Leabhar gnéis gáirsiúil le díol taobh le ‘Paidreacha Laethúla do Pháistí’ ar líne

Tháinig leabhar gnéis gáirsiúil aníos i measc na dtorthaí ar chuardach a rinne tuismitheoirí do leabhair Ghaeilge do pháistí ar an suíomh amazon.co.uk

Screen Shot 2015-12-11 at 19.16.49.png

Baineadh geit as tuismitheoirí Gaelacha an tseachtain seo caite agus iad ag cuardach an tsúimh amazon.co.uk ar thóir leabhar Gaeilge dá bpáistí mar bhronntanais Nollag.

Mar a bheifeá ag súil, nuair a rinne siad cuardach ar na focail ‘leabhair do pháistí’ ar Amazon tháinig roinnt mhaith leabhair Ghaeilge don aos óg aníos ar an scáileán, ach neadaithe go hurchóideach díreach roimh Paidreacha Laethúla do Pháistí, bhí leabhar gáirsiúil dar teideal ‘Dr Horrible chun sruthán na liopaí bleeding anal, gnéas béil agus jizz’.

Dúirt duine de na tuismitheoirí le Tuairisc.ie gur “baineadh geit mhór astu”.

“Chuimhnigh mé láithreach ar an scéal go raibh an Ghaeilge á húsáid ag daoine chun ábhar gáirsiúil a cheilt ó lucht maoirseachta Youtube. Ní raibh an chuma air seo gurb amhlaidh a bhí an scéal, ach baineadh geit asam mar sin féin,” a dúirt sí.

Is é A. A. Bort a scríobh an leabhar Dr Horrible agus tugtar le fios i mír eolais Amazon gurb í an ceathrú cuid de shraith an Dr Horrible agus Dr Gruselitch. Foilsíodh an leagan Gaeilge leis an uirlis foilsitheoireachta baile CreateSpace i mí na Samhna na bliana seo caite.

Screen Shot 2015-12-09 at 18.27.47

Tá an chosúlacht ar an scéal gur i mBéarla nó i nGearmáinis a scríobhadh an bunsaothar, a bhfuil seachtó leathanach ar fad ann, agus gur cuireadh an téacs trí Google Translate. Tá leaganacha eile den scéal ar fáil i dteangacha eile ach cuardach a dhéanamh ar ainm na bpríomhcharachtar.

Screen Shot 2015-12-11 at 19.24.42
Clúdach Gaeilge an leabhair ‘Dr. Horrible’

Tagann an leabhar ‘foréigin, gnéis agus drugaí’ aníos sa chuardach mar gheall ar an rabhadh a thugtar ar leathanaigh tosaigh an scéil ‘níor chóir do pháistí agus do dhaoine óga’ é a léamh. Ní ligtear do dhuine níos mó den rabhadh sin a fheiceáil sa sliocht beag a thaispeántar taobh leis an teideal, ach, íorónach go maith, is cosúil gurb é an rabhadh seo a d’fhág i measc na leabhar Gaeilge do pháistí é.

Tá drochaistriúchán Gaeilge de na trí leabhar eile sa tsraith: Gnéas, d’fhuil agus Miotal Trom; Gnéas, d’fhuil agus Miotal Trom (sa asal); agus Anal, ó Bhéal, is cuma príomh gnéas fuilteacha ar fáil ar Amazon.co.uk freisin ach ní thagann siad aníos ar chuardach do leabhair Ghaeilge.

Tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil cúpla leabhar eile, nach bhfuil chomh gáirsiúil céanna ach a foilsíodh le cúnamh CreateSpace agus a aistríodh le cúnamh Google Translate, ar fáil ar Amazon agus iad i measc na dtorthaí a fhaightear ar an gcuardach. Tá na saothair Is Satan coinín agus An 14 tairseacha agus an rúnriamhair na Noga Turna ina measc.

Fág freagra ar 'Leabhar gnéis gáirsiúil le díol taobh le ‘Paidreacha Laethúla do Pháistí’ ar líne'

  • Fearn

    “Leabhar gnéis gáirsiúil le díol taobh le ‘Paidreacha Laethúla do Pháistí’ ar líne”

    Óch! Bhfuil Cúirt an Mheán Oíche i gcló arís. leoga? :-)