Olluaigheanna an toradh a bhíonn ar an dídhaonnú, bíodh sé in Srebernica nó Mariupol

Éileamh ar chinedhíothú an toradh nádúrtha ar an reitric frith-Úcránach atá le cloisteáil ón Rúis

Olluaigheanna an toradh a bhíonn ar an dídhaonnú, bíodh sé in Srebernica nó Mariupol

Ar an 21 Feabhra thug Uachtarán na Rúise Vladamir Putin an óráid cháiliúil inar mhaígh sé gurbh í an Rúis Chumannach a chruthaigh an Úcráin nua-aimseartha. An lá sin scríobh an file Boisniach Faruk Šehić:

‘Putin: ‘Is bréagstát í an Úcráin, is bréagnáisiún í an Úcráin.’ Is mar sin a labhair Karadžić agus Dodik faoi Bhoisnia agus faoi Bhoisniagh. Doirteadh fola agus cinedhíothú an toradh a bhíonn ar chaint dá leithéid i gcónaí.’

Trí lá níos déanaí thosaigh ionradh na Rúise ar an Úcráin.

Thuig Šehić an scéal go maith. An 21 Aibreán 1992 bhí sé ag éisteacht le ceol agus ag ól beorach i gcaifé ina bhaile dúchais Bosanska Krupa in iarthar Bhoisnia nuair a thosaigh na Seirbiaigh ar ionsaí airtléire ar an mbaile ó na cnoic máguaird.

Scríobh sé: ‘Níorbh óglach nó coinscríobhach mé. Bhíomar timpeallaithe ag an namhaid agus ní raibh aon tslí amach as an gceantar. Phioc mé suas gunna mar gur díbríodh as m’árasán, as mo shráid, as mo chomharsanacht mé. D’éiligh mo choinsias orm troid.’

Chonaic sé mar a réitigh caint leithéidí Slobodan Milošević agus Radovan Karadžić faoina mhuintir an bealach do choireanna cogaidh ar nós Srebernica agus d’aithin sé an rud céanna i gcaint Putin cé nach raibh eachtraí Mariupol, nó Bucha, nó Kramatorsk nó Izium tarlaithe fós.

Dúirt láithreoir ar theilifís stáit na Rúise, Anton Krasovsky, le déanaí gur chóir páistí Úcránacha a bhá nó a dhó ina mbeatha. Ghabh sé leithscéal ar ball agus thug sé an míniú seo: ‘Tarlaíonn sé mar seo; tá tú i lár craoladh, téann tú thar fóir, agus ní féidir leat stopadh…’

Ach ní craoladh beo a bhí anseo. Is clár réamhthaifeadta a bhí ann ina raibh Krasovsky ag cur agallamh ar scríbhneoir mór le rá san Rúis. Níor chuir an scríbhneoir i gcoinne an méid a dúirt sé agus níor rith sé le Krasovsky ná le héinne d’fhoireann léiriúcháin an chláir sna laethanta idir an taifeadadh agus an craoladh go raibh aon fhadhb leis an gcaint sin.

Is é fírinne an scéil gurbh é éileamh Krasovksy ar chinedhíothú an toradh nádúrtha ar an reitric frith-Úcránach atá le cloisteáil ó cheannasaíocht agus meáin chumarsáide stáit na Rúise le cúpla mí anuas, agus a thosaigh le hóráid Putin. Is é seo an próiseas a chonaic Faruk Šehić ina thír dhúchais ag tarlú arís san Rúis agus san Úcráin. Séantar dlisteanacht náisiún, stát, cultúr agus féiniúlacht na hÚcráine go rialta ar mheáin stát na Rúise.

Mí Aibreáin d’fhoilsigh áisíneacht oifigiúil stáit nuachta Rúiseach RIA Novosti eagarfhocal faoin teideal ‘Cad is cóir don Rúis a dhéanamh leis an Úcráin?’, eagarfhocal a scríobh Timofey Sergeytsev. Scríobh sé go raibh gá le ‘dínaitsíú’ a dhéanamh ar an Úcráin mar go raibh an chuid is mó de mhuintir na tíre ‘faoi réir ag an Naitsíochas’, gur ‘pionós cóir’ a bheadh ann go mbeadh orthu fulaingt de bharr an ‘cogadh i gcoinne an chórais Naitsíoch’. Chaithfí tuilleadh dínaitsithe a dhéanamh trí ‘dianchinsireacht, ní hamháin i réimse na polaitíochta ach i réimsí an chultúir agus an oideachais chomh maith’.

Scríobh sé go gcaithfí deireadh a chur le neamhspleáchas na hÚcráine chun í a dhínaitsíú, go gcaithfí fiú, deireadh a chur leis an ainm ‘An Úcráin’ agus go leanfadh an próiseas sin ar feadh glúin amháin ar a laghad. Mhaígh sé nach raibh sa Náisiúnachas agus an pro-Eorpachas san Úcráin ach bealach chun Naitsíochas a cheilt agus mhaígh sé: ‘Is bagairt i bhfad níos mó don domhan agus don Rúis an Úcráin-naitsíochas ná leagan Hitler den Naitsíochas Gearmánach.’ Scríobh sé gur ‘déantús saorga frith-Rúiseach é an tÚcránachas nach bhfuil bunús sibhialtachta ar bith dá chuid féin ann.’

an t-eagarfhocal seo fós le léamh ar shuíomh RIA Novosti, an dream céanna a d’fhoilsigh an físeán de scriosadh an leachta don Holdomor in Mariupol, ar scríobh mé faoi cheana.

Cúpla lá tar éis fhoilsiú an ailt d’athdhearbhaigh Dmitry Medvedev, cathaoirleach Chomhairle Slándála na Rúise, na príomhphointí i dteachtaireacht a scríobh sé ar an meán sóisialta Telegram. Is é Medvedev Cathaoirleach Chomhairle Slándála na Rúise agus rinne sé babhtáil ar phostanna an Uachtaráin agus an Phríomh-Aire le Putin siar sna blianta nuair a bhíodh iarracht níos mó á déanamh a chur i gcéill go raibh an daonlathas i bhfeidhm sa Rúis agus go raibh teora le téarma ceannais. Scríobh sé gur ‘cur i gcéill mór a bhí san Úcránachas a bhí cothaithe ag nimh frithRúiseach agus bréaga faoina bhféiniúlacht’ agus dúirt: ‘Níl a leithéid de rud ann agus féiniúlacht Úcránach agus ní raibh riamh.’ Dúirt sé gur Naitsithe gach uile phearsa stairiúil de chuid na hÚcráine san fhichiú haois.

Tá an reitric fhrithÚcránach seo tar éis leanúint ar aghaidh ar mheáin stáit na Rúise le linn an chogaidh ar fad. Seo sampla tipiciúil den seanrá ón mblagadóir pro-Creimile Vladlen Tatarsky agus é faoi agallamh ar theilifís stáit ar an 24 Deireadh Fómhair, ina léirítear freisin déistin na heite deise náisiúnaí sa Rúis leis an phobal LADTA.

‘Cad is Úcránach ann? Thuig mé go tobann é. Is é is Úcránach ann ná Rúiseach a d’éirigh tinn. Ar nós trasfheisteoir, rugadh ina fhear é. Ach tharla rud éigin, bhí obráid aige. Rinne sé cinneadh a bheith ina bhean agus maireachtáil mar bhean. Cuireann sé gúna, peiriúic agus dath béil air féin, agus imíonn sé mar sin ar fud an bhaile. Tá cuma ait air. Fiafraíonn tú díot féin ‘An fear é? Sin fear. Ní hea, sin bean.’

‘Is é is Úcránach ann ná trasfheisteoir spioradálta Rúiseach agus tá sé ag iarraidh é féin a fháisceadh isteach i gcraiceann eile … Is é todhchaí na hÚcráine na daoine seo a bhfuil cónaí orthu ann, gur Rúisigh iad, agus go bhfillfidh siad ar a riocht nádúrtha. Nuair a bhuafaidh muid san Úcráin is é todhchaí na ndaoine seo gur Rúisigh iad a bheidh tar éis teacht chucu féin óna ngealtachas, óna dtrasfheisteachas spioradálta’

Níos déanaí rinne sé tagairt do scriosadh leac chuimhneacháin an Holdomor in Mariupol: ‘Chun rudaí a chur ar ais i gceart caithfear na leaca comórtha sin ar fad a scriosadh agus na suíomhanna cultais sin ar fad. Gach leac a cuireadh suas tar éis 1991 agus a bhfuil baint acu le neamhspleáchas na hÚcráine nó a stair nua, caithfear iad ar fad a scriosadh.’

‘Ní raibh a leithéid de rud agus Palaistínigh ann,’ a dúirt Príomh-Aire Iosrael Golda Meir i 1969. Dúirt Slobodan Milošević go raibh fógairt neamhspleáchais Bhoisnia-Herzegovina ‘ar nós an impire Rómhánach Caligula ag ceapadh a chapaill ina Sheanadóir’. Deir Putin agus a chomhbhádóirí idé-eolaíocha nach ann don Úcránachas.

Tá a fhios againn ón stair cén chríoch a bhíonn leis seo.

Críochnaíonn sé le sléacht na mílte fear, bean agus páiste Palaistíneach i sléacht Sabra agus Shatilla in Beirut i 1982, sléacht a rinne comhghuaillithe Iosrael, an Falange, le cead agus comhoibriú fhórsaí Iosrael.

Críochnaíonn sé le sléacht 8,000 fear agus buachaill Boisniach in Srebernica i 1995.

Agus críochnaíonn sé le sléachtanna agus olluaigheanna in Mariupol, Bucha, Kramatorsk, Izium agus bailte eile san Úcráin nach bhfuil a n-ainmneacha fós ar eolas againn.

Fág freagra ar 'Olluaigheanna an toradh a bhíonn ar an dídhaonnú, bíodh sé in Srebernica nó Mariupol'

  • jpmorley0@gmail.com

    Is fiú machnamh a dhéanamh ar an teideal seo i gcomhthéacs mhuintir na hÉireann chomh maith.

  • Tony

    Alt den scoth. In ionad fuathchaint Putin agus Milosevic, teastaíonn óráidí uainn a théann níos faide ná fearg agus aisíocaíocht. Tagann Gandhi, King agus Mandela chun cuimhne.

  • Máire

    Brónach go nglacann roinnt Gaeil páirt i ndioscúrsa an dídhaonnaithe i gcoinne na nÚcráinneach. Alt cumhachtach.