Níl cúrsaí féiniúlachta, teanga agus polaitíochta in Donbas chomh simplí is a thugtar le fios

Ní hionann bá leis an Rúis nó freasúra do NATO agus a bheith i bhfabhar chríochdheighilt na tíre nó fórsaí na Rúise a bheith san Úcráin

Níl cúrsaí féiniúlachta, teanga agus polaitíochta in Donbas chomh simplí is a thugtar le fios

Maítear go minic go bhfuil muintir ‘oirthear na hÚcráine’ nó muintir an réigiúin ar a dtugtar an Donbas chomh maith le muintir na Crimé ag iarraidh a bheith mar chuid den Rúis. Deir fiú daoine a cháineann ionradh na Rúise ar an Úcráin an méid seo. Caithfidh mé fhéin a rá gur ghlac mé fhéin leis ag tús an chogaidh go raibh seo fíor. Ba é an chéad rud a chuir síol an amhrais i m’intinn ná nach raibh cúrsaí baileach chomh simplí – sa Donbas pé scéal é – ná alt le duine de mhuintir an réigiúin sin Yaroslav Kosak i Tuairisc.ie. Ach an bhfuil aon fhianaise chrua ann a thabharfadh léargas dúinn ar thuairimí mhuintir an réigiúin sin agus muintir na Crimé?

Ar an 1 Nollaig 1991 vótáil níos mó ná 90% de mhuintir na hÚcráine ar son neamhspleáchais ón Aontas Sóivéadach. Vótáil 84% de mhuintir Donbas ar a shon. Fiú sa Chrimé, a bhí mar chuid den Rúis go dtí 1954, vótáil 54% ar son neamhspleáchais.

Níor mhiste a lua, áfach, go raibh an céatadán a chaith vótaí sa Chrimé – 60% – níos ísle ná in áiteanna eile. B’fhéidir gur léiriú é seo nach raibh muintir an réigiúin chomh spreagtha chun teacht amach ag vótáil ar son an neamhspleáchais le daoine i réigiúin eile, nó b’fhéidir gur shíl an dream a bhí i gcoinne an neamhspleáchais nárbh fhiú teacht amach ag vótáil mar gurbh léir treo na gaoithe go náisiúnta.

Dar ndóigh tá 33 bliain idir an reifreann neamhspleáchais agus imeachtaí 2014 nuair a ghabh an Rúis an Chrimé agus nuair a cuireadh tús leis an gcogadh in Donbas agus d’fhéadfadh gur athraigh tuairimí an phobail idir an dá linn. Ach más féidir leis an bpobal a dtuairimí a athrú an oiread sin, nach léiriú an méid sin féin go bhfuil cúrsaí féiniúlachta corrach agus casta sa chuid sin den Úcráin?

I mí Feabhra 2014 thosaigh fórsaí na Rúise ag gabháil seilbh ar an gCrimé agus i Márta 2014 d’eagraigh an Rúis reifreann sa réigiún. Níor ceadaíodh aon bhreathnóirí idirnáisiúnta. 

Tuairiscíodh gur vótáil 83% de na vótóirí agus gur raibh 97% ar son aontú leis an Rúis in ainneoin gur Úcránaigh eitneacha nó Tataraigh iad nach mór 40% den daonra. Is mionlach Moslamach iad na Tataraigh a d’fhulaing géarleanúint mhór faoi riail na Rúise, agus atá ag fulaingt arís ó 2014 i leith de réir thuairiscí Mhisean Monatóireachta Chearta Daonna na Náisiún Aontaithe san Úcráin.

Thart ar an am céanna ar eagraíodh an ‘reifreann’ sa Chrimé thosaigh an Rúis ag tacú le héirí amach na scarúnaithe in oirthear na hÚcráine. Léirigh pobalbhreith a rinne Gallup ag an am sin go raibh luí níos mó ag muintir oirthear na hÚcráine leis an Rúis ná mar a bhí acu leis an Aontas Eorpach. Bhí tromlach san oirthear i bhfabhar go mbeadh an Úcráin in Aontas Custaim leis an Rúis, an Bhealarúis agus an Chasacstáin seachas san Aontas Eorpach.

An dá Oblast sa Donbas – Donetska agus Luhanska, chomh maith le dhá Oblast eile, Dnipropetrovska agus Kharkivska, a bhí i gceist leis an ‘oirthear’. Bhí 59% i bhfabhar an Aontais Custaim leis an Rúis agus ní raibh ach 20% i bhfabhar ballraíocht san Aontas Eorpach. Bhí tromlach ollmhór de mhuintir an oirthir i gcoinne ballraíocht i NATO – 67% i gcoinne 14%. An fianaise é sin gur theastaigh ó mhuintir oirthear na hÚcráine a bheith mar chuid den Rúis?

Nuair a fhéachtar ar an gcuid eile den suirbhé is léir nach ea. Léirigh an suirbhé céanna gur theastaigh ó 53% de mhuintir an oirthir go bhfanfadh an Úcráin ina tír aontaithe. Dúirt 74% de mhuintir an oirthir nach raibh cainteoirí Rúisise na hÚcráine faoi bhagairt nó faoi bhrú mar gheall ar a dteanga agus bhí 61% i gcoinne na Rúise a bheith ag cur a bhfórsaí chun na hÚcráine ‘chun cainteoirí Rúisise a chosaint’. 

Léiríonn na figiúirí seo nach bhfuil cúrsaí féiniúlachta, teanga agus polaitíochta in oirthear na hÚcráine chomh simplí is a thugtar le fios go minic. Ní hionann bá leis an Rúis nó freasúra do NATO agus a bheith i bhfabhar chríochdheighilt na tíre nó fórsaí na Rúise a bheith san Úcráin.

Bhí torthaí spéisiúla freisin ar an suirbhé is deireanaí, gurbh eol domsa, a rinneadh sa réigiún roimh thús mhór-ionradh na Rúise ar an 24 Feabhra. 

Coimisiúnaíodh comhlachtaí taighde sa Rúis, san Úcráin agus sa Bhreatain chun suirbhé a dhéanamh ar dhaoine ar an dá thaobh den líne choimhlinte sa Donbass. Léirigh an taighde gur theastaigh ó níos mó daoine a bheith san Úcráin (42%) ná mar a theastaigh uathu a bheith mar chuid den Rúis (31%). Bhí céatadán ard (18%) daoine ann a dúirt nach raibh a fhios acu cén tuairim a bhí acu. Caithfear fainic a chur leis na torthaí seo áfach – tá sé thar a bheith deacair taighde cruinn den chineál seo a dhéanamh i gceantar coimhlinte. 

Léiriú air seo is ea na freagraí difriúla a fuair taighdeoirí ón Rúis agus ón Úcráin nuair a labhair siad le daoine in Donbass a bhí faoi smacht na scarúnaithe. Dúirt 70% leis na taighdeoirí as an Rúis go raibh siad i bhfabhar a bheith sa Rúis, ach ní dúirt ach 16% é sin leis na taighdeoirí as an Úcráin! Ní raibh aon éagsúlacht sna freagraí a fuair taighdeoirí na Rúise agus na hÚcráine nuair a labhair siad le daoine sa cheantar a bhí faoi smacht rialtas na hÚcráine. Bhí 72% i bhfabhar fanacht san Úcráin.

Dar ndóigh caithfidh go bhfuil ionradh na Rúise a thosaigh ar an 24 Feabhra tar éis tionchar a imirt ar thuairimí phobal an oirthir faoi na ceisteanna seo agus go bhfuil sé ag cur brú ar chuid mhór den phobal taobh amháin nó taobh eile a roghnú ó thaobh dílseachta de – an Rúis nó an Úcráin. An diúracán Rúiseach a bhuail stáisiún traenach Kramatorsk agus a mharaigh 59 sibhialtach ar an 8 Aibreán, ní dhearna sé idirdhealú idir Rúisigh eitneacha agus Úcránaigh eitneacha, idir cainteoirí Rúisise agus cainteoirí Úcráinise, idir iad siúd a raibh luí acu roimhe seo leis an Rúis agus iad siúd a raibh luí acu leis an Aontas Eorpach.

Mharaigh sé iad ar fad. Tá a leithéid ag tarlú ar fud an limistéir chogaidh san oirthear agus ar fud na tíre go léir. Ní fhéadfadh nach bhfuil seo ag imirt tionchar ar dhearcadh an phobail i leith na Rúise. Tá neart tuairiscí starógacha sna meáin faoi ghnáthshaoránaigh nó ionadaithe poiblí fiú a raibh bá acu roimhe seo leis an Rúis atá tar éis casadh i gcoinne na Rúise mar gheall ar an ionradh. Ar an dtaobh eile den scéal, ní féidir go bhfuil sé éasca a rá go dtacaíonn tú leis an Rúis san Úcráin faoi láthair. Tá páirtithe polaitiúla ar cuireadh ina leith go raibh baint acu leis an Rúis, agus a bhuaigh 44 as 450 suíochán sa pharlaimint náisiúnta san olltoghchán deireanach. curtha ar fionraí ag an rialtas.

Is dócha go mbeadh tacaíocht níos mó le bheith mar chuid den Rúis sa Chrimé ná in Donbass. I ndeireadh na dála níl ach slí amháin le fáil amach – reifreann neamhspleách trédhearcach faoi stiúir idirnáisiúnta nó le monatóireacht idirnáisiúnta ina mbeadh cead vótála ag daoine a theith ón gcoimhlint ó 2014 i leith. Dar ndóigh mothóidh a lán Úcránach gur ionann an cheist seo a phlé ar chor ar bith agus gan aitheantas a thabhairt do fhlaitheas a dtíre.

Ach ní argóint é seo ar son nó i gcoinne reifrinn dá leithéid. Níl ann ach iarracht scrúdú a dhéanamh ar an maíomh go bhfuil an pobal sna réigiún sin ag iarraidh a bheith mar chuid den Rúis. Agus an chonclúid? Ná creid duine ar bith a deir leat go lánmhuiníneach go bhfuil a fhios acu go cinnte cén tír ar mian le muintir an réigiúin sin a bheith mar chuid di.

Fág freagra ar 'Níl cúrsaí féiniúlachta, teanga agus polaitíochta in Donbas chomh simplí is a thugtar le fios'

  • Luke Callinan

    In Earrach na bliana 2018 chaith mé seachtain idir Luhansk agus Donetsk. B’fhacthas dom ag an am nár bhain an cheist le dílseacht don Úcráin nó don Rúis ach easpa measa ar rialtas na hÚcráine agus é ag dul dóibh a chreidiúint go raibh Arm na hÚcráine sásta buamaí a ligean ar bhailte sa Donbas agus saoránaigh dá gcuid féin a mharú. Níl aon amhras ach an oiread go raibh fearg le brath ar na sráideanna i dtaobh nach raibh Putin sách corraithe teacht i gcabhair orthu tar éis 4 bliana cogaíochta. Shíl mé ag an am gur ceantar ann féin a bhí sa Donbass gona a chuid féiniúlachta, traidisiún, cultúir agus nósanna féin.

  • Éamon Ó hÍcí

    Alt spéisiúil dea-scríofa – is é an trua é nach féidir le Fachtna é féin a chur faoi agallamh ar a chlár raidió! Feictear dom go rómhinic go mbíonn daoine ar RnaG nach léir dom cén saineolas atá acu ar an ábhar atá idir lámha – an bhfuil alt scríofa acu ar an ábhar, an bhfuil staidéar déanta acu air nó céim bainte amach i rud a bhaineann le hábhar? Agus ansin tá Gaeilge bhacach cuid de na haíonna…

  • Seán Mag Leannáin

    “Ar an dtaobh eile den scéal, ní féidir go bhfuil sé éasca a rá go dtacaíonn tú leis an Rúis san Úcráin faoi láthair. Tá páirtithe polaitiúla ar cuireadh ina leith go raibh baint acu leis an Rúis, agus a bhuaigh 44 as 450 suíochán sa pharlaimint náisiúnta san olltoghchán deireanach, curtha ar fionraí ag an rialtas.” Is dócha gur scéal casta é scéal na hÚcráine agus go bhfuil sé níos casta fós anois mar gheall ar an ionradh.