‘Grandees’ TG4 agus Ambasadóir na Seapáine, ‘Binsí Comhrá’ ar fud na tíre

Gach seachtain cuireann scríbhneoirí éagsúla ar fáil scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc

‘Grandees’ TG4 agus Ambasadóir na Seapáine, ‘Binsí Comhrá’ ar fud na tíre

‘Grandees’ TG4 agus Ambasadóir na Seapáine

Bhí ambasadóir na Seapáine chun na hÉireann, Miyagawa Manabu i measc na ndaoine ar chuir TG4 siamsaíocht chorparáideach ar fáil dóibh ag cluiche ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh seo caite.

Bhí Ambasadóir na Seapáine ag suí in aice leis an bpodchraoltóir agus scríbhneoir Ciarán Murphy ag an gcluiche ceannais agus bhí comhrá breá acu más fíor don chuntas a bhí ag Ciarán ar Second Captains.

Dúirt Murphy chomh maith gur dócha gurb é béas an tSeapánaigh guaim a choimeád air féin a d’fhág nár chaill an t-ambasadóir an ceann le linn chríoch dhrámatúil chonspóideach an chluiche.

Cara le TG4 é ambasadóir na Seapáine chun na hÉireann, Miyagawa Manabu a thug cuairt ar an stáisiún mí Aibreáin seo caite, áit ar úsáid sé cúpla focal Gaeilge i stiúideo na nuachta agus stiúideo na haimsire.

Tuigtear do Dialann Tuairisc go bhfuil Ciarán Murphy ag déanamh clár faisnéise teilifíse faoin iománaíocht faoi láthair.

Ach cé hiad na cairde eile ag an stáisiún a fuair an cuireadh corparáideach? Cuireadh an cheist sin chomh maith ar Second Captains.

“Captains of industry, a number of MEPs, a number of Teachtaí Dála, TG4 grandees and other lovers of the language,” arsa Ciarán Murphy.

Gan amhras, tá an-rath ar an urraíocht atá á déanamh ag TG4 ar pheil na mban le 25 bliain anuas agus níos túisce i mbliana cuireadh síneadh cúig bliana leis an socrú atá acu le Cumann Pheil na mBan.

209,000 duine, ar an meán, a d’fhéach ar chraoladh beo TG4 ar chluiche ceannais na sinsear, idir Gaillimh agus Ciarraí, Dé Domhnaigh.

Bhí Dialann Tuairisc i measc na ndaoine sin agus bhaineamar ana-thaitneamh as an gcraoladh teilifíse ar na cluichí móra.

Ar ndóigh, ní raibh aon rogha eile againn mar ní foláir gur chuaigh ár gcuireadh corparáideach ónár gcairde i mBaile na hAbhann amú sa phost.

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Binsí Comhrá ar fud na tíre

Má tá imní ort nach bhfuil a dhóthain á dhéanamh ag an Rialtas leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur chun cinn, féadfaidh tú d’imní a chaitheamh díot anois.

Tá an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta ag tacú le ‘Binsí Comhrá’ ar fud na tíre. Comhoibriú atá ann idir Oifig na nOibreacha Poiblí, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Gaeilge365 le ‘spásanna fáilteacha’ a chur ar fáil a thabharfaidh deis do dhaoine Gaeilge a labhairt.

Cuireadh tús leis an togra i mBaile Átha Cliath anuraidh agus d’éirigh go maith leis, is cosúil, is táthar á leathnú amach ar fud na tíre anois. Tá na binsí comhrá le fáil i 40 ionad go náisiúnta faoi láthair.

Sula gcuirfidh tú ceist, tá sé deimhnithe againn nach bhfuil Gaeilge ag na binsí féin. Ní Gael-Róbat-Binse-2000 é ná tada mar sin, is gnáthbhinsí atá iontu ar a bhfuil comhartha speisialta greamaithe ag moladh do dhaoine Gaeilge a labhairt agus iad ag suí ar an mbinse.

Smaoineamh simplí atá ann, níl le déanamh agat ach suí síos ar an mbinse mar a shuífeá ar aon ghnáthbhinse gallda, agus tosú ag caint Gaeilge leis an té atá le do thaobh. Éasca péasca!

Níl aon chóras faireachais i gceist leis. Ní thosóidh aláram ag lascadh má thosaíonn tú ag spalpadh Béarla ná ní tharraingeoidh tú mí-ádh anuas ar do chlann is ar do shliocht, go bhfios dúinn.

Ach meas tú nach bhfuil gá le roinnt treoirlínte nó rialacha iompair?

Má tá tú i do shuí ag caint Gaeilge le do chlann nó do chairde ar an mbinse ar chóir go mbeadh cosc ar éinne a ghabhfadh tharat rudaí ar nós, ‘aren’t ye great speakin’ the Irish’ a rá, ná a mhalairt, ‘why are ye talkin’ that ol’ Irish?’

Má tá Gaeilge agat agus nach bhfuil fonn cainte ort, céard a tharlóidh?

B’fhéidir go bhfuil tú ag iarraidh do leabhar a léamh ar do shuaimhneas agus do chaife a ól, an bhfuil iachall ort Gaeilge a labhairt ar ais leis an té a labhródh an cúpla focal leat? An bhféadfaidh beirt Ghaeilgeoirí suí go socair le taobh a chéile?

Bridget Bhreathnach

Gaeltacht Antartaice

Bhí alt ar The Irish Times an tseachtain seo a scríobh bean darbh ainm Pauline Kelly a chuaigh go hAntartaice “leis an nGaeilge a thabhairt ann”. Is léir ón alt nár aimsigh Pauline an Ghaeilge a d’fhág mé féin i mo dhiaidh ann ón gcuairt a thug mé ar Chríoch an Oighir an bhliain seo caite. Go deimhin, ghlac mé páirt in eagrán de An Pod Gaeilge agus mé ag breathnú ar oighearshruthanna maorga na hilchríche ag sleamhnú go mall réidh le fána.

Is dóigh liom gur mé féin an chéad, agus go dtí seo an t-aon duine a rinne agallamh beo le RTÉ Raidió na Gaeltachta ó Antartaice (ar Iris Aniar), agus labhair mé le hóige Ros an Mhíl i bhfíseán a taifeadadh i gcadhc agus mé ar an bhfarraige in éindí leis na piongainí. Foilsíodh gailearaí de mo thuras Gaelach ó dheas in Comhar an Mhárta freisin.

Ach ní raibh sé de chroí ionam a rá le Pauline bhocht ach an oiread go bhfuil fianaise againn gur thug teanga Bhríd agus Phádraig a céad chuairt ar Antartaice chomh fada siar leis an mbliain 1916 – agus seans níos faide siar fós. Tá cur síos ina leabhar South ag an Éireannach Ernest Shackleton (Earnán Ó Geimhligh?) ar amhránaíocht Tom Crean as Abhainn an Scáil i gCiarraí. Bhí Crean agus Shackleton ar an James Caird a rinne aistear éachtach mara ó Oileán na nEilifintí go dtí an tSeoirsia Theas in Aibreán na bliana 1916. Is mar seo a chuir Shackleton síos ar cheol an Chiarraígh:

One of the memories that comes to me from those days is of Crean singing at the tiller. He always sang while he was steering, and nobody ever discovered what the song was. It was devoid of tune and as monotonous as the chanting of a Buddhist monk at his prayers; yet somehow it was cheerful. In moments of inspiration Crean would attempt ‘The Wearing of the Green’.

Cruthúnas é sin, dar liom, go raibh Crean ag gabháil fhoinn ar an sean-nós agus é in Antartaice, cé nár aithin Shackleton amhránaíocht a thíre dúchais, beagnach fiche bliain ó cuireadh Oireachtas na Samhna ar bun. Má bhí Crean ag casadh stéibheanna ar an Endurance i 1916, tá mé cinnte gur chan sé corrlíne agus é le Scott ar an Discovery i 1901.

An t-aon bhotún a rinne Crean agus mé féin araon ná nár thug muid comhartha beag ‘Pop Up Gaeltacht’ linn ó dheas.

Maitiú Ó Coimín

Fág freagra ar '‘Grandees’ TG4 agus Ambasadóir na Seapáine, ‘Binsí Comhrá’ ar fud na tíre'