A Thaoisigh, bheadh gach duine buíoch dá múchfá na soilse láithreach!

Is beag saothar fiúntach a dhéanfar i dTithe an Oireachtais nó go dtoghfar Dáil nua. Tá an 31ú Dáil marbh… A Thaoisigh, toghchán led' thoil!

30/01/2014. Dublin Scenes - Weather. Pictured Leinster House in Dublin this afternoon looking through the gates. Met Eireann issued a weather warning for the comming weekend. Photo: Sam Boal/Photocall Ireland
Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Bíonn áiféis le feiceáil uair éigin i ngach áit. Fiú san áit ar a mbíonn súile an phobail, nó súile iriseoirí ar a laghad, dírithe. ‘Sea, ní sheachnaítear áiféis sna háiteanna sin ach oiread, ainneoin an spraoi a bhaineann ár bhformhór as scéal a léiríonn pleidhcíocht áiféiseach.

Tá an chríoch is áiféisí ariamh dar liom ar chluiche i bPáirc an Chrócaigh le feiceáil ar fhíseán gairid ar YouTube. Admhaím go bhfuil dianchomórtas i gceist, ach seo í mo rogha phearsanta. (Tá an tseoid seo, ‘Barney Rock scores against no-show Langers’, le feiceáil thíos.)

Le linn Shraith Náisiúnta Peile na bliana 1987, thug Corcaigh agus Baile Átha Cliath aghaidh ar a chéile sa chluiche ceathrú ceannais. Bhí na foirne ar comhscór faoi dheireadh. Socraíodh go n-imreofaí am breise, ach ní raibh Corcaigh sásta leis an socrú sin. Níor fhill siad ar an bpáirc imeartha, agus thosaigh siad á ngléasadh féin i gcomhair an turais abhaile.

Nuair a chuir an réiteoir tús leis an tréimhse bhreise mar sin, ní raibh ach na Dubs ar an bhfód. Tar éis cúpla soicind, scóráil Barney Rock an cúl is éasca dár scóráil sé riamh, tharla nach raibh aon chúl báire idir é agus suaithne na heangaí.

Chuir an maor a bhrat glas in airde. Shéid an réiteoir an fheadóg. Bhí an ‘cluiche’ buaite ag Baile Átha Cliath.

Absolutely farcical,’ a dúirt tráchtaire RTÉ Ger Canning agus an láncheart aige.

Bhí macalla den áiféis spórtúil sin in áiféis pholaitiúil an Luain sa Dáil, nuair a phléigh an tAire Stáit Ann Phelan Bille na bPríosún i nDáil Éireann léi féin. Duine ná deoraí ní raibh sa teach, cé is moite den Leas-Cheann Comhairle, Micheál Kitt agus foireann na Dála.

B’ionann na ceisteanna a cuireadh ón gcathaoir Dé Luain (“is the amendment agreed?”) agus caitheamh isteach na liathróide fadó i bPáirc an Chrócaigh; bhí foireann iomlán an fhreasúra in easnamh. Ní raibh an rialtas slán ó locht ach oiread. Is ón Roinn Dlí agus Cirt a tháinig an bille a bhí ar an gClár ach ní raibh aon aire ná aire sóisearach ón roinn i láthair. Ba mar ionadaí a labhair Ann Phelan.

An cur síos is fearr a oireann don ‘díospóireacht’? Mar a dúirt Ger Canning i 198, “absolutely farcical”.

Níl beocht ná anam a thuilleadh sa 31ú Dáil. Is ar an olltoghchán a fhógrófar faoi cheann dhá mhí ar a dheireanaí atá aigne gach duine dírithe. Gach cineál plé, gach ceist agus gach bille a bheidh ar chlár na Dála go gcuirfidh Enda Kenny deireadh lena ré, is ar rogha vótóirí a dhíreofar é.

Is faoi anáil an olltoghcháin freisin atá gach polasaí, nó iarracht polasaí a sheachaint. Cuir i gcás? D’fhoilsigh an tAire Cumarsáide agus Acmhainní Nádúrtha Alex White Páipéar Bán faoi chúrsaí fuinnimh Dé Céadaoin inar fógraíodh nach mbeadh carbón ar bith á aschur sa tír sa bhliain 2100.

Ní chuirfidh sprioc chomh fadtéarmach sin imní ar vótóirí (seachas na Glasaigh agus daoine eile atá ag iarraidh gníomh níos luaithe) agus is beag cur síos atá sa cháipéis ar na beartais a chuirfear i bhfeidhm sa ghearrthéarma.

Pé scéal é, is cuma cé chomh tábhachtach is atá an t-ábhar, is beag aird a thabharfar ar aon pháipéar nó ar aon pholasaí a fhógraíonn an rialtas nuair nach bhfuil a fhios acusan ná ag duine ar bith eile an i gceannas nó díomhaoin a bheidh siad san earrach.

A Thaoisigh, bheadh gach duine buíoch dá múchfá na soilse – anois, led’ thoil.

Is láithreoir é Cathal Mac Coille ar ‘Morning Ireland’ ar RTÉ Raidió a hAon

Fág freagra ar 'A Thaoisigh, bheadh gach duine buíoch dá múchfá na soilse láithreach!'