
McGregor – rómhór d’Éirinn agus do Pháirc an Chrócaigh
Is cuma má cheapann tú gur raiméis é 90% dá mbíonn le rá ag Conor McGregor, nuair a labhraíonn sé faoi chúrsaí troda an chró, déanann sé beart de réir a bhriathair. Ar maidin Dé Domhnaigh, níor thóg sé ach 13 soicind air an ceann is fearr a fháil ar fhear atá aitheanta mar dhuine de na trodaithe is fearr a chonacthas sa UFC. Thóg sé níos faide ar dhaoine éirí ón leaba chun an troid a fheiceáil!
Léiríonn an méid daoine a d’éirigh nó a d’fhan ina suí go dtí a cúig a chlog ar maidin chun an troid a fheiceáil cé chomh tógtha agus atá daoine sa tír seo le McGregor. Mar gheall air sin, nuair a luann sé go bhfuil sé ag iarraidh a chraobh a chosaint in Éirinn, níl sé deacair a shamhlú go mbeadh 80,000 duine sásta airgead a íoc chun é a fheiceáil i bPáirc an Chrócaigh.
Faraor, is beag seans go dtarlóidh sé. Meastar gur shaothraigh McGregor thart ar $5,000,000 ón rud uile ach níor tháinig ach 10% de sin ó dhuaischiste na troda. Tiocfaidh an chuid eile ón airgead a d’íoc daoine chun an troid seo a fheiceáil ar an teilifís agus is as sin a thagann an chuid is mó de bhrabús an UFC. Dá mbeadh troid ar siúl in Éirinn, chraolfaí i lár an lae é i Meiriceá, rud a chuirfeadh isteach go mór ar líon na ndaoine a d’íocfadh airgead lena feiceáil ar an teilifís. Is é sin an bac is mó atá ar McGregor teacht abhaile.
Na Laighnigh agus na Muimhnigh fós gan ábhar dóchais
Is é an rud is measa a d’fhéadfá a rá faoi thaispeántais Chúige Laighean agus Chúige Mumhan ag an deireadh seachtaine ná nach raibh ar a gcéilí comhraic a bheith i mbarr a maitheasa . Sa Fhrainc, thug Toulon ceann de na taispeántais is scaipthe a thug siad le tamall agus a gcuid imreoirí fós ag dul in aithne ar a chéile. I bPáirc Thuamhan, beidh díomá ar Anthony Foley leis na trí úd bhoga a d’aimsigh Leicester.
Is deireadh seachtaine é a mbeidh an dá leathchúlaí ag iarraidh dearmad a dhéanamh air chomh maith. Agus na Laighnigh chun deiridh, 10-9, bhí deis ag Johnny Sexton a fhoireann a chur chun cinn ach chuir sé cic éirice sách éasca amú. Ba é sin scéal an chluiche do Sexton, a thug taispeántas a bhí breac le botúin. Bhí rudaí níos measa fós d’Ian Keatley, a chuir trí iarracht ar na postaí amú agus lig an slua osna faoisimh astu nuair a tógadh den pháirc é agus seacht nóiméad fágtha.
Cé nach bhfuil ceachtar foireann curtha as an áireamh ar fad maidir le cáiliú óna gcuid ngrúpaí, is beag seans atá acu an taoide a chasadh. Ó tharla nach mbíonn mórán measa ag lucht tacaíochta na bhfoirne seo ar an Pro12, gach seans go mbeidh suim caillte acu siúd sa séasúr seo roimh an mbliain nua.
Éagóir á déanamh ar imreoirí an Spidéil agus na Ceathrún Rua i nGaillimh
An tseachtain seo caite, déanadh cinneadh fód nua a chur síos timpeall ar na cúil i Staid an Phiarsaigh i mBóthar na Trá. Agus é mar phríomhpháirc iomána agus peile na Gaillimhe, ní haon iontas é go mbeifí ag iarraidh é a dheisiú agus an séasúr thart. Is í an fhadhb a bhí ann ná nach bhfuil an séasúr thart i nGaillimh, cé go bhfuil muid i lár mhí na Nollag, agus bhí dhá chluiche ceannais an chontae le n-imirt ar an bpáirc chéanna thar an deireadh seachtaine. Chun rudaí a dhéanamh níos measa, tá an chuid is mó de na páirceanna eile sa chontae, go háirithe in oirthear na Gaillimhe, faoi uisce.
Is é an toradh air sin ná go bhfuil cluiche ceannais peile Faoi-21 na Ceathrún Rua curtha siar go dtí an bhliain nua agus cluiche ceannais iomána Sóisear A an Spidéil curtha siar go dtí an Domhnach seo chugainn, cé nach bhfuil páirc aimsithe fós don dá chluiche.
Thosaigh feachtas na Ceathrún Rua ar an 7 Feabhra, rud a chiallóidh go dtógfaidh sé beagnach bliain iomlán orthu cúig chluiche a imirt. Cuireadh moill ar chomórtais nuair a shroich mionúir agus sinsir na Gaillimhe cluichí ceannais iomána na hÉireann agus ní féidir an milleán a chur ar na hoifigigh maidir leis an drochaimisir, ach nuair a dhéantar cinneadh cosúil leis an gceann a déanadh maidir le Staid an Phiarsaigh an tseachtain seo caite, bheadh ort tosaíochtaí bhord an chontae a cheistiú agus an chuma ar an scéal go bhfuil siad ag díriú ar chomórtais 2016 nuair nach bhfuil cinn 2015 fiú críochnaithe.
Bliain Arsenal? Nó an gclisfidh siad arís?
Agus drochscéal faighte acu arís gur in aghaidh Barcelona a bheidh siad sa chéad bhabhta eile de Shraith na gCuradh, ar a laghad, is féidir le lucht tacaíochta Arsenal sólás a bhaint as tábla na Príomhroinne i Sasana.
Mar sin féin, ní hé seo an chéad uair go bhfuil Arsenal feicthe againn ar bharr na sraithe nó gar dó an t-am seo bliana agus arís agus arís eile, thit siad as a chéile i rith an earraigh. Dealraíonn sé go bhfuil rudaí beagáinín difriúil i mbliana, áfach. Cé go raibh roinnt drochthorthaí acu sa Phríomhroinn agus i Sraith na gCuradh cúpla seachtain ó shin, tá misneach léirithe agus rudaí á gcur ina gceart ó shin gan cuid dá n-imreoirí is tábhachtaí a bheith ar fáil acu – leithéidí Alexis Sanchez, Santi Cazorla agus Francis Coquelin.
Má tá Wenger agus Arsenal ag iarraidh an tsraith a bhuachan den chéad uair le 12 bliain, déarfá gur cluiche an-tábhachtach go deo é ceann an Luain seo chugainn in aghaidh Manchester City. I bhfad rómhinic a theip ar Arsenal in aghaidh na bhfoirne móra sna mblianta roimhe seo ach, arís ar ais, b’fhéidir go bhfuil an fhadhb sin réitithe acu i ndiaidh a mbua in aghaidh Manchester Utd níos luaithe sa séasúr. Beidh an freagra na gceisteanna againn faoi cheann seachtaine.