sa chomórtas nach raibh riachtanas teanga luaite leis.

Lasmuigh de na comórtais ghinearálta don státseirbhís, thug an Roinn le fios gur ceapadh 33 duine le ceithre bliana anuas mar ‘speisialtóirí’ i bpoist a raibh riachtanas Gaeilge ag baint leo sa státseirbhís. Bhí cigirí scoile, aistritheoir agus tuairisceoir parlaiminte san áireamh sna ceapacháin seo. Níor tugadh le fios cé mhéad speisialtóir a ceapadh chuig poist nár bhain cumas Gaeilge leo sa tréimhse chéanna.

Comórtais Ghinearálta do phoist le Riachtanas Gaeilge

Grád 2017 2018 2019 2020 Iomlán
Oifigeach Cléireachais 20 0 15 0 35
Oifigeach Feidhmiúcháin 4 0 1 0 5
Oifigeach Riaracháin 4 0 0 0 4
Ardoifigeach Feidhmiúcháin 1 0 0 0 1
Príomhoifigeach Cúnta 2 0 0 0 2
IOMLÁN 31 0 16 0 47

Earcaíocht ó Chomórtais Ghinearálta do phoist gan Riachtanas Gaeilge

Grád 2017 2018 2019 2020 Iomlán
Oifigeach Cléireachais 1,807 1,728 2,286 757 6,578
Oifigeach Feidhmiúcháin 726 769 906 372 2,773
Oifigeach Riaracháin 182 94 181 116 573
Ardoifigeach Feidhmiúcháin 381 292 205 47 925
Príomhoifigeach Cúnta 245 253 255 63 816
IOMLÁN 3,341 3,136 3,833 1,355 11,665

Tá sé i gceist ag Coiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais cruinniú a reáchtáil faoi na figiúirí seo i mbliana.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, go raibh na figiúirí “scanrúil”.

Fág freagra ar 'Gaeilge riachtanach do phost amháin as gach 500 sa státseirbhís le trí bliana anuas – figiúirí nua'

  • S. Mac Muirí

    Cur chuige díograiseach an Daorstáit, ag cur a mbundún dearg amach i gcónaí mar a bhí le dhá ghlúin anuas leis an nGaeilg a chniogadh.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Níl an córas atá á fheidhmiú ag obair. Córas nua earcaíochta a theastaíonn, a thugann aitheantas cuí do dhaoine a bhfuil an dá theanga oifigiúil ar a gcumas, ar an mbonn gur fearr an fostaí a bheadh in ann a gcuid oibre a dhéanamh sa dá theanga oifigiúla atá ceaptha a bheith ag an stát seachas i gceann amháin! An uair sin bheadh an buntáiste ag an té le cumas sa dá theanga.

    An fhad is atá an státchóras ag iarraidh a laghad daoine agus is féidir leo a earcú le Gaeilge seachas an méid is mó, leanfar leis an easpa cumais sna ranna rialtais éagsúla ó thaobh freastal ar dhaoine i nGaeilge.

  • Mánus

    Tá sé cruthaithe le fada go bhfuil an Státchóras in aghaidh na Gaeilge agus go bhfuil FFFG agus SF patfhuar ina taobh. Cén mhaith dúinn do bheith ag tafann go síoraí ar thóin miúileanna nach mbogfaidh dúinn?
    Le go mbeidh todhchaí ag teanga dúchais na tíre seo ba chóir comharchumann tithíochta a bhunú le heastáit LánGhaelacha a thógáil i nGaillimh, i gCorcaigh, i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feirste srl.

  • Bríd

    Ach Ach Ochóin An Polasaí don Oideachas Gaeltachta…..