Tá sé tugtha le fios ag Aran Island Ferries tráthnóna go mbeidh deireadh á chur ag an gcuideachta farantóireachta lena gcuid seirbhísí as Ros an Mhíl go Cill Rónáin ag tús na bliana seo chugainn. Táthar ag éirí as an tseirbhís, a dúirt Aran Island Ferries, mar gheall ar bhreithiúnas a rinneadh sa Chúirt Uachtarach inniu i dtaobh achomhairc a bhí déanta ag an gcuideachta.
Thug an chuideachta dhá chás Ard-Chúirte i gcoinne Chomhairle Contae na Gaillimhe agus i gcoinne Roinn na Mara sula ndeachaigh siad os comhair na Cúirte Uachtaraí mar gheall ar tháillí a bhí á ngearradh ar phaisinéirí Aran Island Ferries.
Tuairiscíodh ar Nuacht RTÉ tráthnóna gur rialaíodh san achomharc a bhí os comhair na Cúirte Uachtaraí inniu go raibh sé de cheart ag Comhairle Contae na Gaillimhe táille €0.80 a ghearradh ag Cuan Chill Rónáin, ach nach raibh sé de cheart ag an Roinn Cumarsáide táille €1.20 a ghearradh ag Cuan Ros a’ Mhíl.
De réir an bhreithiúnais a tuairiscíodh, bhí táille €1.20 in aghaidh an duine ‘ró-ard’, agus dúradh nár cuireadh san áireamh ‘an conradh sóisialta’ a bhí i bhfeidhm le muintir Oileán Árann a iompar ó na hoileáin go dtí an mhíntír agus ar ais arís.
Dúirt Aran Island Ferries gur fhág na táillí go mbeidh orthu €120,000 in aghaidh na bliana a íoc le Comhairle Contae na Gaillimhe gach bliain agus nach mbeadh sé d’acmhainn acu an t-airgead sin a íoc.
Thug Nuacht RTÉ le fios go ndúirt an chuideachta, a bhfuil 30 duine fostaithe ann, inniu nach bhfuil aon rogha acu anois ach deireadh a chur leis an tseirbhís farantóireachta.
Socrófar costais na gcásanna cúirte i mí Eanáir.
Fág freagra ar 'Deireadh fógartha ag Aran Island Ferries lena seirbhís as Ros a’ Mhíl go Cill Rónáin'