Comhaontú Aeráide Pháras agus an Ghaeilge

Beidh tionchar mór ag an gcomhaontú faoi athrú aeráide a aontaíodh i bPáras ag an deireadh seachtaine ar an nGaeltacht agus ar an nGaeilge, a thuarann ár gcolúnaí

Tamworth_Canada_Gaeltacht_sign

728 mbliana ó shin an tseachtain seo, tharla tubaiste timpeallachta a raibh tionchar mór millteach teangeolaíochta aici. Creid é nó ná creid, ach i lár na Meánaoiseanna, bhí an domhan ag téamh agus bhí leibhéal na farraige ag ardú. Oíche an 13 Nollaig 1287, tharla Tuile San Lucia, a áirítear go dtí an lá inniu mar an cúigiú tuile is measa i stair na cruinne. Tuaisceart na hÍsiltíre agus iarthuaisceart na Gearmáine a buaileadh. Meastar gur bádh idir 50,000 agus 80,000 duine.

Lena chois sin, bádh na mílte ciliméadar cearnach talún. Na hoileáin sin amach ó chósta thuaidh na hÍsiltíre agus na Gearmáine agus amach ó chósta thiar na Danmhairge? Roimh Thuile San Lucia, ba iad na hoileáin sin an cósta. Níorbh ann don Waddenzee, an fharraige a scarann iad ón mórthír. Ná níorbh ann don Zuiderzee – nó an IJsselmeer mar a thugtar air anois – an mhuirloch mhór mhillteanach a scarann an Fhreaslainn, i dtuaisceart na hÍsiltíre, ón Ollainn, in iarthar na tíre.

Agus an tionchar teangeolaíoch? Rinne Tuile San Lucia mionteanga den Fhreaslainnis. Sular scar an mhuirloch fhairsing sin an Fhreaslainn ón Ollainn, ba Fhreaslainnis – agus ní Ollainnis – a labhraíodh in iarthar na hÍsiltíre ar fad. Murach an slad a rinne an fharraige ar lucht labhartha na Freaslainnise agus murach an teorannú fisiciúil a rinneadh orthu mar phobal, Freaslainnis a bheadh á labhairt sa chuid is mó den Ísiltír inniu.

Níl sa scéal thuas ach sampla chun a léiriú gur féidir tionchar mór millteach teangeolaíochta a bheith ag athrú aeráide. Ar ndóigh, tharla an scéal seo na céadta bliain ó shin – ach creidim go mbeidh tionchar ag an athrú aeráide atá ar siúl faoi láthair ar theangacha an domhain freisin, an Ghaeilge san áireamh.

Ní faoi thuilte tubaisteacha atá mé ag caint i gcás na Gaeilge – cé nach dteastódh ach oiread na fríde d’ardú ar leibhéal na farraige chun Beinn na Faoghla agus Uibhist-a-Tuath, dhá oileán amach ó chósta na hAlban a bhfuil Gaeilge na tíre sin fós á labhairt iontu, a bhá go deo. Ag caint faoin tionchar teangeolaíoch a bheidh ag an gcomhaontú aeráide a aontaíodh i bPáras ag an deireadh seachtaine atá mé.

Níl anseo ach tairngreacht, ar ndóigh, ach feictear dom gur ar cheantair tuaithe – ar cheantair ar nós cheantair na Gaeltachta – is mó a bheidh tionchar ag na polasaithe a bheidh ar Éirinn agus ar an Eoraip a chur i bhfeidhm chun a ndualgais aeráide, faoi mar a leagadh síos i gComhaontú Párais, a chomhlíonadh.

Tiocfaidh deireadh le baint na móna. Beidh impleachtaí móra ag Comhaontú Párais d’fheirmeoirí beithíoch. Tógfar muilte gaoithe agus, cá bhfios, stáisiúin ghiniúna leictreachais a bhainfidh úsáid as taoillí na farraige. Athróidh bealach saoil agus tírdhreach na Gaeltachta agus ceantar tuaithe eile.

Ach ní shin an t-aon rud a tharlóidh. Ós rud é go mbeidh sé i bhfad Éireann níos éasca ar rialtais aidhmeanna aschuir a bhaint amach má bhíonn cónaí ar dhaoine gar dá chéile, i gcathracha eagraithe, inbhuanaithe, seachas scaipthe amach faoin tuath – smaoinigh ar scéimeanna iompair phoiblí, mar shampla – feictear dom go gcuirfidh Comhaontú Párais dlús faoi phróiseas atá ar siúl ar fud na cruinne le blianta: bánú na tuaithe.

An gciallaíonn sé sin go gcuirfidh Comhaontú Pháras deireadh leis an nGaeltacht? Ní gá sin ar chor ar bith. Ach feictear dom gur soiléire ná riamh go gcaithfear an Ghaeltacht a bhogadh: amach ón tuath agus isteach sna cathracha, mar atá déanta i mBéal Feirste agus mar atá á bheartú i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh. An tionchar teangeolaíoch a bheidh ag Comhaontú Pháras ar an nGaeilge, measaim, ná go gcuirfidh sé dlús le próiseas atá ar siúl cheana féin: déanfaidh sé teanga uirbeach di faoi dheireadh is faoi dheoidh.

Fág freagra ar 'Comhaontú Aeráide Pháras agus an Ghaeilge'

  • Seán Míchaèl O Donnchadaha

    An ceart Ar fad agat, beidh desireadh leis an Gaeilge muna gcuirfear dlùs leis I mBaile Àtha Cliath

  • padraig

    ‘Tiocfaidh deireadh le baint na móna?’ Agus cad faoi Phointe na Maighne an sceitheoir CO2 is mó san Eoraip?

  • Pádraig Ó Cíobháin

    Dâla an diomáiste a dhein na bainc i gcás na heacnamaíochta go bhfuil na gnáthdhaoine ag díol go daor as siad a bheidh thíos le saint na n-ollchomhlachtaí soláthar fuinnimh feasta. Deirimse cultúr, teanga is pobal ann! Ní bhainid lena ngnó … ach, beir leat go bhfuil ‘gnó’ acu dóibh!

  • Dónall Ó Cnáimhsi

    Nach ndéan Niall Ó Dónaill tairngreacht/ moladh mar seo in san leabhar ‘ Forbairt na Gaeilge’ a folsíodh thiar sna 50í?