Ag cur do thuairisce… (na scéalta is mó a léadh le seachtain anuas)

Colún plé agus eolais dár léitheoirí…

Quotations 2

Le teacht ar Tuairisc.ie…

Bíodh súil in airde agaibh mar is gnáth le roinnt scéalta agus colúin shuimiúla eile ar Tuairisc.ie sna laethanta amach romhainn agus leithéidí Phóilín Uí Chiaráin, Cathal Mac Coille, John Allen, Pádraic Ó Ciardha, Alex Hijmans agus Sara Ní Chuirreáin i mbun pinn againn.

Ná bíodh aon leisce oraibh teagmháil a dhéanamh linn faoi aon ghné d’obair Tuairisc.ie ag nuacht@tuairisc.ie nó ar Facebook nó Twitter. Scaipigí an scéal, le bhur dtoil!

 


Na scéalta is mó a léadh ar Tuairisc.ie an tseachtain seo

 

Deireadh fógartha ag Aran Island Ferries lena seirbhís as Ros a’ Mhíl go Cill Rónáin

 

 

Cúig cheantar fógartha mar ‘Líonraí Gaeilge’ ag Foras na Gaeilge

 

 

McGregor ag fanacht i Meiriceá, éagóir á déanamh ar imreoirí an Spidéil agus na Ceathrún Rua agus scéalta eile spóirt…

 

 

Leabhar gnéis gáirsiúil le díol taobh le ‘Paidreacha Laethúla do Pháistí’ ar líne

 

Gaeil na Gaillimhe CLG – macasamhail ‘na Gaeil Óga’ le bunú i gCathair na dTreabh

 


A ndúirt siad…

‘Pé scéal é, is cuma cé chomh tábhachtach is atá an t-ábhar, is beag aird a thabharfar ar aon pháipéar nó ar aon pholasaí a fhógraíonn an rialtas nuair nach bhfuil a fhios acusan ná ag duine ar bith eile an i gceannas nó díomhaoin a bheidh siad san earrach. A Thaoisigh, bheadh gach duine buíoch dá múchfá na soilse – anois, led’ thoil. 

Cathal Mac Coille

‘Drochdhream iad ISIS ach má tá síocháin de chineál eicínt le theacht sa deireadh, caithfear tuiscint a fháil ar na cúinsí a rinne drochdhaoine díobh agus ar an bpáirt a bhí ag tíortha an Iarthair sa bpróiseas sin.’

Seosamh Ó Cuaig

‘Cancar ab ea seicteachas a chráigh pobal an tuaiscirt agus nach bhfuil leigheasta fós; gné eile den fhuath céanna é an ciníochas.’

Póilín Ní Chiaráin

‘Feictear dom gur soiléire ná riamh go gcaithfear an Ghaeltacht a bhogadh: amach ón tuath agus isteach sna cathracha, mar atá déanta i mBéal Feirste agus mar atá á bheartú i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh.’

Alex Hijmans


Rogha na seachtaine

 

Bethlehem, Caliphate, electioneering agus mixed martial arts i measc na bhfocal nua atá curtha leis an bhFoclóir Béarla-Gaeilge

 

Caveat Emptor! Meas tú an bhfuil Gaeilge ag Santaí?

 

‘So much for iargúltacht…’ Nasc fós á dhéanamh idir an Ghaeilge agus míbhuntáistí


Físeán na seachtaine…

 

 

An chéad fhíseán a chuir Tuairisc.ie amach. Beidh fáilte roimh José bocht i gConamara i gcónaí…

 


Sin é ár gcion-na an babhta seo.

Kevin Hickey 

Thar ceann fhoireann Tuairisc.ie

Fág freagra ar 'Ag cur do thuairisce… (na scéalta is mó a léadh le seachtain anuas)'