Seisear Airí Rialtais ag maíomh nach bhfuil fiú post amháin ina ranna ar gá Gaeilge a bheith ag duine lena dhéanamh

As an mbeagnach 25,000 post atá sa státseirbhís, níl ach 88 post ann a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leo, 38 post i Roinn na Gaeltachta san áireamh

Seisear Airí Rialtais ag maíomh nach bhfuil fiú post amháin ina ranna ar gá Gaeilge a bheith ag duine lena dhéanamh

Deir seisear Airí Rialtais nach bhfuil oiread agus post amháin ina ranna ar gá Gaeilge a bheith ag duine chun é a dhéanamh. 

De réir anailís nua atá déanta ag Tuairisc.ie, as an mbeagnach 25,000 post atá sa státseirbhís, níl ach 88 post ann a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leo, 38 post i Roinn na Gaeltachta sna Forbacha i gConamara san áireamh.

De réir na hanailíse ar na freagraí a tugadh ar shraith ceisteanna Dála a chuir an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh ar na hairí éagsúla, níl an Ghaeilge riachtanach do phost ar bith in ocht gcinn de 18 roinn Rialtais. 

Tá an ocht roinn sin faoi chúram an tseisir airí a dúirt nach raibh oiread agus post amháin ina ranna ar gá Gaeilge a bheith ag duine chun é a dhéanamh. 

Léirigh taighde a rinne Tuairisc.ie níos túisce an mhí seo nár bhain riachtanas Gaeilge ach le post amháin as gach 500 folúntas a líonadh sa státseirbhís le trí bliana anuas

Tá na figiúirí nua seo á bhfoilsiú againn tráth a bhfuil na hairí céanna ag tacú le bille teanga nua ina ngealltar go mbeidh 20% d’earcaigh nua na státseirbhíse ina nGaeilgeoirí faoi cheann deich mbliana.

Is iad na ranna sin nach bhfuil aon phost ‘Gaeilge’ iontu ná An Roinn Airgeadais; an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta; an Roinn Cosanta (i Roinn an Taoisigh); an Roinn Coimirce Sóisialaí; an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige; an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta; an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail (atá sa Roinn Coimirce Sóisialaí) agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe freagrach as cúrsaí earcaíochta na státseirbhíse, earcú daoine a bhfuil Gaeilge acu san áireamh.

De réir na bhfigiúirí nua, níl ach 0.35% de phoist na státseirbhíse daingnithe mar phoist a bhfuil líofacht sa Ghaeilge riachtanach lena n-aghaidh.

Tá formhór mór na bpost ‘Gaeilge’ sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta agus Meán. Tá 67 post a bhfuil riachtanas Gaeilge leo sa roinn sin agus tá 38 acu sin lonnaithe in oifigí Roinn na Gaeltachta sna Forbacha i nGaeltacht Chonamara.

Nuair a chuirtear na poist sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta agus Meán as an áireamh, níl ach 21 post eile a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leo sa 17 roinn Rialtais eile. Is ionann sin agus 0.09% de na poist uile sa státseirbhís.

Tá an Tánaiste agus Aire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta Leo Varadkar ar dhuine de na hairí a dúirt nach raibh post ar bith ina roinn a raibh an Ghaeilge riachtanach lena aghaidh. 993 duine atá ag obair sa Roinn Fiontair, Trádála agus Fostaíochta i láthair na huaire. Dúirt an tAire Varadkar gur “éileamh íseal” ar sheirbhísí Gaeilge is cúis le gan aon phost a bheith ina roinn a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leis.

“Mar gheall ar éileamh íseal ar sholáthar seirbhíse do chustaiméirí trí Ghaeilge i mo Roinn, níor aithníodh aon phost ainmnithe ina bhfuil cumas Gaeilge mar réamhriachtanas,” a dúirt an Tánaiste.

Dúirt an tAire Varadkar go raibh ochtar ball foirne sa roinn i mbun staidéir don Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil nó go raibh an teastas sin bainte amach acu in 2020 agus go raibh seisear eile cláraithe chun tabhairt faoin teastas sin i mbliana. Ach d’uireasa aon riachtanais is ar bhonn deonach a chuirfeadh na daoine sin seirbhís ar fáil i nGaeilge.

Cé go bhfuil 6,766 duine fostaithe ag an Roinn Coimirce Sóisialaí, níl oiread agus post amháin sa roinn a bhfuil líofacht sa Ghaeilge riachtanach lena aghaidh.

Dúirt an tAire Heather Humphries go raibh cinneadh déanta ag an roinn gur fearr seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil i gceantair áirithe “de rogha ar an nGaeilge a theorannú do phoist áirithe”.

Dúirt an tAire Humphries go raibh seirbhís ghutháin agus seirbhís “aghaidh ar aghaidh” trí mheán na Gaeilge ar fáil in oifigí na roinne sa Ghaeltacht in Acaill, i mBéal an Mhuirthead, ar an gClochán Liath agus sa Daingean.

Tugadh le fios go raibh 190 duine ar fad sa roinn, 2.8% de na fostaithe uile, in ann seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil agus dúirt an tAire Humphries go bhfuil sí cinnte go bhfuil dóthain foirne ar fáil chun freastal ar na hiarratais ar sheirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Taobh amuigh den Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta agus Meán, is sa Roinn Oideachais agus sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara is mó atá poist a bhfuil Gaeilge ina riachtanas dóibh. Tá sé phost as an 1,408 post sa Roinn Oideachais a bhfuil líofacht sa teanga luaite mar riachtanas leo agus sé phost atá sa Roinn Talmhaíochta, roinn ina bhfuil 3,745 duine fostaithe.

Thug an tAire Oideachais Norma Foley le fios chomh maith go bhfuil 26 síceolaí oideachais fostaithe ag a roinn a chuireann seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil agus go raibh 58 cigire bunscoile, 11 cigire iarbhunscoile agus triúr cigirí naíonraí fostaithe ag an roinn chun obair chigireachta agus seirbhísí comhairleacha trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil.

Dúirt cuid mhór de na hairí eile go raibh roinnt daoine ina ranna a raibh Gaeilge acu agus a bhí sásta seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge ‘nuair is gá’. 

Ba í an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta an t-aon roinn rialtais nach raibh in ann figiúirí a chur ar fáil maidir le poist a raibh riachtanas Gaeilge leo ná a rá cé mhéad Gaeilgeoir atá fostaithe sa roinn.

Aistríodh feidhmeanna agus soláthar foirne na roinne sin ón Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta ar an 1 Eanáir 2020, agus tá Scéim Teanga nua á hullmhú agus níl sonraí an tsoláthair teanga ar fáil go fóill. 

Tugadh le fios go bhfuil “socrú” déanta ag an roinn sin leis an Roinn Oideachais le glaonna i nGaeilge a fhreagairt más gá.

Roinn Poist Ghaeilge Poist Iomlána
Roinn an Taoisigh 2 224
Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide 1 415
Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta 0 1,269
Roinn Cosanta 0 358
Roinn Coimirce Sóisialaí 0 6,766
Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige 0 378
Roinn Dlí agus Cirt 1 2,526
Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta 0 993
Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail 0 200
Roinn Iompair 1 537
Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe 0 2,285
Roinn Gnóthaí Eachtracha 3 2,386
Roinn Oideachais 6 1,408
Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta N/A 157
Roinn Sláinte 1 589
Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara 6 3,745
An Roinn Airgeadais 0 321
Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta agus Meán 67 347

 

Fág freagra ar 'Seisear Airí Rialtais ag maíomh nach bhfuil fiú post amháin ina ranna ar gá Gaeilge a bheith ag duine lena dhéanamh'

  • Mánus

    Seanscéal agus meirg air.
    Níl an “Nanny State” aonteangach sásta gníomhú ar son teanga na tíre agus dá bhrí sin teastaíonn fiontraithe óga chun an teanga a choinneáil beo. Ná bímis ag diúl a thuilleadh ón stáitín. Bunaimís comharchumainn tithíochta neamhspleácha LánGhaelacha. Seo deis íontach le pobail le Gaeilge a bhunú.

  • Gabriel Rosenstock

    Jóc.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Seans go bhfuil an cheist mí cheart á chur. D’fhéadfaí an tuiscint a bhaint as na figiúirí, go léiríonn na freagraí an íosmhéid daoine le Gaeilge sa státsheirbhís a theastaíonn, dar leis an Roinn sin. Agus mura dteastaíonn aon duine, ciallaíonn sé nach bhfuil a dhóthain daoine ag lorg seirbhís trí Ghaeilge ón roinn sin! Tuigim go bhfuil baint ag an éileamh ar sheirbhís trí Ghaeilge ar fáil éasca ar an seirbhís. Ní bheidh éileamh ann go mbeidh córas ann leis an éileamh a shásamh. Léiríonn na figiúirí ó na Airí éagsúla nach bhfuil aon chóras acu le déileáil le daoine a lorgaíonn seirbhís trí Ghaeilge.

    Is léir nach ionann na figiúirí seo agus an líon daoine atá in ann a gcuid oibre a dhéanamh go héifeachtach trí Ghaeilge. Ach seans nach bhfuil na figiúirí sin ag na ranna stáit. Cén caoi a mbeadh? Bheadh na figiúirí sin níos spéisiúla.

    Tá réiteach simplí ann: níos mó airgid a íoc le daoine atá fostaithe sa earnáil poiblí atá in ann a thaispeáint go mbeidís in ann a gcuid oibre a dhéanamh go héifeachtach tríd an dá theanga oifigiúil seachas ceann amháin. Chun an t-airgead sin a fháil bheadh orthu scrúdú cainte agus scríofa a dhéanamh chun teastas inniúlachta a fháil, barántas a thabhairt go mbeidís sásta a gcuid oibre a dhéanamh i gceachtar den dá theanga oifigiúil do réir mar a theastódh. Mar chuid den scéim seo bheadh orthu an teastas a athnuachan gach cúig bhliain leis an liúntas a choinneáil.

    Mholfainn an liúntas a bheith mar a chéile do gach duine cuma cé chomh ard nó íseal a bheidís san eagraíocht agus sách tarraingteach, le gur fiú do dhaoine an stró a chur orthu féin.

    B’fhiú do dhream éicint a fháil amach an líon postanna sa státchóras sa Bhreatain Bheag a bhfuil an Breatnais riachtanach leis an post a fháil. Ar an gcaoi sin d’fhéadfaí comparáid a dhéanamh idir an bealach a chaitheann fo-stát de chuid na Breataine leis an dteanga mionlaigh agus an caoi a chaitheann stát neamhspléach ón mBreatain leis an gcéad teanga oifigiúil, mar dhea! B’fhéidir go n-oibreodh náire san áit nach n-oibríonn caint faoi chearta teanga!

  • Seán Mistéil

    Aontaím le donncha go speisialta maidir leis an cheist a cuireadh ar na hAirí agus ceisteanna eile, mar shampla, ‘éileamh’ agus ‘freastal’ . B’fhusa glacadh leis na freagraí seo mar ábhar masla agus náire – ach cén mhaith sin?
    Cúpla ceist “eile”: Cé mhéad Oifigeach Feidhmiúcháin le líofacht sa Ghaeilge atá ceaptha ón bpainéal a earcaíodh i 2020? (Chuala sibh faoi sin?… Ní “rún” é!) Agus cén fáth nach bhfuil riachtanas sa Ghaeilge luaite le GACH post atá ag freastal orthu siúd a lorgaíonn seirbhís Stáit sa Ghaeltacht?

    Maidir le liúntais, nílim ró-chinnte; is baolach gur cinéal eiseamail a bheadh iontu siúd le liúntas agus go ndíreofaí gach cineál ábhar luaite le Gaeilge chucu, agus sin á sheachaint go hiomlán ag an dream eile….

  • Seán Ó Donnchaidh

    Seo sampla de Sheirbhísí trí mheán na Gaeilge:
    Cur glaoch ar Comhairle Cathrach Baile Átha Cliath – “Customer Service” ar 01-22222222 (ní dhéanfá dearmad ar an uimhir sin!).
    “Más maith leat labhairt le ball foirne i nGaeilge Brúigh Uimhir 2”.
    Brúann tú are “2” agus cad a tharlaíonn? Gearrtar an líne – gach uair! (Rinne mé é arís agus arís eile chun a bheith cinnte de.)
    Ar fheabhas nach bhfuil?

  • Seán Ó Donnchaidh

    Tá an ceart ag Donncha Ó hÉallaithe maidir le liúntas agus teastaíocht bunaithe ar líofacht.
    Ach tóg mar shampla cad a tharlaíonn sna hÚdaráis Áitiúla! Tá “Oifigigh” acu le haghaidh gach rud – Oifigeach Sábhailte Bóithre, Oifigeach Sábhailte Uisce – agus Oifigeach na Gaeilge.
    Suas go timpeall 2010 measaim, bhí “Dual Allowance” ann. Tugtar b’fhéidir €5,000 sa bhreis in aghaidh an bhliain do dhuine den bhfoirne chun an post sin a dhéanamh LASMUIGH dá obair/dá gnáth-uaireanta oibre. Ach ó shin i leith, tá an liúntas imithe agus caithfidh an “Oifigeach” an obair a dhéanamh comh maith lena gnáthdualgas – i rith na gnáthuaireanta.
    Mar sin níl mórán suime ag na “hOifigigh” seo sa phost! De gnátha ní dhéanann siad ach ríomhphostanna a sheoladh ar aghaidh ó am go ham. Tá Contae in Oirthear na tíre cóngarach le BAC atá Oifigeach Gaeilge ceapaithe acu le blianta gan comórtas agus – fan leis – nach bhfuil focal Gaeilge ar bith ag an duine sin. Sin eiseamláir brea!

  • Seán Mag Leannáin

    Níos mó poist Ghaeilge de dhíth i státseirbhís an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséal ná i státseirbhís na hÉireann. Cinnte dearfa is jóc é – jóc Éireannach… Irish joke!

  • S. Mac Muirí

    An ceart ar fad ag Gabriel thuas.
    Ní bhfaighfear ón muic ach gnúsacht – freagra béarla ar fhoirm Ghaeilge a bhí líonta i nGaeilg. Cuimhneoidh duine acu san oifig ar ball ar chearta teanga, faoi cheann seachtaine nó mar soin 7 seolfar téacs 10 bhfocal Gaeilge chugat le thú a choinneáil ón gCoimisinéir. Siamsaíocht na státseirbhíse atá ann.
    Ní thig leis an dá stát béarla a athrach a dhéanamh. Beidh siad mar a bhí siad le fada. Sin é an mianach atá iontu.
    99.1% riachtanas béarla – tá na béarlóirí ag déanamh a saibhris ar aon chuma.
    Ba chóir go mbeadh cuid den obair go léir ag dul chuig muintir na Polainnise 7 na Liotuáinise. Dáiríre. Níor chóir go rachadh oiread postanna chuig na hIbernians ar fad.