Cad é fírinne an scéil faoin gcathlán Azov san Úcráin?

Glacann méid áirithe daoine san iarthar leis gur eagraíocht nua-Naitsíoch é Reisimint Azov de Gharda Náisiúnta na hÚcráine, ach an fíor?

Cad é fírinne an scéil faoin gcathlán Azov san Úcráin?

Is ar éigean go bhfuil duine ar bith in Éirinn nó i dtíortha an iarthair a chreideann líomhaintí Vladimir Putin gur ‘Naitsithe’ iad rialtas na hÚcráine. Glacann méid áirithe daoine san iarthar leis áfach gur eagraíocht nua-Naitsíoch é Reisimint Azov de Gharda Náisiúnta na hÚcráine.

Cad é fírinne an scéil?

Bunaíodh Azov mar mhílíste d’óglaigh i mí Bealtaine 2014 nuair a thosaigh scarúnaithe, le tacaíocht na Rúise, ag gabháil críocha in oirthear na hÚcráine agus nuair a ghabh an Rúis féin an Chrimé. Bhí fórsaí míleata na hÚcráine féin in aimhréidh agus líon mílístí éagsúla an folús sin. Níl aon amhras faoi ach go raibh Nua-Naitsithe go mór chun cinn i measc lucht bunaithe na reisiminte, go háirithe i gcás Andriy Biletsky, polaiteoir i bhfad amach ar an eite dheis. 

Nil aon amhras ach an oiread nár nua-Naitsithe iad na baill ar fad agus go ndeachaigh go leor trodairí isteach sa reisimint mar gur theastaigh uathu a dtír a chosaint. Dóibhsean ba é Azov an mílíste áitiúil d’óglaigh agus thuill sé cáil go tapa mar cheann de na reisimintí troda ab éifeachtaí ar thaobh na hÚcráine.

Tá sé deacair a rá go cinnte cé mhéad de na baill ag am a bhunaithe a bhféadfaí Nua-Naitsithe a thabhairt orthu. Dúirt urlabhraí don reisimint le USA Today in 2015 gur Naitsithe iad idir 10-20% de na baill. Deir daoine as an Úcráin go raibh réimse leathan daoine páirteach sa reisimint ón tús, Giúdaigh san áireamh. Go deimhin, olagarc Giúdach, Ihor Kolomoisky, a chuir go leor de mhaoiniú na reisiminte ar fáil sna míonna tosaigh de Azov. Ba cheart a lua gur cuireadh líomhaintí caimiléireachta i leith Kolomoiskey ina dhiaidh sin agus gur cuireadh cosc air féin is a theaghlach teacht chuig na Stáit Aontaithe. 

Is cinnte freisin, áfach, gur mealladh thar sáile líon áirithe nua-Naitsithe agus antoiscigh de chuid na heite deise chun páirt a ghlacadh i reisimint Azov. 

Thuill Azov cáil dóibh féin mar aonad éifeachtach troda in 2014 nuair a ghabh siad Mariupol ar ais ó na scarúnaithe a bhí ar son na Rúise.

In 2015 tugadh an reisimint Azov faoi scáth an Gharda Náisiúnta agus scar sí ón ngluaiseacht pholaitiúil a bhí bainteach léi go dtí sin. D’fhág Bilestsky agus bhunaigh sé páirtí i bhfad amach ar an eite dheis, an Garda Náisiúnta. Cuireadh ceannasaíocht nua i bhfeidhm sa reisimint agus maíonn rialtas na hÚcráine agus foinsí eile san Úcráin agus lasmuigh di go ndearnadh ‘dí-radacú’ uirthi sna blianta ina dhiaidh sin. Séanadh sna ráitis phoiblí atá déanta ag an reisimint le tamall go raibh aon bhaint aici leis an nua-Naitsíochas.

Dar le roinnt tráchtairí údarásacha lasmuigh den Úcráin, is fíor go ndearnadh ‘dí-Naitsiú’ ar Azov. Mar shampla, deir Andreas Umland, anailísí in Ionad Stócólm le Léann Oirthear na hEorpa in Institiúid Gnóthaí Eachtracha na Sualainne, go bhfuil roinnt ball in Azov a bhfuil luí acu leis an bpolaitíocht atá i bhfad amach ar an eite dheis, ach nach cúrsaí idé-eolaíochta a mheall formhór na n-earcach nua ach cáil na reisiminte mar aonad láidir troda.

Sin an léamh ar chúrsaí atá i bhformhór na n-alt anailíse atá foilsithe ag na mórmheáin san iarthar faoi Azov le déanaí.

Ach tá tráchtairí eile, cuid mhór acu ar an eite chlé, ach ní mar sin dóibh ar fad, a mhaíonn go bhfuil gné láidir Nua-Naitsíoch ag baint le Azov i gcónaí, in ainneoin an maolú atá déanta ar an reitric phoiblí. Deir Aris Roussinos, eagarthóir gnóthaí eachtracha na hirise ar líne Unherd, mar shampla, go bhfuil sé tar éis cuairt a thabhairt ar cheanncheathrú Azov go minic agus go bhfuil an nua-Naitsíochas fós lárnach sa chathlán. 

Léiríonn torthaí toghchán gur ag dul i laige atá an tacaíocht don Nua-Naitsíochas agus do pháirtithe atá i bhfad amach ar an eite dheis san Úcráin ó 2014. Theip ar na grúpaí seo suíochán ar bith a bhaint san olltoghchán deireanach nuair a toghadh Volodymyr Zelensky, ar Giúdach é, ina uachtarán. Go deimhin, léiríonn na figiúirí toghcháin go bhfuil níos lú an tacaíocht do ghrúpaí i bhfad amach ar an eite dheis san Úcráin ná mar atá i go leor tíortha eile san Eoraip. 

Táthar ann freisin a mhaíonn gur láidre atá gnéithe den pholaitíocht atá i bhfad amach ar an eite dheis i gcóras polaitiúil na Rúise faoi láthair ná mar atá san Úcráin. Mar fhianaise chun tacú leis sin, luaitear óráid Vladimir Putin inár éiligh sé gur gá do shochaí na Rúise é féin a ‘ghlanadh’ chun fáil réidh leis na ‘tréatúirí’ agus an ‘daoscarshlua’ nár thacaigh leis an gcogadh. Luaitear freisin cur faoi chois shaoirse na meán agus an bac ar shaoirse cainte agus agóidíochta. Tá cosc fiú ar thuairisciú go bhfuil ‘cogadh’ nó ‘ionradh’ ar siúl san Úcráin. Agus, dar ndóigh, luaitear tuairimíocht Putin nach fíornáisiún í an Úcráin agus nach ann di más neamhspleách ar an Rúis í. 

Gan amhras luaitear freisin mar fhianaise ar bhláthú na polaitíochta atá an-fhada amach ar an eite dheis cinneadh Putin ionradh a dhéanamh ar thír neamhspleách agus an fhianaise atá á bailiú ag eagraíochtaí cearta daonna, ag na Náisiúin Aontaithe agus ag iriseoirí, go ndearna an Rúis coireanna cogaidh san Úcráin. Mar a dúirt duine de Phríomh-Raibithe na hÚcráine, Yaakov Bleich, liom faoi líomhaintí Putin faoi Naitsithe a bheith san Úcráin: ‘Aithníonn ciaróg ciaróg eile.’ 

Tá sé soiléir freisin gur i measc polaiteoirí atá i bhfad amach ar an eite dheis is mó a bhí tacaíocht ag Putin san Eoraip agus i Meiriceá le blianta beaga anuas. 

Cáineadh Azov i dtuairisc faoi chearta an duine de chuid na Náisiún Aontaithe in 2016 faoi bheith páirteach i ‘creachadh forleathan ar thithe sibhialtach’ agus ‘díriú ar cheantair na sibhialtach’ idir Meán Fómhair 2014 agus Feabhra 2015. Tuairiscíodh líomhaintí freisin ó cheathrar príosúnach ar thug baill de Azov drochíde dóibh. Rinneadh líomhaintí den chineál céanna i leith sheirbhís slándála na hÚcráine, i leith ghrúpaí armtha na scarúnaithe in Donetsk agus Luhansk agus i gcoinne Údaráis na Rúise sa Chrimé.

Sa tuarascáil is déanaí ar chearta an duine de chuid na Náisiún Aontaithe, roimh ionradh na Rúise i mí Feabhra, ní luaitear an reisimint Azov beag ná mór. Agus cé go ndéantar tuairiscí ar na scórtha eachtraí inar sáraíodh cearta daonna ar an dá thaobh, ní luaitear oiread is eachtra fhrithsheimíteach amháin, fiú i Mariupol, rud a bheadh saghas ait dá mbeadh cúpla míle Naitsíoch armtha ag feidhmiú sa chathair, mar atá á mhaíomh ag daoine áirithe. 

Ag dul siar go dtí 2017 tuairiscíodh go ndúirt Raibí an phobail Ghiúdaigh in Mariupol, Michael Cohen, gur chathair í sin a bhí “an-chaoinfhulangach”. Bhí sé buíoch go raibh an chathair gafa ar ais ó na scarúnaithe: ‘Táimid sásta gur fhanamar san Úcráin, buíochas le Dia. Táimid an-sásta nach bhfuil aon ainriail anseo. Níl aon ainriail ann.’ 

Cuimhnigh gurbh iad an Reisimint Azov a ghabh an chathair ar ais agus a chuir deireadh leis an ‘ainriail’ sin. Ar an láimh eile, deir an Raibí gur tréimhse thar a bheith scanrúil a bhí sa tréimhse a raibh na scarúnaithe i gceannas ar Mariupol. Tá an Rabbi Cohen agus cuid mhór de phobal Giúdach na cathrach ina dteifigh anois de bharr ionsaí na Rúise. Ní fios faoi láthair cé mhéad acu a maraíodh san ionsaí.

Níor mhiste méid reisimint Azov a chur i gcomhthéacs fhórsaí armtha na hÚcráine. Tá sé deacair teacht ar fhigiúr beacht. Tá tuairiscí éagsúla ann le figiúirí éagsúla, idir 900-3,000 ball. Roimh an gcogadh bhí 196,000 ball lánaimseartha i bhfórsaí míleata na hÚcráine agus 900,000 eile san fhórsa cúltaca. D’fhágfadh sin gur idir 0.5-1.5% d’fhórsaí gníomhacha na hÚcráine a bheadh in Azov, nó idir 0.1-0.3% de na fórsaí míleata san iomlán. 

Tá imní léirithe ag tráchtairí áirithe san iarthar, go háirithe ar an eite chlé, go bhféadfadh ionradh na Rúise spreagadh a thabhairt arís do ghrúpaí atá i bhfad amach ar an eite dheis san Úcráin, díreach mar a thug eachtraí 2014 an deis dóibh dul sa bhearna bhaoil ar son náisiún na hÚcráine. Deir roinnt de na tráchtairí seo go bhfuil an baol ann go ndéanfaí neamhaird d’antoisceachas Azov mar gheall go bhfuil daoine ag iarraidh a bheith ag tacú le daonlathas na hÚcráine agus a ndéistin le hionradh na Rúise a léiriú. 

Ach dar le formhór de mhuintir na hÚcráine – fiú Úcránaigh liobrálacha agus Giúdaigh a mbeifeá ag súil iad a bheith ag cur go láidir i gcoinne aon rian den Naitsíochas – ní tosaíocht mhór dóibh an chaint faoi idé-eolaíocht Azov. Is tábhachtaí ar fad dóibh an cogadh a fheictear dóibh atá á fhearadh ag an Rúis orthu ó 2014. Agus ó thosaigh ionradh na Rúise ar an 24 Feabhra is i dtreis atá an claonadh seo imithe.

Dúirt Yaakov Bleich duine de Phríomh-Raibithe na hÚcráine liom in agallamh don chlár Tús Áite ar Raidió na Gaeltachta go raibh fadhb le “roinnt de na daoine sa reisimint Azov san am atá thart” a bhíodh ag úsáid ‘siombailí a d’úsáid na Faisistigh”. Ach lean sé air: “Ní raibh fadhb ann leis an idé-eolaíocht sin i reisimint Azov le 30 bliain anuas. Níl slí ar bith go gceadóinn é sin a úsáid mar leithscéal don chogadh gan údar seo a thosaigh Putin i gcoinne mhuintir na hÚcráine. Ná déanaimis dearmad go bhfuil sé ag gortú, thar aon dream eile, na daoine a deir sé [Putin] go soiniciúil go bhfuil sé ag teacht chun iad a chosaint.”

Fág freagra ar 'Cad é fírinne an scéil faoin gcathlán Azov san Úcráin?'

  • Eoin Ó Murchú

    https://www.thenation.com/article/politics/neo-nazis-far-right-ukraine/

    Is iris Meiriceánach é The Nation a bhfuil meas forleathan air fiú ag Meiriceánaigh den lár.

  • Seán Ó Floinn

    Tá seo go maith. Faraor is go rí-annamh a fheictear a leithèid ar Tuairisc nà Comhar. Duine ag déanamh buntaighde agus ag caitheamh solais ar ábhar suimiúil nach mbaineann le ceist na teangan.