Bhí an staraí Gréagach Polybius, a mhair sa Dara hAois roimh Chríost, den tuairim go dtéann gach stát trí thimthriall – fás, buaic agus meath. Tá an stair breac le samplaí de thíortha agus d’impireachtaí a bhain buaicphointe a gcumhachta amach sular thosaigh siad ag dul i léig. Tá forlámhas eisceachtúil bainte amach ag Iosrael, tír a bhfuil 1.9% de dhaonra an Mheánoirthir inti, ina réigiún féin. Ach tá gach seans gurbh é an cogadh i gcoinne na hIaráine buaicphointe na cumhachta sin mar tá síolta an mheatha le sonrú cheana féin.
Ceann de na cúiseanna is mó le forlámhas Iosrael sa réigiún is ea tacaíocht dhaingean na tíre is cumhachtaí ar domhan. Tá Meiriceá ag cur $3.3 billiún in aghaidh na bliana i gcabhair mhíleata ar fáil d’Iosrael. Ach den chéad uair riamh léirigh pobalbhreith Gallup i mí Feabhra go bhfuil níos mó Meiriceánach níos báúla leis na Palaistínigh ná mar atá siad le hIosrael – 41% ar son na bPalaistíneach agus 36% ar son Iosrael.
Tá tromlach vótóirí an Pháirtí Dhaonlathaigh ar thaobh na bPalaistíneach agus luath nó mall feicfear seo i measc lucht ceannasaíochta an pháirtí. Tá níos mó vótóirí neamhspleácha ar son na bPalaistíneach ná mar atá ar son Iosrael. Tá vótóirí an Pháirtí Phoblachtánaigh scoilte maidir le tacaíocht Mheiriceá d’Iosrael agus faicsin láidre ina coinne ar an mbonn nach dtugann sé tús áite do leas Mheiriceá. Tá vótóirí óga níos claonta i gcoinne Iosrael ná vótóirí atá níos sine i ngach ceann de na trí ghrúpa.
Treiseoidh an cogadh i gcoinne na hIaráine an próiseas seo. Tá idir 55-60% de Mheiriceánaigh i gcoinne an chogaidh cheana féin agus má leantar an patrún stairiúil i bhformhór na mórchogaí a throid Meiriceá ón Dara Cogadh Domhanda i leith rachaidh an céatadán seo in airde sna míonna agus sna blianta romhainn amach. Méadóidh sé sin tuilleadh fós doicheall phobal Mheiriceá le hIosrael as ucht iad a tharraingt isteach sa chogadh seo.
Buntáiste mór eile atá faoi láthair ag Iosrael ná an earnáil fíorláidir ardteicneolaíochta atá ann. Oibrithe ardteicneolaíochta is ea tuairim is 10% de dhaonra Iosrael ach cruthaíonn siad tuairim is 20% den Olltáirge Náisiúnta, agus neartaíonn siad cumas míleata agus cosanta na tíre go mór. Ach tá an sciar den phobal Giúdach a thógann níos mó ón ngeilleagar ná mar a thugann siad dó ag fás, agus is iad sin an pobal An-Ortadocsach.
Téann siad go scoileanna dá gcuid féin a leagann béim ar staidéar reiligiúnda agus a fhágann ar lár croí-ábhair a bheadh úsáideach i gcomhair fostaíocht ardscileanna amhail matamaitic, eolaíocht agus Béarla. Is beag cáin a íocann siad agus bíonn siad ag brath an-mhór ar chaiteachas sóisialta an stáit. Faoi láthair, is Giúdaigh an-ortadocsach 14% de dhaonra Iosrael ach mar go mbíonn i bhfad níos mó páistí acu ná an gnáthphobal beidh siad thart fá 20% den daonra faoi lár na 2040idí, agus tuairim is aon trian de faoi na 2060idí.
Mar gheall ar an treocht seo, rachaidh Olltáirge Náisiúnta Iosrael i léig. Sa deireadh, tosóidh an stát ag streachailt maidir le bheith in acmhainn institiúidí oideachais, an córas cúram sláinte, an bonneagar fisiciúil agus an t‑arm a mhaoiniú. Spreagfaidh sé seo daoine aonair ard-oilte agus gnólachtaí chun bogadh thar lear. Go deimhin, tá an t‑athrú seo ag tarlú cheana féin. In 2023–24, d’imigh thart ar 100,000 Iosraelach ard-oilte ar imirce.
Laghdóidh sé seo an bonn cánach níos mó, beidh ar an rialtas tuilleadh cánach a ghearradh ar an lucht oibre a bheidh fágtha, rud a spreagfaidh tuilleadh oibrithe chun fágáil. Beidh sé ina fháinne fí: infheistíocht níos ísle, fás níos moille, agus an caighdeán maireachtála ag dul in olcas. Chomh maith leis sin, beidh níos lú saighdiúirí ar fáil d’Iosrael mar go dtugtar díolúine don phobal an-ortadocsach ó sheirbhís mhíleata, rud a lagóidh a gcumas míleata níos mó fós.
Is drochscéal é an t-athrú déimeagrafach atá ag tarlú d’Iosrael freisin don mhiotas gurb é ‘an t-aon daonlathas sa Mheánoirthear’. Glactar leis go coitianta in Éirinn anois gurb é atá ag tarlú i gcríocha stairiúlala na Palaistíne ná go bhfuil forlámhas ag 6.7 milliún Giúdach ar 7.5 milliún Palaistíneach agus go bhfuil córas cinedheighilte i bhfeidhm ar an mBruach Thiar. Ach ba bhranda ar feadh i bhfad san iarthar ‘an t-aon daonlathas sa Mheánoirthear’. Bhí an branda seo ag brath ar fheidhmiú Iosrael a bheag nó a mhór mar stát daonlathach liobrálach Eorpach laistigh dá dteorainneacha aitheanta idirnáisiúnta.
Ach is iad na hoibrithe ard-oilte, a bhfuil a líon ag dul i laghad, is mó a thacaíonn le nósanna daonlathacha ar nós breithiúna neamhspleácha, meáin atá saor agus srianta a bheith ar chumhacht an rialtais. Is iad na dreamanna a bhfuil a líon ag méadú – an pobal an-ortadocsach agus an pobal reiligiúnda antoisceach náisiúnach – is iad siúd is mó a thacaíonn le páirtithe atá ag iarraidh na hinstitiúidí agus na srianta seo a lagú.
Le creimeadh an daonlathais laistigh de theorainneacha oifigiúla Iosrael agus treisiú ar ghéarleanúint phobal na Palaistíne sna gcríocha gafa, caillfidh Iosrael go leor den tacaíocht atá fanta aici ó pháirtithe an láir, an lár ar dheis agus an lár ar chlé san Eoraip.
Íorónta go leor, is ó pháirtithe i bhfad amach ar an eite dheis is mó a gheobhaidh sí tacaíocht, in ainneoin stair fhrith-Sheimíteach go leor de na páirtithe sin. Níl cara níos fearr ag Benjamin Netanyahu i measc cheannairí na hEorpa, mar shampla, ná Viktor Orbán na hUngáire.
Tá sé éasca a bheith réasúnta muiníneach faoi mheath Iosrael a thuar mar go bhfuil an oiread sin treochtaí intomhaiste ann ag an am céanna a chruthóidh an meath sin.
Tá sé i bhfad níos deacra a thuar, áfach, go díreach cén tionchar a bheidh ag an meath sin ar chúrsaí. Tiocfaidh laghdú suntasach, nó deireadh iomlán, le tacaíocht mhíleata agus airgeadais ollmhór Mheiriceá d’Iosrael. Ach an rachaidh Meiriceá céim níos faide agus an úsáidfidh na Stáit Aontaithe a gcumhacht ollmhór eacnamaíochta chun smachtbhannaí a ghearradh ar Iosrael agus brú a chur air stát dá gcuid féin nó cearta comhionanna laistigh de stát amháin a thabhairt do na Palaistínigh?
An dtarlóidh glanadh eitneach nó sléachtanna níos mó ná mar atá feicthe againn go dtí seo? Nó an mbeidh dóthain réalachais fágtha i gceannasaíocht an stáit Iosraelaigh le tuiscint go mbeidh orthu comhréiteach stairiúil a dhéanamh leis na Palaistínigh, ar mhaithe le cineál éigin stát Iosraelach a chaomhnú? B’fhiú do na hIosraelaigh aird a thabhairt ar na staraithe mór le rá ar nós Polybus ón Dara hAois nó ar nós Arnold J Toynbee a scríobh in 1972, an bhliain ar rugadh mé féin: ‘Ní mharaítear sibhialtachtaí; cuireann siad lámh ina mbás féin.’
Pádraig
Ach an dtapóidh an chéad ghlúin eile Palaistínigh an deis chun díoltas fuilteach a agairt ar na Giúdaigh ar ais ansin?
I gcás go mbeidh Stát dá gcuid féin acu nó nach mbeidh?
Ní ligfidh siad an cinedhíothú seo i ndearmad choíche ná go deo.
Beidh sé greanta sa DNA acu go deo na ndeor dála mar atá Auschwitz* greanta ar DNA na nGiúdach, comhaoistí Netanyahu go háirithe.
Rud a mhíníonn, dar liom, an fiúnach agus an fíoch fola a bhíonn á dtiomáint gach uile lá beo dá saol.
Nach in é mar a oibríonn sícé an duine; cothú an fhuatha ó ghlúin go glúin?
Ba cheart go mbeadh a fhios san againne Éireannaigh!
Agus ní Pax America (cf EÓ Murchú) a bheidh i réim san am atá le teacht!
* B’fhiú do gach duine beo turas a thabhairt ar an áit scéiniúil sin
Larry Phelan
Alt spéisiúil, a Fhachtna, Dia leat.
Seán Mac Cába
‘Tá meath Iosrael ag teacht’ arsa Fachtna amhail is gur saineolaí ar an Meánoirthear é agus liathróid chriostail ina ghlaic aige. Ní féidir cúrsaí déimeagrafacha, eacnamaíochta, cultúrtha a thuar ar bhealach chomh beacht agus a cheapann Fachtna. Cé mhéad uair a dúradh go raibh bás i ndán don Ghaeilge? Nár cheart go mbeadh sí marbh cheana féin dar le saineolaithe áirithe? Ó tháinig ann d’Iosrael, nach mór, tá a naimhde ag tuar a bháis. Go deimhin bhí na hairm Arabacha lánchinnte de go raibh sé lag agus go bhféadfaí é a chloí go héasca. Ach bhí dul amú orthu – arís agus arís eile. Tá fadhbanna ag Iosrael cinnte, faoi mar atá ag Fachtna Stát eile ar domhan. Ní hionann sin agus a rá go bhfuil meath i ndán dó.
Peter Logan
Spéisiúil, go deimhin, agus tábhachtach. Má tá meath i ndán don Iosrael, tá ráth ag teacht ar na tíortha móra máguaird.
Muna éiríonn le hIosrael í féin a chosaint lá éigin beidh na milliúin curtha chun báis, agus na milliúin teifigh ag teacht i dtreo ná heorpa. An mbéidh fáilte curtha roimhe iad siúd in Éirinn?
Gabhánach de Nógla
Tá súil agam go mór. Saoirse don Phalaistín.