‘An leithscéal is nua’ ag státseirbhísigh lena ndualgas teanga a sheachaint – coiste nach bhfuil bunaithe fós

Deir an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív go mbeidh sé chomh deacair an sprioc earcaíochta sa Bhille Teanga nua a bhaint amach agus is a bheadh sé ‘carr a bhogadh nuair atá na coscáin air’

‘An leithscéal is nua’ ag státseirbhísigh lena ndualgas teanga a sheachaint – coiste nach bhfuil bunaithe fós

Tá coiste Gaeilge nach bhfuil fiú bunaithe go fóill á úsáid mar leithscéal cheana féin ag ranna stáit gan a ndualgais teanga a chomhlíonadh.

Sin a deir an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív agus “imní mhór” air faoi fhreagraí ar cheisteanna Dála atá faighte aige le tamall ó airí rialtais, ceisteanna a bhain le polasaí earcaíochta don Ghaeilge.

Bhain an freagra is déanaí ar cheist faoi earcú Gaeilgeoirí chun na státseirbhíse leis an Roinn Caiteachais Phoiblí, an roinn atá freagrach as polasaí earcaíochta an stáit.

Tugadh le fios sa bhfreagra sin go mbeadh an méid a dhéanfadh an Roinn Caiteachais Phoiblí i dtaobh earcú Gaeilgeoirí ag brath cuid mhór ar an bplean earcaíochta atá le hullmhú ag coiste comhairleach atá le bunú faoin mbille teanga nua, reachtaíocht nach bhfuil achtaithe fós.

Faoin mBille Teanga, a bhfuil súil lena achtú an mhí seo chugainn, bhunófaí an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge. Réiteodh an coiste nua Plean Náisiúnta Earcaíochta chun príomhsprioc an bhille a bhaint amach – gur Gaeilgeoirí a bheadh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi 2030.

Deir Éamon Ó Cuív, an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, gur léir gurb é an coiste nua “an leithscéal is nua” sa státseirbhís gan ach “a laghad agus is féidir” a dhéanamh ar son na Gaeilge.

“Shílfeá nach raibh aon dualgas orthu i leith na Gaeilge roimhe seo agus nach mbeidh aon dualgas orthu go dtí go mbunófar an coiste nua agus go réiteofar an plean,” arsa Ó Cuív.

“Is léir go bhfuil an seandearcadh diúltach i leith na Gaeilge fós i réim. Níl aon spéis acu aon rud a dhéanamh fiú chun ullmhú don bhille nua. B’fhearr leo gach rud a chur ar an méar fhada ar feadh ceithre nó cúig bliana eile, dá fhad é, is ea is fearr leo é.”

Dúirt Ó Cuív gur léirigh meon na ranna rialtais an “obair ollmhór” a bheidh le déanamh nuair a achtófar an bille teanga chun na sean-nósanna sa státseirbhís a athrú agus an sprioc 20% a bhaint amach.

“Tá sé an-deacair carr a bhogadh nuair atá na coscáin air,” arsa Ó Cuív.

Fág freagra ar '‘An leithscéal is nua’ ag státseirbhísigh lena ndualgas teanga a sheachaint – coiste nach bhfuil bunaithe fós'