Tá sráid mo dhúchais san Úcráin in aice leis an líne thosaigh agus an sléacht mire

Léitheoir de chuid Tuairisc as an Úcráin é údar an ailt seo. D’fhág sé a a thír in 2014 ach tá a mhuintir ag cur fúthu gar do líne thosaigh ionradh na Rúise…

Tá sráid mo dhúchais san Úcráin in aice leis an líne thosaigh agus an sléacht mire

Scuaine taobh amuigh den ollmhargadh i Kyiv. Deartháir Yaroslav a ghlac an pictiúr sa cheantar Obolon an mhaidin i ndiaidh do chuirfiú oíche teacht i bhfeidhm i dtuaisceart na cathrach

Yaroslav is ainm domsa agus rugadh mé i Donetsk i 1993. San áit sin a rugadh mo bheirt tuismitheoirí agus formhór mo sheantuismitheoirí.

Agus mise i mo pháiste cheap mé gurbh iontach an rud é go raibh mo theaghlach ar fad ina gcónaí ar an tsráid chéanna, ní raibh teach mo mhuintire ach trí nóiméad siúil ó theach mhuintir mo mháthar agus 10 nóiméad siúil an taobh eile ó mhuintir m’athar.

Bhí m’uncail ina chónaí béal dorais. Faraor níl an tsráid sin ach cúpla míle ón líne thosaigh anois, agus sin mar atá an scéal le hocht mbliana. Níor leag mise cos ar an tsráid sin ó 2014, tráth a ndearna mo thuismitheoirí agus a dtuismitheoirí sin an cinneadh fanacht san áit a raibh siad riamh.

Cathair ‘ait’ ab ea Donetsk taobh istigh den Úcráin. Ó bunaíodh an chathair in 1869, ní fada go raibh sí ar cheann de na cathracha ba mhó sa tír a bhuíochas don bhorradh iontach a bhí ar thionscal an ghuail (mianadóirí ab ea m’athair féin agus mo bheirt seanathar). Tháinig na sluaite as gach ceard d’Impireacht na Rúise agus ina dhiaidh sin as an Aontas Sóivéadach chun na cathrach ar thóir oibre.

Bhí de thoradh air sin gur Rúisis a labhraítí in  Donetsk i gcónaí mar gurbh í lingua franca na bpobal éagsúil a rinne cónaí sa chathair, cé gur canúint den Úcráinis a bhí á labhairt sna ceantair máguaird agus gur den chine Úcránach formhór na n-áitritheoirí.

(Is éagsúla an Rúisis agus an Úcráinis ná Gaeilge na hÉireann agus Gaeilge na hAlban ach is cosúla le chéile iad ná an Ísiltíris agus an Ghearmáinis. Go dtí gur tháinig an teanga chaighdeánach oifigiúil i réim, bhí canúintí an dá theanga fíorchosúil lena chéile agus is meascán 50/50 a fhaigheann tú thart ar theorainneacha an lae inniu.)

Nuair a chlis an tAontas Sóivéadach, daingean a bhí sa gcathair ag polaiteoirí a bhí i bhfabhar na Rúise. Tá an chathair gar don teorainn leis an Rúis agus is leis an tír sin a dhíoltar go leor den ghual agus táirgí tionsclaíochta eile na cathrach, díreach mar a rinneadh aimsir an APSS. Chomh maith leis sin, pobal an-mheasctha atá sa chathair seo, agus cé gur Úcránach mise den chuid is mó, as an Rúis a tháinig cuid mhaith de mo shinsir agus tá daoine muinteartha agam ansin chomh maith.

Is amhlaidh an scéal in go leor réigiún eile in oirthear agus i ndeisceart na hÚcráine, gach cás faoi leith difriúil ach go ginearálta cosúil lena chéile.

Ar fháil a neamhspleáchais don Úcráin, thosaigh sí ag lorg féiniúlacht náisiúnta di féin. Sampla de sin go ndearnadh an Úcráinis éigeantach d’oifigigh Rialtais agus in aon chomhfhreagras leis an Rialtas.

Buaileadh buillí troma ar an teanga faoi réimeas na Rúise, go háirithe le linn an ghorta mhóir idir 1932-1933 nuair a fuair go leor de lucht labhartha na hÚcráinise faoin tuath bás leis an ocras, agus toisc gur ardaigh stádas na Rúisise ina dhiaidh sin. B’fhearr go mór a dhéanfadh duine ina shlí bheatha leis an Rúisis, agus féachadh ar an Úcráinis mar theanga  sheanaimseartha na gcábóg.

D’fhág an drochmheas agus an t-ídiú sin go raibh Rúisiú déanta ar an gcuid is mó de na réigiúin i ndeisceart agus in oirthear na tíre (go háirithe na cathracha) faoin am ar bhain an Úcráin a neamhspleáchas amach i 1991. Gan dabht is maith a thuigeann na Gaeil an scéal seo…

Nuair a d’ionsaigh Putin an Úcráin ar dtús in 2014, deirtear go raibh sé ag súil le tacaíocht ollmhór ó phobal labhartha na Rúisise san oirthear agus sa deisceart. Ach ní hamhlaidh a tharla.

Déarfainn féin gur iomaí cúis a bhí leis sin ach is í an chúis is mó leis – d’ainneoin a chosúla atá an Rúis agus an Úcráin lena chéile tá difríocht mhór mhillteach idir cultúr polaitiúil an dá thír. Tráth a raibh an t-údarásaíochas ag dul i dtreise sa Rúis faoi cheannas Putin, bhí an Úcráin fós trína chéile ach saor. Is fíor go mbíonn cead ag náisiúnaithe radacacha léirsiú i gcathracha na hÚcráine, ach ba cheart cuimhneamh freisin go raibh cead níos mó agus níos mó paráidí bróid LGBT [Leispiach, Aerach, Déghnéasach agus Trasinscneach] a eagrú san Úcráin, roimh shrianta phaindéim an Covid-19 (paráidí atá faoi chosc sa Rúis).

Tá cosc ar Fhinnéithe Iehova sa Rúis agus an príosún i ndán dóibh, ceadaítear dá lán reiligiúin éagsúla dul ag scaipeadh a soiscéal san Úcráin. Tá cosc nó díbirt déanta anois sa Rúis ar na meáin neamhspleácha deiridh a bhí ann, ach san Úcráin riamh anall is mar fhreasúra a oibríonn formhór na gcainéal teilifíse beag beann ar cé atá ina Uachtarán.

Sa Rúis toghtar Putin le tromlach ollmhór (ní luafaimid na líomhaintí faoi chamastaíl toghcháin). Is é Volodymyr Zelenskyy an séú huachtarán ar an Úcráin ó 1991.

Léiríonn sé sin ar fad nach cinneadh eitneach amháin a bhí anseo, cinneadh polaitiúil a bhí ann freisin, go deimhin b’in an bhunchúis.

Ba é deireadh an scéil gur fágadh Donetsk faoi smacht na Rúise, poblacht neamhspleách in ainm, mar dhea.

In 2014, nuair a thosaigh an t-achrann, náisiúnaigh de chuid na Rúise ab ea ceannairí ‘Daon-Phoblacht Donetsk’. Faoi láthair tá muintir na háite tagtha ina n-áit, ach faraor ní hiad an dream is fearr ná is ábalta. Mar shampla, Denis Pushilin, an ceannaire atá ar an bpoblacht sin faoi láthair, ba é a bhíodh i gceannas ar an gcraobh áitiúil den scéim Ponzi ba mhó in oirthear na hEorpa – MMM. Ní nach ionadh is beag rachmas atá sa réigiún faoi cheannairí dá leithéid. Tá an chathair fágtha ag an gcuid is mó de na daoine óga treallúsacha. Tá an tionsclaíocht ag titim as a chéile, agus más leat aon airgead a shaothrú sa gcathair, caithfidh tú ballraíocht a ghlacadh in “arm scarúnaithe’ a fhaigheann fóirdheontas ón Rúis agus a bhfuil pá sách maith le fáil ann.

Le linn phaindéim an Covid-19, dhún na scarúnaithe sin an teorainn leis an Úcráin, rud a chuir as go mór don ghnáthphobal. Ar a laghad stopadh den troid thart ar 2015, cé go mbíodh mo mhuintir, atá gar don líne thosaigh, in ann ionsaithe sliogán a chloisteáil ó am go ham.

Ach bhí ag méadú ar an imní sa gceantar go raibh drochbheart éigin ar tí tarlú. Bhí na scarúnaithe ag moladh go láidir do gach éinne iarratas a dhéanamh ar phas Rúiseach. Agus iad ag smaoineamh ar ar tharla sa tSeoirsia in 2008, agus “saoránaigh na Rúise le cosaint”, bhí imní ar mo thuismitheoirí agus sheachain siad pas na Rúise a fháil go dtí seo.

Ba mheasa fós an imní nuair a d’fhógair na Rúisigh go raibh go leor de na sibhialtaigh le haslonnú as Donetsk ón 18 Feabhra i mbliana, de bharr go raibh “gníomhartha naimhdeacha á mbeartú” ag an Úcráin. Sa deireadh thiar níor aslonnaíodh ach cúpla míle duine agus dhiúltaigh formhór an phobail aon pháirt a ghlacadh sa gcleas sin. Ait go leor nuair a thosaigh an troid agus a d’éirigh cúrsaí níos measa in Donetsk, is amhlaidh a éiríodh as an aslonnú, rud a léiríonn nach raibh ann ach cleas bolscaireachta.

Nuair a rinne an Rúis ionradh oscailte ar an Úcráin, chuaigh cúrsaí in olcas go han-tobann i gcodanna éagsúla den tír. In Donetsk, tá gach fear á slógadh ag na scarúnaithe don tseirbhís mhíleata. Is féidir a rá nach bhfuil an chathair ag feidhmiú níos mó, tá formhór na bhfear tugtha go dtí an líne thosaigh cheana féin nó tá siad imithe i bhfolach ó údaráis na scarúnaithe agus gan iad ag iarraidh a mbás a thabhairt faoi bhéal na ngunnaí móra.

Chuaigh mo dheartháir ag cónaí i Kyiv cúpla bliain ó shin mar go raibh an chathair sábháilte, níl sé in ann néal codlata a dhéanamh le réabadh na n-urchar agus na sliogán sa gcathair sin anois. Deir mo chairde liom ar fud na hÚcráine go bhfuil infreastruchtúr sibhialta á scrios gan chúis ag fórsaí an ionraitheora.

Tá an chuma ar chúrsaí faoi láthair go bhfuil an chéad ionsaí ag arm na Rúise stoptha nó moill thábhachtach curtha air. Tá na cathracha is mó fós faoi cheannas údaráis na hÚcráine agus tá léirsithe i gcoinne fhórsaí na Rúise ag tarlú i gcuid de na cinn atá gafa. Tá sé cruthaithe ag an Úcráin go bhfuil a pobal réidh le troid ar son a saoirse agus nach bhfuil aon fháilte acu roimh na hionsaitheoirí, rud a bhíodh á mhaíomh ag bolscaireacht na Rúise agus ag roinnt dá comhghuaillithe san Iarthar san am a caitheadh.

Is é an rud is dóichí a tharlóidh anois go ndéanfaidh Putin iarracht a dhéanamh sa gcogadh seo mar a rinneadh sa tSiria – na cathracha a bhuamáil go dtí go ngéillfidh siad agus an áit a ghabháil go mall réidh ansin, orlach ar orlach.

Ach ní hionann an dá chás, tá dhá mhórdhifríocht eatarthu. Sa tSiria bhí aerárthaí na Rúise ábalta feidhmiú gan aon chosaint ó fhrithionsaí ón aer agus ní raibh smachtbhannaí díobhálacha ag bascadh na Rúise.

Is é mo dhóchas go maolóidh an dá bhac sin diongbháilteacht Putin agus go gcuirfear deireadh leis an sléacht mire seo.

Fág freagra ar 'Tá sráid mo dhúchais san Úcráin in aice leis an líne thosaigh agus an sléacht mire'

  • Trish

    Go bhfóire dia ar do mhuintir ansin agus mallacht Dé ar na daoine a sheasann le Putin. Bhí a fhios go raibh polaitíocht an domhan tar éis dul in olcas le roinnt blianta anuas. Fós tá ionadh orm mar gheall ar cé chomh scanrúil, agus millteach náireach atá an t-ionsaí seo, na milliún duine ag teitheadh agus ceisteanna fuinnimh a ghabhann leis an scéal. GRMA as an t-eolas soiléir a nocht tú dúinn.

  • Yaroslav Kozak

    Go raibh míle maith agat, a Trish!

  • Indrek

    A Yaroslav, maith thú! Cé eile chun na himeachtaí atá ag titim amach a mhíniú i gceart ach Ucráineach, cosúil leat féin. GRMA as cur lenár dtuiscint ar an scéal agus beannacht Dé ort. Slava Ukraini!

  • Yaroslav Kozak

    A Indrek, go raibh míle maith agat!