An bhféadfadh comhaontú Minsk fós a bheith ina bhunús le socrú síochána féaráilte?

Deir daoine áirithe go bhféadfaí athbheochan a dhéanamh ar shocrú Minsk chun teacht ar réiteach síochánta ar an gcogadh san Úcráin. An bhfuil ciall lena leithéid de chaint?

An bhféadfadh comhaontú Minsk fós a bheith ina bhunús le socrú síochána féaráilte?

Maíonn roinnt daoine go mbeadh ionradh na Rúise seachanta ag an Úcráin dá mbeadh comhaontú Minsk curtha i bhfeidhm. Agus deir siad go bhféadfadh comhaontú Minsk fós a bheith ina bhunús le socrú síochána féaráilte idir an dá thír. Cén bunús atá leis na tuairimí sin?

Cúlra Minsk

Ghabh an Rúis an Chrimé mí Feabhra 2014 agus thosaigh éirí amach na ‘scarúnach’ sa Donbas go luath ina dhiaidh sin. Leagadh amach i gcás cúirte MH117 mar a ghlac iar-bhaill de sheirbhísí míleata agus faisnéise na Rúise ar nós Igor Girkin ról ceannasach sa scéal agus mar a chuir an Rúis cúnamh míleata ar fáil. Ciontaíodh Girkin agus beirt eile an tseachtain seo caite as an eitilt MH117 a leagan go talamh, eachtra inar maraíodh 298 duine le córas diúracáin a bhí curtha ar fáil ag an Rúis.

Bhí fórsaí armtha oifigiúa na hÚcráine i ndroch-chaoi ag an am sin ach tháinig mílistigh Úcránacha, Azov ina measc, chun cinn. D’éirigh leo an chuid is mó de na tailte a bhí gafa ag na ‘scarúnaithe’ a athghabháil. Chuir an Rúis suas le 15,000 saighdiúirí óna bhfórsaí oifigiúla isteach sa Donbas faoi cheilt chun na ‘scarúnaithe’ a tharrtháil. Chas taoide an chogaidh i gcoinne na hÚcráine agus b’éigean do rialtas Chív géilleadh agus socrú síochána a dhéanamh. Bhí dhá chomhaontú ann, an chéad cheann a síníodh Meán Fómhair 2014 agus an dara ceann – Minsk 2 – a síníodh Feabhra 2015. 

Cad a bhí i gComhaontú Minsk?

Go bunúsach ba iad na príomhfhorálacha: 1. Sos Cogaidh 2. Tarraingt siar fórsaí 3. Dílárú cumhachta go Donetsk agus Luhansk agus 4. Toghcháin áitiúla sa dá réigiún.

An pointe tábhachtach anseo ná go ndúradh i dtéacs an chomhaontaithe go bhfaigheadh an Úcráin smacht ar a teorainneacha idirnáisiúnta, go reáchtálfaí na toghcháin faoi dhlí na hÚcráine agus le monatóireacht ón OSCE.

Cad a tharla?

Chuaigh na ‘scarúnaithe’ ar aghaidh lena ‘dtoghcháin’ féin ag déanamh neamhaird ar dhlí na hÚcráine, gan smacht a bheith faighte ag an Úcráin ar a teorainneacha, gan monatóireacht OSCE, rud a sháraigh Minsk 2. Agus iontas na n-iontas bhí bua mór ag cairde na Creimile sna ‘toghcháin’ sin.

Nuair a rinne an Úcráin gearán leis an Rúis faoi seo, go bunúsach dúirt an Rúis nach raibh baint ar bith ag an scéal leosan, gur ceist idir an Úcráin agus na Poblachtaí féin-fhógartha a bhí ann, in ainneoin gurbh é ambasadóir na Rúise chun na hÚcráine a shínigh an conradh.

Tá an t-aighneas seo faoi reáchtáil toghcháin fite fuaite leis an léamh iomlán éagsúil a bhí ag an dá thaobh ar cad a bhí i gceist leis an ‘stádas speisialta’ a bhí á bhronnadh ar Donetsk agus Luhansk. Dar leis an Úcráin is féinrialtas laistigh de struchtúr stáit na hÚcráine a bhí i gceist.

Ach bhí an Rúis ag éileamh féinrialtas a chuaigh i bhfad níos faide ná féinrialtas den chineál sin, féinrialtas a d’fhágfadh go mbeadh na mionstáit neamhspleách, go bunúsach, ar Chív. Dar leis na hÚcránaigh b’ionann sin agus deireadh le flaitheas na tíre agus dhaingneodh sé tionchar na Rúise i gcóras polaitiúil na hÚcráine.

An mbeadh Minsk curtha i bhfeidhm ag an Úcráin murach gur sháraigh an Rúis ceann de na bunfhorálacha? Cá bhfios? Is drochmhargadh a bhí ann don tír, a shínigh siad agus iad ag pointe an-lag. Ach ní fíor gur ar an Úcráin atá an milleán ar fad faoi theip Minsk agus ní fíor go raibh socrú nach ndéanfadh dochar do neamhspleáchas na tíre ar fáil don Úcráin ach glacadh leis.

An bhféadfadh Minsk II a bheith mar bhunús le réiteach ar an gCogadh anois?

I bhfianaise na sléachtanna, na gcoireanna cogaidh agus na sáruithe cearta daonna ar fad atá déanta ag an Rúis, gan trácht ar iarracht na Rúise deireadh a chur le náisiún na hÚcráine, tá na hÚcránaigh níos diongbháilte ná mar a bhí riamh cheana neamhspleáchas iomlán ar an Rúis atá uathu. Agus ní rachaidh an Rúis sa seans le fíorthoghcháin sa Donbas, sin toghcháin a ndéanfaí monatóireacht idirnáisiúnta orthu agus nach bhféadfadh an Rúis a bheith cinnte go mbuafadh siad.

De réir suirbhé a rinne Institiúid Idirnáisiúnta Shocheolaíochta Chív in 2014, bhí nach mór aon trian de mhuintir an Donbas i bhfabhar scaradh ón Úcráin agus aontú leis an Rúis ach bhí beagán os cionn leath acu ina choinne sin. Is é tuairim Gerard Toal, Éireannach atá ina Ollamh le Gnóthaí Idirnáisiúnta in Ollscoil Virginia, go bhfuil formhór na ndaoine atá fágtha sa Donbas anois ar son aontú leis an Rúis.

Ach síleann sé dá mbeadh vóta ag gach duine a theith ón réigiún sin ó thús an chogaidh in 2014 go mbeadh tromlach ar son fanacht san Úcráin. (Dála an scéil ní maith leis na hÚcránaigh Toal ar chor ar bith mar go gcreideann sé gur chóir dóibh an Chrimé a thabhairt suas.) Agus mar a léirigh mé cheana bhí an claonadh déimeagrafach fadtéarmach i gcoinne na Rúise agus i bhfabhar an Iarthair, díreach mar atá an claonadh déimeagrafach fadtéarmach i dTuaisceart na hÉireann i bhfabhar Éire Aontaithe.

Fadhb eile le comhaontú Minsk gur bhain sé leis an Donbas, ach tá an Rúis tar éis forghabháil a dhéanamh ar chuid de dhá réigiún eile anois ina bhfuil tromlach mór an phobail go láidir ar son na hÚcráine – Kherson agus Zaporizhia.

Tá cathair Kherson athghafa ag an Úcráin ach tá an cuid den chúige sin ar an mbruach thoir den Dnipro fós forghafa ag na Rúisigh. Sa suirbhé céanna a luaigh mé cheana ní raibh ach 6% de mhuintir Zaporizhiai agus 3% de mhuintir Kherson i bhfabhar aontú leis an Rúis agus os cionn 80% sa dá chúige i bhfabhar fanacht san Úcráin.

Ach maíonn an Rúis gur vótáil 93% de mhuintir Zaporizhia agus 87% de mhuintir Kherson ar son aontú leis an Rúis sna ‘reifrinn’ a d’eagraigh siad! Is ar éigean mar sin go gceadódh an Rúis fíor-reifrinn nó toghcháin sna réigiúin mar go bhfuil a fhios acu go maith go náireodh na torthaí iad. Ní nós leis an Rúis dul sa seans le toghcháin nó reifrinn nach bhfuil a fhios acu roimh ré cén toradh a bheas orthu.

Mar sin pé bealach a thiocfaidh deireadh leis an gcogadh seo, fiú má bhíonn cainteanna síochána ann, is beag seans go ndéanfar athbheochan ar mhúnla Minsk.

Fág freagra ar 'An bhféadfadh comhaontú Minsk fós a bheith ina bhunús le socrú síochána féaráilte?'