An bhfuil an dá thaobh chomh dona lena chéile sa chogadh. Níl agus seo an fhianaise…

Tugann eagraíochtaí cearta daonna léargas ar sháruithe cearta daonna agus coireanna cogaidh an dá thaobh den chogadh san Úcráin

An bhfuil an dá thaobh chomh dona lena chéile sa chogadh. Níl agus seo an fhianaise…

I gceantar Chív i Márta 2022 chuaigh beirt saighdiúirí isteach i dteach, d’éignigh siad bean 22 bliain d’aois scata uair, rinne siad ionsaithe gnéis ar a fear céile agus chuir siad iachall ar an lánúin comhriachtain a dhéanamh ina láthair.  Ansin chuir duine de na saighdiúirí iachall ar a n-iníon ceithre bliana d’aois gnéas béil a dhéanamh air.

Déantar cur síos ar an eachtra seo i dtuarascáil a d’fhoilsigh an Coimisiún Fiosrúcháin Neamhspleách Idirnáisiúnta faoin Úcráin le déanaí, coimisiún a bhunaigh Ard-Choimisinéir Um Chearta an Duine na Náisiún Aontaithe. Sampla atá ansin de na ráitis agus na tuarascálacha atá eisithe ag an gCoimisiún go dtí seo.

Creideann roinnt daoine go bhfuil ‘an dá thaobh chomh dona lena chéile’ san Úcráin ach nach bhfuil léargas á thabhairt ar mheáin an iarthair ach ar ‘thaobh amháin’ den scéal.  Mar sin, cén léargas a thugtar i dtuarascáil an Choimisiúin ar sháruithe cearta daonna agus coireanna cogaidh an dá thaobh?

1. Daoine á gcur chun báis

Fórsaí na Rúise: Léirigh an fiosrúchán patrún maidir le sibhialtaigh a bheith á gcur chun báis i gceantracha a bhí gafa ag fórsaí armtha na Rúise i mí Feabhra agus Márta 2022.  Chomh maith leis an líon mór daoine a cuireadh chun báis in Bucha aimsíodh 49 cás eile inar cuireadh daoine chun báis i 16 baile éagsúil.  Ba shibhialtaigh iad ar fad.  Bhí buachaill 14 bliain d’aois i measc na marbh.  I gcásanna áirithe gearradh scornacha na n-íospartach agus i gcásanna eile bhí fianaise ann go ndearnadh daoine a chéasadh – cnámha briste, créachta agus ballbhrúnna.  I gcásanna áirithe cuireadh na daoine chun báis go poiblí.

Fórsaí na hÚcráine: Bhí cás amháin ina raibh an dealramh ar an scéal ó fhíseán gur chuir saighdiúirí Úcránacha ar a laghad príosúnach cogaidh Rúiseach amháin chun báis.

Bhí scata saighdiúirí Rúiseacha eile marbh ar an láthair ach ní raibh sé soiléir cé acu ar cuireadh chun báis iad nó ar maraíodh le linn na cogaíochta iad.

2. Braighdeanas mídhleathach

Fórsaí na Rúise: Choimeád fórsaí na Rúise líon mór daoine i mbraighdeanas go mídhleathach.  Tá cuid acu fós ar iarraidh.  Sa chuid is mó de na cásanna bhí na dálaí maireachtála thar a bheith mídhaonna.  Mar shampla, i sráidbhaile Yahidne i réigiún Chernihiv, choimeád fórsaí na Rúise 365 sibhialtach, 70 páiste ina measc, i mbraighdeanas in íoslach na scoile ar feadh 28 lá.  Bhí an áit chomh plódaithe go mb’éigean do dhaoine seasamh nó codladh ar chathaoireacha ar feadh seachtainí.  Ní raibh aon solas acu agus fíorbheagán aeir.  Bhí uisce ag sileadh ón tsíleáil agus ó na ballaí agus ní raibh aon cheathanna folctha nó leithris ann.  Bhí easpa bia agus uisce orthu agus ní raibh aon chúram leighis ar fáil.  Fuair deichniúr bás mar gheall ar na dálaí maireachtála agus tá fadhbanna sláinte ag daoine eile mar gheall ar an méid a d’fhulaing siad.  Thug an Coimisiún cuairt ar an íoslach agus chonaic siad ainmneacha na ndaoine a fuair bás ar na fallaí, iad scríofa ag na híospartaigh eile iad.

Fórsaí na hÚcráine:  Níor aimsíodh cás ar bith dá leithéid.

3. Scaoileadh le sibhialtaigh.

Fórsaí na Rúise: D’aimsigh an Coimisiún Fiosrúcháin ‘iliomad cás inar scaoil fórsaí armtha na Rúise le sibhialtaigh agus iad ag iarraidh teitheadh go háit shábháilte chun bia nó riachtanas eile a fháil.’ Maraíodh nó gortaíodh daoine, a deir lucht an fhiosrúcháin.  Sna cásanna a ndearnadh taifead orthu deirtear go raibh na daoine sin neamharmtha, iad gléasta in éadaí sibhialtacha agus ag tiomáint gluaisteán sibhialtach.  Deirtear sa tuarascáil: ‘Tharla an chuid is mó de na heachtraí le solas an lae, rud a fhágann gur chóir go n-aithneofaí go héasca gur sibhialtaigh iad.  Faoin dlí idirnáisiúnta, má bhíonn amhras ann, caithfear glacadh leis gur sibhialtach atá ann.  Is coireanna cogaidh ionsaithe d’aon ghnó ar shibhialtaigh.’  Dúirt an Coimisiún gur tharla iliomad eachtra den chineál seo i réigiúin éagsúla san Úcráin, rud a fhágann go raibh patrún soiléir ann.  I gceann de na heachtraí, scaoil fórsaí na Rúise le dhá charr sibhialtach agus daoine ag iarraidh sráidbhaile Stepanky i réigiún Kharkiv a fhágáil ar an 27 Márta.  Maraíodh bean agus cailín.  Bhí an focal ‘PÁISTÍ’ ar chomhartha ar cheann de na carranna.

Fórsaí na hÚcráine:  Níor aimsíodh cás ar bith dá leithéid.

4. Céasadh agus drochíde

Fórsaí na Rúise: D’aithin an Choimisiún go raibh patrún le feiceáil i gcásanna ina ndearna fórsaí na Rúise céasadh ar dhaoine nó inar thug siad drochíde dóibh. De réir an méid a dúirt íospartaigh, ceistíodh daoine gan stop ar feadh laethanta as a chéile. Baineadh úsáid as bagairtí, imeaglú, drochíde, foréigean gnéis agus céasadh. Mar shampla tugadh léasadh uafásach d’íospartach amháin ar feadh dhá lá nuair a dhiúltaigh sé tacaíocht a léiriú don Rúis i bhfíseán.  Cuireadh iachall ar íospartach eile seasamh lomnocht agus ‘Glóir don Rúis’ a bhéicíl fad is a bhí léasadh á thabhairt dó i gcaitheamh an ama.  Rinne sé cur síos ar léasadh a fháil as ucht Úcráinis a labhairt agus gan a bheith ábalta cuimhneamh ar liricí amhrán náisiúnta na Rúise.

Fórsaí na hÚcráine: D’aimsigh an Coimisiún dhá chás inar lámhach agus chéas fórsaí na hÚcráine príosúnaigh chogaidh as an Rúis.  Céasadh agus lámhachadh ar a laghad triúr príosúnach in dhá eachtra dhifriúla.  Ba i gceann den dá eachtra sin a cuireadh ar a laghad príosúnach cogaidh amháin chun báis, marú a luas thuas.

5. Foréigean Gnéis

Fórsaí na Rúise: D’aimsigh an Coimisiún patrún maidir le cásanna d’fhoréigean gnéis agus d’éigniú, an cás a luas thuas faoin gcailín beag ceithre bliana d’aois ar cuireadh iachall uirthi gnéas béil a thabhairt do shaighdiúir Rúiseach i láthair a tuismitheoirí san áireamh.   B’in an t-íospartach ab óige a thaifead an Coimisiún – bhí an t-íospartach ba shine 80 bliain d’aois. Déantar cur síos ar chásanna inar mharaigh saighdiúirí Rúiseacha fir chéile na mban sular éigníodar iad.  I gcás amháin in Kharkiv éigníodh cailín sna déaga arís agus arís i dtréimhse trí mhí.

Fórsaí na hÚcráine:  Níor aimsíodh cás ar bith dá leithéid.

6. Díbirt daoine as a dtír féin i gcoinne a dtola

Fórsaí na Rúise:  Aimsíodh fianaise gur díbríodh na scórtha daoine as a stát féin go dtí an Rúis nó an Bhealarúis i gcoinne a dtola.  Is sárú é seo ar an dlí idirnáisiúnta daonnachtúil.

Fórsaí na hÚcráine: Gan amhras níor aimsíodh cás ar bith dá leithéid.

Deirtear i gconclúid na tuarascála gurbh iad fórsaí na Rúise a bhí ciontach i bhformhór mór na sáruithe ar chearta an duine a a d’aithin an Coimisiún.  Tá an patrún céanna sin le feiceáil i dtuarascálacha eagraíochta cearta daonna neamhspleácha eile ar nós Human Rights Watch. In ainneoin na conspóide faoi thuarascáil de chuid Amnesty International i mí Lúnasa ina ndúirt siad go raibh teaicticí troda fhórsaí na hÚcráine ag cur sibhialtach i mbaol, formhór na sáruithe cearta daonna a aithníonn Amnesty ina dtuarascálacha faoin gcogadh, is iad fórsaí na Rúise atá ciontach astu.

An mhí seo caite dúirt Cumann na Croise Deirge go raibh an Rúis ag sárú coinbhinsiún na Ginéive agus ag diúltú cead a thabhairt dóibh cuairt a thabhairt ar phríosúnaigh chogaidh Úcránacha i bpríosún Olenivka in Donetsk.  Tá líomhaintí déanta ag iarphríosúnaigh faoi sháruithe cearta daonna agus dálaí mídhaonna in Olenivka.  Níl aon ghearán déanta ag Cumann na Croise Deirge faoi phríosúnaigh chogaidh as an Rúis atá i ngéibheann san Úcráin.

Is sampla atá sa mhéid sin den léargas a thugann na heagraíochtaí cearta daonna idirnáisiúnta ar sháruithe cearta daonna agus coireanna cogaidh ar an dá thaobh i gcogadh na hÚcráine.  Más fíor dóibh, níl an dá thaobh chomh dona lena chéile – tá taobh amháin, an Rúis, i bhfad níos measa.

Fág freagra ar 'An bhfuil an dá thaobh chomh dona lena chéile sa chogadh. Níl agus seo an fhianaise…'

  • Antain Mac Lochlainn

    An-alt go deo. Go rómhinic, níl sa sheanphort ‘tá an dá thaobh chomh holc lena chéile’ ach bealach éalaithe do dhaoine nach bhfuil fonn orthu dúshlán lucht na héagóra a thabhairt: sa Mheán Oirthear, in Éirinn féin agus anois san Úcráin.

  • Indrek Ois

    Togha fir, a Fhachtna! An-alt amach is amach.

  • Trish foley

    Tá súil agam go léann daoine seo. Táim bréan de na leithscéalta ar fad faoin líne dhearg agus araile. Ba cheart ár dtacaiocht a thabhairt do na daoine atá ag fulaingt is ag éalú. An-alt!

  • Concubhar

    An fhírinne gan an bholscaireacht – maith thú Fachtna.

  • CCC Teoranta,

    Sár-iriseoireacht – Fachtna le moladh go hard.
    P T Mac R