Gaeil na Gaillimhe CLG – macasamhail ‘na Gaeil Óga’ le bunú i gCathair na dTreabh

Reáchtálfar cruinniú poiblí faoi bhunú an chumainn nua in Áras na nGael ar 20 Eanáir 2016. Tá súil ag lucht a bhunaithe cainteoirí Gaeilge na cathrach a mhealladh agus dá fhoireann peile a thosú an bhliain seo chugainn

12341487_1500665066895380_5265516237493211830_n-1

Tá cumann nua lánGhaeilge de chuid Chumann Lúthchleas Gael le bunú i gcathair na Gaillimhe an bhliain seo chugainn ar mhúnla ‘Na Gaeil Óga CLG’ i mBaile Átha Cliath.

Tháinig grúpa daoine óga le chéile ag an ócáid ThinkDay i Thinkhouse i mBaile Átha Cliath a bhfuil spéis acu a leithéid de chumann a fheiceáil i nGaillimh agus bheartaigh siad  ‘Gaeil na Gaillimhe CLG’  a chur ar bun.

Tá súil ag lucht a bhunaithe go mbeidh dhá fhoireann peile ann i dtús aimsire, foireann na bhfear agus foireann na mban. Tá tacaíocht faighte ag an gcumann ó Bhord an Chontae i nGaillimh don dá fhoireann cheana féin agus eagrófar cruinniú poiblí i mí Eanáir in Áras na nGael sa chathair chun an cumann a phlé.

Cé nach bhfuil aon bhaint dhíreach ag Conradh na Gaeilge le bunú an chumainn tá tacaíocht á cur ar fáil ag an eagraíocht don chumann nua agus tá Club Áras na nGael sásta urraíocht a dhéanamh ar na geansaithe a bheidh acu.

Beidh fáilte roimh dhuine ar bith ar mhaith leo peil a imirt ‘trí mheán na Gaeilge’ ag an gcruinniú poiblí san Áras ar 20 Eanáir 2016 ag 7.30in. Tá lucht bunaithe an chumainn ag súil go meallfar a dhóthain daoine, idir fhir agus mhná, a bhfuil Gaeilge acu chun an dá fhoireann a chur ar bun.

Beidh an cumann dírithe ar chainteoirí Gaeilge na Gaillimhe, cainteoirí a d’aistrigh chuig an gcathair mar a gheall ar chúinsí oibre nó staidéir, nó duine ar bith eile ar spéis leo a gcuid Gaeilge a úsáid i gcomhthéacs sóisialta.

Dúirt Evelyn Fennelly, duine de bhunaitheoirí an chumainn, le Tuairisc.ie go bhfuil ag éirí go maith leis an réamhullmhúchán agus súil aici go mbeidh an dá fhoireann ag imirt go luath san Athbhliain.

“Tá ár ndóthain ban againn cheana féin d’fhoireann amháin agus cúpla fear. Teastaíonn tuilleadh mná uainn chomh maith le fir freisin ach beidh muid ag súil le níos mó daoine tar éis an chruinnithe i mí Eanáir.

“Tá Bord an Chontae tar éis a rá linn go mbeidh cead againn Páirc an Phiarsaigh a úsáid do chluichí baile agus is tús maith é sin freisin,” a dúirt Fennelly.

Bunaíodh Na Gaeil Óga CLG san ardchathair sa bhliain 2010. Ní raibh ach aon fhoireann amháin sa chumann nuair a bunaíodh an chéad lá é, ach tá sé tar éis fás ó shin i leith agus dhá fhoireann peile d’fhir, foireann amháin peile do mhná, foireann amháin iomána, foireann camógaíochta agus foirne faoi aois acu anois freisin. Glacann na foirne peile páirt i gComórtas Peile na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Gaeil na Gaillimhe CLG – macasamhail ‘na Gaeil Óga’ le bunú i gCathair na dTreabh'