Cúig cheantar fógartha mar ‘Líonraí Gaeilge’ ag Foras na Gaeilge

Forbairt Feirste, Coiste Forbartha Charn Tóchair, Muintir Chrónáin Teo, Gaeilge Locha Riach agus An Clár as Gaeilge na cúig eagras a bheidh ag ullmhú plean teanga

Foras

Tá cúig ‘Líonra Gaeilge’ fógartha ag Foras na Gaeilge.

Ag cruinniú de chuid Bhord an Fhorais an tseachtain seo caite, ceadaíodh trí iarratas ón deisceart agus dhá iarratas ó thuaidh le plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú i gceantar a bheadh oiriúnach do Líonra Gaeilge.

Is iad Forbairt Feirste, Coiste Forbartha Charn Tóchair, Muintir Chrónáin Teo, Gaeilge Locha Riach agus An Clár as Gaeilge na cúig eagras a bheidh ag ullmhú plean teanga dá gceantar anois.

Beidh ar na hiarratasóirí an plean teanga a fhorbairt agus a aontú le gach dream atá bainteach le cúrsaí Gaeilge ina gceantar féin. Is é is aidhm leis na pleananna seo ná cur le húsáid na Gaeilge i dteaghlaigh, sa phobal, san oideachas, sa saol sóisialta, i gcúrsaí gnó agus san earnáil phoiblí sna ceantair sin.

Cuirfear an dréacht deiridh de gach plean faoi bhráid an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Faoi Acht na Gaeltachta, déanfaidh an tAire na ceantair a ainmniú mar Líonraí Gaeilge. Is é an Foras féin a bheidh freagrach as faomhadh na bpleananna agus ainmniú na Líonraí ó thuaidh.

Dúirt Ferdie Mac an Fhailigh gur “céim mhór” a bhí i dtabhairt isteach na Líonraí.

“Beidh bliain ag na grúpaí roghnaithe anois le plean teanga a chur le chéile don cheantar acu féin. Tá an t-amscála sin dúshlánach ach tá muid dóchasach go mbeidh na grúpaí sna ceantair seo in ann an plean a ullmhú sa tréimhse sin,” a dúirt Mac an Fhailigh.

Dúirt Brian Ó Gabháin, ó Áras Chrónáin in iarthar Bhaile Átha Cliath le Tuairisc.ie, “nach trí thimpiste” a chuaigh an t-iarratas a rinne Muintir Chrónáin Teo ar aghaidh.

“Tá an-áthas orainn go bhfuil muid dulta tríd chuig an tríú cuid den phróiseas, agus ní trí thimpiste a tharla sé sin. Tá daoine ag treabhadh leo ag cur chun cinn na Gaeilge anseo le fiche bliain anuas agus is dócha gurb é an rud is mó faoi seo ná go bhfuil aitheantas á thabhairt do na daoine sin a d’imigh romhainn agus atá ag obair go dian i láthair na huaire.

“Bheadh muid ag súil go dtabharfadh an t-aitheantas seo spreagadh dóibh siúd a bheidh ag teacht inár ndiaidh coinneáil orthu leis an dea-obair atá ar bun,” a dúirt Ó Gabháin le Tuairisc.ie.

Chuir Jake Mac Siacais, ó Fhorbairt Feirste i mBéal Feirste, fáilte roimh fhógra an Fhorais freisin inniu, ach dúirt nár mhaith le lucht labhartha na Gaeilge in iarthar Bhéal Feirste go gcuirfí aon airgead amú.

“Ní bhfuair muid aon sonraí go dtí seo faoi caidé atá i gceist leis go dtí seo, ach fáiltíonn muid roimh an aitheantas atá tugtha don obair atá ar bun anseo. Ní chuirfear aon airgead amú sa Cheathrú Ghaeltachta.

“Suífimid síos lenár gcomhghleacaithe sa phobal Gaeilge agus déanfar cinneadh daonlathach faoi cén dóigh leis an airgead a chaitheamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

“Braitheann sé ar na coinníollacha a leagann an Foras síos; tá súil againn nach bhfuil sé i gceist acu comhairleoirí nó pleanálaithe teanga a fhostú le rá linn cén dóigh an teanga a athréimniú mar tá muidine á dhéanamh sin le 50 bliain,” a dúirt Mac Siacais.

Fág freagra ar 'Cúig cheantar fógartha mar ‘Líonraí Gaeilge’ ag Foras na Gaeilge'