Seacht miotas faoin Úcráin…

Bíonn an iomarca den phlé faoi ionradh na Rúise ar an Úcráin bunaithe ar eolas bréagach, míchruinn nó easnamhach

Seacht miotas faoin Úcráin…

Ceann de phríomh-aidhmeanna mo shraith altanna faon Úcráin ná miotais, míthuiscintí, claondearcthaí agus anailís easnamhach a bhí scaipthe ag bolscairí na Rúise, agus fiú ag meáin chumarsáide an iarthair, faoin Úcráin a bhréagnú nó a shoiléiriú.  Tá a lán acu ann agus leanann tráchtairí áirithe á gcraobhscaoileadh ar nós gur fíricí doshéanta iad nach bhfuil aon ghá fianaise a chur ar fáil chun tacú leo. Tá athrá déanta chomh minic sin ar chuid acu go bhfuil glactha leis ag sciar áirithe den phobal go bhfuil siad fíor.

Seo roinnt de na príomh-mhiotais, míthuiscintí agus claondearcthaí faoin Úcráin.

1. Is eagraíocht Naitsíoch oscailte é Reisimint Azov

Bunaíodh Azov mar mhílíste d’óglaigh i mí Bealtaine 2014. Bhí Nua-Naitsithe chun cinn i measc lucht bunaithe na reisiminte. Níorbh nua-Naitsithe formhór na ngnáthbhall. In 2015 tugadh reisimint Azov faoi scáth an Gharda Náisiúnta agus rinneadh dípholaitiú uirthi go hoifigiúil.  Maíonn reisimint Azov nach bhfuil aon bhaint acu leis an Nua-Naitsíochas.  Is ábhar easaontais cén rian den Nua-Naitsíochas atá fós sa reisimint tar éis an dípholaitithe. Ní aontaíonn ceannairí Giúdacha san Úcráin leis an léiriú ar Azov mar reisimint Naitsíoch.

Cad é fírinne an scéil faoin gcathlán Azov san Úcráin?

2. Tá tromlach mhuintir an Donbas ag iarraidh a bheith aontaithe leis an Rúis

Léiríonn an fhianaise atá againn ó thorthaí reifrinn, ó thoghcháin agus ó phobalbhreitheanna roimh 2014 gur a mhalairt a bhí fíor.  Bhí tromlach an phobail sa Donbas ar son go bhfanfadh an Úcráin mar stát aontaithe neamhspleách. Bhí tromlach i gcoinne na Rúise a bheith ag cur fórsaí isteach sa tír, ach i gcoinne ballraíocht i NATO freisin.  An t-aon pháirtí polaitiúil a thacaigh go soiléir le haontú leis an Rúis – An Bloc Rúiseach – theip air suíochán a bith a bhuachaint in olltoghchán 2012.  Is dócha go  bhfuil an chuid is mó de na daoine atá fágtha sa Donbas anois i bhfabhar a bheith mar chuid den Rúis, ach dá gcuirfí san áireamh gach duine a d’fhág de bharr na cogaíochta ó 2014 ar aghaidh bheadh tromlach ar son fanacht san Úcráin.

Níl cúrsaí féiniúlachta, teanga agus polaitíochta in Donbas chomh simplí is a thugtar le fios

3. D’eagraigh Meiriceá coup i gcoinne rialtas daonlathach pro-Rúiseach na hÚcráine in 2014

Ní ‘coup’ a bhí in imeachtaí 2014 de réir aon ghnáthshainmhíniú ar an bhfocal sin.  Níor ghníomhaigh an t-arm i gcoinne an rialtais, níor cuireadh aon bhac ar fheidhmiú na parlaiminte agus níor cuireadh toghcháin ar fionraí nó ar ceal.  Ghlac na milliúin léirsitheoirí ar fud na tíre páirt in agóidí i gcoinne chinneadh an uachtaráin Yanukovych dul siar ag an nóiméad deireanach ar chinneadh comhaontú a dhéanamh leis an Aontas Eorpach, comhaontú ar vótáil 315 as 349 feisire sa Rada (parlaimint) ar a shon.  Mhéadaigh ar an tacaíocht do na léirsithe nuair a thug Yanukovych isteach dlíthe nua ag cur cosc ar léirsithe agus ag cur srian ar shaoirse cainte.  Chas an pharlaimint i gcoinne an uachtaráin nuair a mharaigh a fhórsaí breis agus 100 léirsitheoir.  Theith Yanukovych ó Chív, vótáil an pharlaimint é a bhriseadh as oifig, uachtarán eatramhach a cheapadh agus rialtas sealadach nua a chur in oifig.  Thacaigh Meiriceá leis na léirsitheoirí agus an freasúra agus thacaigh an Rúis le Yanukovych.

Réabhlóid na Dínite san Úcráin – coup d’état nó feachtas cearta an duine?

4. Mharaigh an Úcráin 14,000 sibhialtach sa Donbas idir 2014 agus 2021

De réir na Náisiún Aontaithe maraíodh 3,106 sibhialtach sa choimhlint san Úcráin idir 2014 agus 2021.  San áireamh ansin tá sibhialtaigh a mharaigh fórsaí na hÚcráine agus sibhialtaigh a mharaigh fórsaí na Rúise.  Maraíodh an chuid is mó acu – breis agus 3,000 – sa chéad dhá bhliain tar éis thús na coimhlinte.  Ina dhiaidh sin thosaigh líon na mbásanna ag dul i léig: 27 in 2019, 26 in 2020, agus 25 in 2021.  Níor mhiste a lua nár maraíodh éinne i gcogaíocht sa Donbas sular thrasnaigh fórsaí Rúiseacha an teorainn in 2014.  

5. Bhuaigh Uachtarán ‘pro-Rúiseach’ Victor Yanukovych toghchán na hUachtaránachta san Úcráin in 2012 rud a léiríonn go raibh leath an phobail ‘ar son na Rúise’

Tá míthuiscint ann go raibh an pobal san Úcráin scoilte roimh 2014 mar a bhí an pobal i dTuaisceart na hÉireann deighilte ar feadh i bhfad idir Náisiúntóirí a bhí i bhfabhar aontú leis an gcuid eile d’Éirinn agus Aontachtóirí a bhí ag iarraidh fanacht aontaithe leis an mBreatain.  Síltear mar sin go raibh leath an phobail san Úcráin ag iarraidh an beith aontaithe leis na Rúis agus leath ina choinne sin.  Ach sna blianta roimh 2014 bhí formhór an phobail i bhfabhar Úcráin neamhspleách, le comhaontú leis an Aontas Eorpach AGUS caidreamh agus gaol gairid leis an Rúis.  Ba mhionlach an dream a bhí go hiomlán pro-Rúiseach agus frith-Iartharach agus vice versa. Bhí páirtí ‘pro-Rúiseach’ Yanukovych, Páirtí na Réigiún, i bhfabhar comhaontú leis an Aontas Eorpach mar shampla. Is iad eachtraí 2014 agus na blianta ina dhiaidh sin a chuir iachall ar dhaoine taobh amháin nó an taobh eile a roghnú.  Roghnaigh a bhformhór taobh na hÚcráine, formhór na bpolaiteoirí ‘pro-Rúiseacha’ san áireamh.

Miotas agus míthuiscint faoin Úcráin a thagann ó léamh lochtach

Mórathrú ar dhearcadh mhuintir na hÚcráine i leith an Aontais Eorpaigh agus na Rúise

6. Tá an dá thaobh chomh dona lena chéile ó thaobh cearta daonna a shárú agus coireanna cogaidh ach tá na meáin claonta i gcoinne na Rúise

Léiríonn tuairiscí agus ráitis ó eagraíochtaí chearta daonna neamhspleácha ar nós Coimisiún na Náisiún Aontaithe Um Chearta an Duine, Human Rights Watch, Amnesty International agus Cumann na Croise Deirge go bhfuil sáruithe cearta daonna agus coireanna cogaidh na Rúise i bhfad níos líonmhaire agus níos measa ná cinn na hÚcráine.

An bhfuil an dá thaobh chomh dona lena chéile sa chogadh. Níl agus seo an fhianaise…

7. Bhí comhaontú síochána ann faoin Donbas – comhaontú Minsk – ach theip air mar gur dhiúltaigh an Úcráin cloí leis

Faoi Chomhaontú Minsk bhí fórsaí na Rúise le tarraingt siar agus ligint do rialtas na hÚcráine smacht a fháil ar an réigiún agus ansin bhí toghcháin do pharlaimint áitiúil le reáchtáil faoi dhlí na hÚcráine.  Ach níor tharraing na seachfhórsaí siar agus d’eagraigh siad a dtoghcháin féin, beag beann ar dhlíthe na hÚcráine.  Mar sin ní fíor gur ar an Úcráin atá an milleán ar fad faoi theip Minsk.

An bhféadfadh comhaontú Minsk fós a bheith ina bhunús le socrú síochána féaráilte?

Ar chóir don iarthar leanúint air ag méadú a chuid tacaíochta míleata don Úcráin chun cur ar a gcumas buachan ar pháirc an chatha ar an Rúis?  An féidir leis an Úcráin buachan ar pháirc an chatha ar an Rúis?  An marófaí níos lú daoine agus an mbeadh níos lú fulaingthe i gceist sa bhfadtéarma dá ndéanfaí comhréiteach leis an Rúis?  Tá go leor daoine ag tairiscint tuairimí faoi na ceisteanna seo – cuid acu a bhfuil níos mó saineolais acu ná mar atá agamsa, agus cuid acu nach bhfuil.

Níl a fhios agamsa nó ag duine ar bith eile go cinnte cad iad na freagraí cearta.  Ach tá rud amháin cinnte dar liom – tá an iomarca den phlé bunaithe ar eolas bréagach, míchruinn nó easnamhach.

Fág freagra ar 'Seacht miotas faoin Úcráin…'

  • Gabriel Rosenstock

    Is léir go bhfuil a obair bhaile déanta ag Fachtna . . .
    In agallamh le Noam Chomsky, meabhraíodh dúinn go bhféadfadh an cogadh seo dul in olcas ar bhealach a scriosfadh ní hamháin an Úcráin ach an domhan go léir:
    https://www.eastviewpress.com/chomsky-interview/
    Agus ní miotas é sin, dar liomsa, ach tuairim mheáite ó dhuine a bhfuil an-chur amach aige ar a bhfuil ar siúl ag na cumhachtaí móra agus ag an gcoimpléasc míleata tionsclaíoch ach go háirithe.

  • Tim Saunders

    Suimeahail go leor …

  • Gearóid O Raghallaigh

    Victoria Nuland, Fo-Rúnaí Stáit.
    https://www.bbc.com/news/world-europe-26079957
    https://www.theguardian.com/commentisfree/2022/feb/28/nato-expansion-war-russia-ukraine
    Is léir ón comhrá taifeadta idir Victoria Nuland Fo-Rúnaí Stáit, Mheiriceá agus Jeffrey Pyatt ambasadóir Mheiriceá chun na Ucráine i 2014 go raibh siad ar an eolas agus iad i mbun ‘coup d’état”, ag roghnú an chéad rialtais eile; ní hé sin daonlathas. Tagraíonn siad do “Yats” sa chomhrá; ceapadh Arseniy Yatsenyuk ina príomh aire tar éis cuireadh as chumhacht an t-uachtarán tofa go daonlathach, sarú ar bhunreacht na Ucráine.
    Is é athrú réimis ar ceann de na huirlisí a úsáidtear ag rialtas Mheiriceá chun impírúlachas agus ceannas a chur chun cinn, mar a rinne siad san Iráin 1953, Guatemala 1954, Haiti 2004, Honduras 2008 agus áiteanna iomadúla eile ar feadh an domhain. Is iad cosmuintir na dtíortha seo a bhíonn thíos leis. Ní bheidh an Ucráin difriúil.

  • Dónall Ó Mearáin

    Cúpla ceist agam ort, a Fhachtna. 1. Cad é mar a rinneadh Reisimint Azov a dhípholaitiú, agus cén fhianaise atá ann nach reisimint naitsíoch í anois? 2. Ar cloíodh le bunreacht na tíre nuair a briseadh Yanukovych as oifig? De réir Aljazeera agus Radio Free Europe, vótáil 328 mball den pharlaimint an t-uachtarán a bhriseadh as oifig, rud a chiallaíonn nár sroicheadh an 75% de bhaill na parlaiminte atá de dhíth de réir airteagail 111 den bhunreacht.