Réabhlóid na Dínite san Úcráin – coup d’état nó feachtas cearta an duine?

Deir an dlíodóir Hanna Dobrynska, duine de na léirsitheoirí, nach raibh uathu ag an tús ach go síneodh an rialtas an comhaontú leis an Aontas Eorpach ach gur athraigh gach rud nuair a tosaíodh ag cur na léirsithe faoi chois

Réabhlóid na Dínite san Úcráin – coup d’état nó feachtas cearta an duine?

Tugann formhór mhuintir na hÚcráine Réabhlóid na Dínite nó Réabhlóid an Euromaidan ar na himeachtaí ag deireadh 2013 agus tús 2014 a raibh teitheadh an Uachtaráin Viktor Yanokovych as an tír agus athrú rialtais mar thoradh orthu. Dar le bolscairí na Rúise agus tráchtairí áirithe san iarthar is coup d’état a bhí sna himeachtaí sin. Cad é fírinne an scéil?

Thosaigh léirsithe an Euromaidan ar dtús mar agóid i gcoinne chinneadh Viktor Yanokovych, nach mór ag an nóiméad deireanach, gan dul ar aghaidh le comhaontú caidrimh leis an Aontas Eorpach, comhaontú a raibh 315 as 349 feisire sa pharlaimint tar éis vótáil ar a shon. Ach dar leo siúd a bhí i láthair, rinneadh agóid i gcoinne na caimiléireachta agus ar son cosaint an daonlathais díobh chomh maith.

Ní hé Viktor Yanokovych a chum ná a cheap an chaimiléireacht san Úcráin agus níor tháinig deireadh léi lena imeacht as oifig. Ach dar leis na léirsitheoirí thug seisean go leibhéal eile ar fad í.

Dlíodóir cúig bliana fichead d’aois ab ea Hanna Dobrynska agus bhí sí ar dhuine den chéad 50 léirsitheoir ag tús na hagóide. Dar léi bhí Yanukovych ‘ag tógáil leagan beag den Rúis san Úcráin, ag cinntiú gurbh iad a theaghlach agus a dhlúthchairde fhéin is mó a bhainfeadh leas pearsanta as acmhainní na tíre.’ Cuimhneoidh roinnt léitheoirí ar na pictiúirí teilifíse dá phálás maorga a tógadh tar éis dó féin teitheadh, pálás ina raibh zú príobháideach, coinnleoir craobhach ar tuairiscíodh gurbh fhiú $11 milliún é agus seacht n-éadach boird lenar luadh €13,000. Dar le Transparency International ghoid Yanukovych agus a ‘theaghlach’ (mar a tugadh ar a leathbhádóirí) €37 billiún ó státchiste na hÚcráine agus cuireadh an t-airgead seo i bhfolach i gcuntais bhainc thar sáile.

Mhéadaigh ar fhearg an phobail agus an tacaíocht do na léirsithe de bharr iarrachtaí an rialtais na léirsithe a chur faoi chois. Bhí dhá ghné leis sin. Ar an gcéad dul síos tugadh isteach reachtaíocht ar an 16 Eanáir 2014 ag cur srianta ar shaoirse cainte agus ar shaoirse agóidíochta. Mhothaigh agóideoirí ar nós Hanna Dobrynska gur céim i dtreo na deachtóireachta a bhí ansin. Dar le Transparency International chuir na rialacha srianta ar chearta agus ar shaoirse bhunúsach an duine, saoirse cainte, agóidíochta agus polaitíochta agus chuir siad ar chumas na bpóilíní cearta an duine saoránach a shárú gan aon bhaol ann dóibh féin.

Ach ba é an rud is mó a chas an taoide i gcoinne Yanukovych an cinneadh úsáid a bhaint as an lámh láidir i gcoinne na léirsitheoirí. Dar leis an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine maraíodh breis agus 100 duine de bharr an fhoréigin, ceithre oiread an méad daoine a maraíodh Domhnach na Fola i nDoire i 1972. Ba iad seo na chéad mharuithe polaitiúla ó bhain an Úcráin a neamhspleáchas amach. Léirsitheoirí neamh-armtha a mharaigh fórsaí an stáit ab ea a bhformhór. Chruthaigh na maruithe sin mairtírigh don náisiúnachas san Úcráin, feiniméin a bhfuil tuiscint mhaith againn air sa tír seo.

Deir Hanna Dobrynska nach raibh ó na léirsitheoirí ag an tús ach go síneodh an rialtas an comhaontú leis an Aontas Eorpach ach gur athraigh gach rud mar gheall ar an iarracht na léirsithe a chur faoi chois: ‘Thuig mé ansin go raibh rud i bhfad níos mó i gceist. Bhí sé mar gheall ar mo rogha mar shaoránach mo chearta a chosaint, nó eagla a bheith orm agus a bheith i mo dhuine i mo thost i sochaí thiarnúil.’

Dar leis an staraí Serhei Plokhy ina leabhar The Gates of Europe (Penguin, 2015) b’ionann agus crith talún pholaitiúil, san Úcráin féin agus sa phobal idirnáisiúnta. marú na léirsitheoirí. ‘The threat of international sanctions forced members of the Ukrainian parliament, many of whom were concerned that the sanctions would affect them as well, to free themselves from fear of presidential reprisal and pass a resolution prohibiting the use of force by the government.’ Ar an 21 Feabhra agus an pharlaimint iompaithe ina choinne, theith Yanukovych ó Chív. Vótáil an pharlaimint é a bhriseadh as oifig, uachtarán eatramhach a cheapadh agus rialtas sealadach nua a chur in oifig.

De réir na sainmhínithe is coitianta ar an difríocht idir coup d’état agus réabhlóid baineann dream beag athrú rialtais amach leis an lámh láidir i coup d’état, agus déanann siad é seo trí smacht a bheith acu ar an arm nó ar fhórsaí armtha eile de chuid an stáit. Ar an taobh eile den scéal is ollghluaiseacht a bhíonn sa réabhlóid a bhfuil mar aidhm aici athruithe eacnamúla, sóisialta agus polaitiúla a bhaint amach. Faoin tslat tomhais sin is léir nach coup d’état a bhí in imeachtaí an Euromaidan. Níor cuireadh an pharlaimint ar ceal agus tharla toghcháin dhaonlathacha agus athruithe rialtais sna blianta ina dhiaidh sin.

Ach an rud atá i gceist ag daoine a úsáideann an téarma coup d’état faoi imeachtaí an Euromaidan ná nach gluaiseacht ón mbun aníos a bhí ann ach gurb í Meiriceá a spreag agus a d’eagraigh é chun rialtas a bheadh báúil lena leasanna féin a chur i gcumhacht i gCív. De réir an léimh sin ní raibh sna milliúin léirsitheoir ar fud na tíre ach puipéid de chuid Mheiriceá agus is faoi bhagairt an fhoréigin a vótáil an pharlaimint i gcoinne Yanukovych.

Níl aon amhras faoi ach go raibh Meiriceá ag tacú go hoscailte leis na léirsitheoirí. Thug ball de rialtas Mheiriceá, an Leas-Rúnaí Stáit Victoria Nuland cuairt ar Chearnóg an Neamhspleáchais le linn na léirsithe. Ach is é an príomhphíosa fianaise a úsáidtear don teoiric gurbh í Meiriceá a spreag agus a stiúir an t-éirí amach ná taifead de glaoch gutháin bugáilte idir Nuland agus ambasadóir Mheiriceá chun na hÚcráine Geoffrey Pyatt. Sa ghlaoch sin pléann Nuland agus Pyatt a dteagmhálacha le polaiteoirí éagsúla agus a n-iarrachtaí tionchar a imirt ar chúla téarmaí ar comhdhéanamh an rialtas eatramhach a thiocfadh in áit rialtas Yanukovitch. Shéan an Rúis gur bhugáil siad agus gur sceith siad an glaoch sin.

Mar fhreagra ar an líomhain gur coup Meiriceánach a bhí i léirsithe Euromaidan, fiafraíonn Hanna Dobrynska go searbhasach díom: ‘Cá bhfuil m’airgead ó na Stáit Aontaithe as ucht a bheith ansin ag an tús nuair nach raibh ann ach leathchéad duine nó níos lú?’. Deir sí go raibh aithne phearsanta aici ar go leor de na daoine a bhí ann ag an tús. ‘Bhíomar á dhéanamh mar chreideamar ann, mar gurbh iad sin na mothúcháin a bhí againn. Má tá tú ag lorg fórsa éigin a choimeád an Maiden beo le linn an tseaca chrua, tá an moladh sin ag dul do sheanmháithreacha Chív a rinne soithí ollmhóra borscht agus a thug chugainn iad ar gcóras poiblí iompair.’

Argóint eile a úsáidtear i gcoinne an éirí amach ná an maíomh gur ‘Naitsithe’ a d’eagraigh é. Bhí grúpa Náisiúnach i bhfad amach ar an eite dheis Pravyi sektor páirteach sna léirsithe agus sna caismirtí i gCív. Cé gur mionlach a bhí iontu, dar le foinsí áirithe bhí ról ceannasach acu. Mar shampla, dar le halt sa Jacobin, iris shóisialach Mheiriceánach, ‘Right Sector led the January 19 attacks on police in Kyiv… with one protester saying the far-right bloc had “breathed new life into these protests.”

Séanann Hanna Dobrynska áfach go raibh ról ceannasach ag Pravyi sektor. Deir sí gur daoine cosúil léi fhéin ab ea bunús na ndaoine a bhí páirteach i bhfórsa ‘féinchosanta’ na léirsitheoirí – daoine gairmiúla óga agus liobrálaigh pro-Eorpacha. ‘Bhí cailíní a bhí mar cairde agam fhéin agus a raibh oideachas maith orthu ag an Maiden ag baint clocha duirlinge ón gCearnóg chun barracáidí a thógáil nó i ndeireadh na dála chun iad a chaitheamh leis na póilíní.’ Dar le breithiúnais na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine a raibh an breitheamh Éireannach Síofra O’Leary ina huachtarán uirthi, ba iad fórsaí an stáit a chuir tús leis an bhforéigean i gcoinne na léirsitheoirí, a bhí síochánta i dtús báire. I gcásanna áirithe fuadaíodh léirsitheoirí agus dúnmharaíodh iad.

Níor mhiste a rá go raibh sciar suntasach den daonra, go háirithe san oirthear agus san oirdheisceart, a bhí i gcoinne an éirí amach agus a chreid gur coup d’état neamhdhlisteanach a bhí ann. Mhéadaigh an deighilt sa phobal nuair a maraíodh 42 léirsitheoir frith-Euromaidan i bhforéigean idir léirsitheoirí pro- agus frith-Euromaidan in Odessa i ndeisceart na hÚcráine in 2014. Cháin eagraíochtaí idirnáisiúnta údaráis na hÚcráine toisc nár fiosraíodh na heachtraí sin i gceart. Bhí mairtírigh anois ag an dá thaobh.

Tá neart líomhaintí nó maíte eile ar líne faoi na heachtraí sin – gur ‘agents provocateurs’ a mharaigh na léirsitheoirí Euromaidan nó gur íoc Meiriceá €5 billiún leis na léirsitheoirí Euromaidan agus mar sin de. D’fhéadfá a bheith ag plé lena leithéid go lá Pilib a Cleite agus b’fhéidir go bhfillfidh mé ar an ábhar amach anseo.

Dar ndóigh tá a lán den téarmaíocht a bhaineann le coimhlint na hÚcráine nó le coimhlint ar bith thar a beith idé-eolaíoch agus polaitiúil. Sceimhlitheoir nó páirtiseán, Ionradh/Cogadh nó Gníomhaíocht Mhíleata speisialta, Naitsíoch agus coup d’état nó réabhlóid. I ndeireadh na dála, seans go n-insíonn na téarmaí seo níos mó dúinn faoin té atá á n-úsáid ná faoi nádúr na n-imeachtaí a bhfuil cur síos á dhéanamh acu orthu.

Fág freagra ar 'Réabhlóid na Dínite san Úcráin – coup d’état nó feachtas cearta an duine?'

  • Aonghus Ó hAlmhain

    Mír fiúntach eile san sraithe altanna seo ó Fachtna. Iarracht maith a bheith soiléir agus meáite.

  • Eoin Ó Murchú

    Is coup d’état é nuair a chuirtear rialtas dlisteanach as oifig go midhleathach agus le foireigean. Is coup d’état é nuair nach mbíonn deis ag na pobail a thuig tacaiocht don uachtaran labhairt faoin scéal.