Mórathrú ar dhearcadh mhuintir na hÚcráine i leith an Aontais Eorpaigh agus na Rúise

Tháinig claochlú ar thírdhreach na polaitíochta san Úcráin ó 2014 i leith 

Mórathrú ar dhearcadh mhuintir na hÚcráine i leith an Aontais Eorpaigh agus na Rúise

An bhfuil rúndiamhair éigin faoinar tharla do vótóirí pro-Rúiseacha san Úcráin sna blianta tar éis 2014 mar a mhaíonn tráchtairí áirithe? Sna blianta roimh 2014 fuair siad leath na vótaí i dtoghcháin náisiúnta ach ina dhiaidh sin thit siad go 20% nó níos lú, fiú. 

An raibh caimiléireacht sna toghcháin? Níor aimsigh breathnóirí idirnáisiúnta ón OSCE, eagraíocht a bhfuil an Rúis ina ball de, aon fhadhbanna móra le féaráilteacht na dtoghchán a reáchtáladh san Úcráin ó 2014 ar aghaidh. 

Mar sin cén míniú atá ar an laghdú ar líon na ndaoine a vótáil do na páirtithe pro-Rúiseacha?

Léirigh mé in alt eile sa tsraith seo nach fíor an tuairim shimplí go raibh an Úcráin deighilte leath agus leath idir daoine a bhí ‘ar son na Rúise’ agus daoine a bhí ‘ar son an iarthair’ sna blianta roimh 2014. Sna blianta sin d’fhéadfá dearcadh dearfach a bheith agat i leith na Rúise agus a bheith i bhfabhar caidreamh níos dlúithe leis an Aontas Eorpach. Bhí mionlach a bhí naimhdeach in aghaidh na Rúise agus go láidir i bhfabhar an Aontas Eorpaigh agus vice versa, ach bhí formhór an phobail áit éigin sa lár. 

Mar sin féin ní leor sin amháin mar mhíniú ar an titim dhrámatúil ar thacaíocht na bpáirtithe ‘pro-Rúiseacha’ sna blianta tar éis 2014. Trí anailís a dhéanamh ar an cúiseanna a bhí leis an titim i dtacaíocht na bpáirtithe seo, is féidir linn léargas a fháil ar an gclaochlú a tháinig ar thírdhreach polaitiúil na hÚcráine sna blianta sin. 

1. Fearg an phobail faoi mharú 108 léirsitheoir le linn na léirsithe Euromaiden/Réabhlóid na Dínite

Mharaigh fórsaí an stáit, faoi stiúir rialtas Viktor Yanukovych, breis agus 100 léirsitheoir le linn na léirsithe Euromaiden. B’ionann sin agus ocht n-oiread an líon léirsitheoirí a maraíodh ar Dhomhnach na Fola i nDoire. I gcásanna áirithe níor maraíodh na léirsitheoirí ar na sráideanna – fuadaíodh, céasadh agus dúnmharaíodh iad in áiteanna eile. Ba iad seo na céad mharuithe polaitiúla ó bhunú stát na hÚcráine. 

Bheadh tionchar mór ag a leithéid sin d’eachtraí ar dhearcadh an phobail i dtír dhaonlathach ar bith, agus ní chun leasa aon rialtas a bheadh freagrach astu a bheadh an tionchar sin. Níor mhiste a lua áfach go bhfuair 42 léirsitheoir frith-Euromaiden bás in eachtraí foréigneacha in Odessa in 2014 agus tá údaráis na hÚcráine cáinte ag eagraíochtaí idirnáisiúnta toisc, a deir siad, nár fiosraíodh na heachtraí sin i gceart.

2. Claonadh déimeagrafach i bhfabhar an Aontais Eorpaigh agus i gcoinne caidreamh níos dlúithe leis an Rúis

Léiríonn gach suirbhé atá feicthe agam go raibh claonadh níos mó i dtreo an Aontais Eorpaigh ag daoine óga san Úcráin. Mar shampla, léiríonn an suirbhé seo ó 2013 go raibh 51% de dhaoine idir 18 agus 29 i bhfabhar ballraíocht san Aontas Eorpach i gcomparáid le 28% de dhaoine os cionn 70. Ní raibh ach 32% de na daoine idir 18 agus 29 i bhfabhar Aontas Custaim leis an Rúis i gcomparáid le 50% de na daoine os cionn 70.

Gach bliain bhí níos mó daoine a raibh luí acu leis an Rúis ag fáil bháis ón tseanaois agus níos mó daoine a raibh bá acu leis an Aontas Eorpach ag teacht in aois vótála. 

3. Baineadh sciar mór den dream is mó a raibh bá acu leis an Rúis amach as stát de facto na hÚcráine in 2014. 

Nuair a ghabh an Rúis an Chrimé agus nuair a ghabh seachfórsaí Rúiseacha cuid d’oirthear na tíre in 2014 bhí roinnt de na ceantair is mó a raibh bá leis an Rúis imithe ó réimeas rialtas na hÚcráine. Mar sin ní raibh na daoine sna ceantair sin ag vótáil i dtoghcháin na hÚcráine níos mó.

Ní gá a bheith i do staitisteoir den scoth le tuiscint go bhfuil baint mhór aige seo leis an laghdú a tháinig ar thacaíocht na bpáirtithe a raibh luí níos mó acu leis an Rúis sna blianta tar éis 2014.

4. Tionchar diúltach ghabháil na Crimé agus an cogadh san oirthear ar dhearcadh an phobail i leith na Rúise

Tá neart fianaise ann gur tháinig laghdú ar bhá mhuintir na hÚcráine leis an Rúis i ndiaidh 2014 mar thoradh ar chinneadh na Rúise an Chrimé a ghabháil agus tacú le cogadh na scarúnaithe in oirthear na tíre.

Léirigh pobalbhreitheanna a rinne Institiúid Socheolaíochta Chív gur laghdaigh tacaíocht phobal na tíre d’Aontas Custaim leis an Rúis ó 41% i mí Feabhra 2014 go dtí 19% i mí Bealtaine 2015. Bhí an tionchar seo le feiceáil fiú sna ceantair is mó den tír a raibh bá acu go traidisiúnta leis an Rúis – an t-oirthear agus an deisceart. Laghdaigh an tacaíocht don Aontas Custaim leis an Rúis ó 73% go 31% san oirthear agus ó 60% go dtí 28% sa deisceart. Chun é sin a rá ar shlí eile, nuair a chuaigh an Rúis i muinín na láimhe láidre, chaill sí an cogadh ar son chroíthe fhormhór mhuintir na hÚcráine. 

5.  Tionchar diúltach mhór-ionradh na Rúise ón 24 Feabhra 2022 ar dhearcadh an phobail i leith na Rúise

Má bhí an oiread sin tionchair ag cogadh teoranta agus indíreach na Rúise ar an Úcráin sna blianta tar éis 2014 ar dhearcadh an phobail luíonn sé le réasún go mbeadh tionchar níos mó fós ag an lánchogadh a d’fhear an Rúis ar an Úcráin le cúpla mí anuas. Tá sé deacair staitisticí chomh láidir is a d’úsáid mé roimhe seo san alt seo a aimsiú chun tacú leis an téis seo mar gheall ar na deacrachtaí a bhaineann le taighde dá leithéid a dhéanamh i lár cogaidh. Tá a fhios againn áfach gur mharaigh fórsaí na Rúise ar a laghad na mílte Úcránach, gur fhág siad bailte agus cathracha ina smionagar, agus go bhfuil na milliúin de mhuintir na tíre ina dteifigh. Tá a fhios againn gur tharla cuid mhór den scrios agus den mharú i roinnt de na ceantair ina raibh an bá is mó ag an bpobal go traidisiúnta leis an Rúis.

Tá a fhios againn freisin gur thaobhaigh neart polaiteoirí a áiríodh mar an dream a bhí ‘ar son na Rúise’ leis an Úcráin nuair a thosaigh an t-ionradh – polaiteoirí ar nós Oleksandr Vilkul, a bhí ina leasPhríomh-Aire i rialtas Viktor Yanukovich, Ihor Terekhov, méara Kharkiv, agus Hennady Trukhanov, méara Odesa. Tá neart tuairiscí starógacha sna meáin freisin faoi ghnáth-Úcránaigh atá tar éis iompú i gcoinne na Rúise mar thoradh ar an ionradh. Tá roinnt de mhuintir na tíre tar éis taobhú le lucht an ionraidh, áfach. Tá breis agus 650 cás tréasa tógtha ag údaráis na hÚcráine i gcoinne daoine atá ainmnithe as ucht cabhrú leis an namhaid.

Ba leor aon cheann de na pointí seo mar mhíniú ar athrú suntasach ar son an Aontais Eorpaigh agus i gcoinne na Rúise. Má thógtar na pointí le chéile, is ionann iad agus léargas ar chlaochlú ar thírdhreach polaitiúil na hÚcráine sna blianta idir 2014-2022. Ba mar gheall ar aineolas ar an gclaochlú seo a shíl go leor againn san iarthar go dtitfeadh rialtas Chív laistigh de chúpla lá ag tús an ionraidh mí Feabhra.

An é nár thuig Vladimir Putin an méid seo agus gur chreid sé i ndáiríre go dtabharfadh muintir na tíre aird ar a achainí éirí amach i gcoinne a rialtais féin? Nó an é gur thuig sé go maith cén treo a raibh an ghaoth ag séideadh san Úcráin agus gur shíl sé go raibh air gníomhú anois nó go brách chun forlámhas na Rúise a chinntiú? Is faoi na staraithe a bheas sé an cheist sin a fhreagairt.

Fág freagra ar 'Mórathrú ar dhearcadh mhuintir na hÚcráine i leith an Aontais Eorpaigh agus na Rúise'

  • Aonghus Ó hAlmhain

    Deas soiléir. Maith thú.

  • Dónall Mór Mac Billings

    Dá dtabharfadh NATO, An t-Aontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe tuilleadh airm nua-teicneolaíochta d’Arm na hÚcráine ina áit a bheith ag dul ar aghaidh leis an cur i gcéill chuirfeadh na hÚcránaigh aontaithe iad féin an ruaig ar na Rúisigh.

    Bheadh ceannasaíocht, forlámhas agus saoirse na tíre bainte amach ag muintir na tíre sin.
    Nach bhfuil a fhios ag an saol mór go bhfuil NATO, an t-Aontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe ag fanacht ar shocrú ar bith ionas nach gcuireann an cogadh isteach ar a saol rachmasach caipitileach.

    Tréighfidh An t-Aontas Eorpach, Nato agus Meiriceá an Úcráin i ndeireadh thiar thall lena ‘Blah, Blah’ mar is gnáth.

    Is mise le dóchas mór.
    An Úcráin Abú.
    Dónall Mac Billings mór
    Mac na Reablóide teanga

    An Ghaeltacht,
    Príosún Phort Laoise Bloc E

    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059

  • Seán Mag Leannáin

    Alt spéisiúil. “Tá roinnt de mhuintir na tíre tar éis taobhú le lucht an ionraidh, áfach. Tá breis agus 650 cás tréasa tógtha ag údaráis na hÚcráine i gcoinne daoine atá ainmnithe as ucht cabhrú leis an namhaid.” Ag tús an chogaidh bhí go leor tuairiscí ann go raibh na húdaráis sa tóir ar agents provocateur agus ar comhoibrithe leis an namhaid (collaborators). Bhí tuairiscí ann freisin gur cuireadh cuid de na daoine a raibh amhras dílseachta fúthu chun báis go hachomair (más fíor). Is dócha go dtarlaíonn na rudaí seo i gcogadh agus go bhfuil na Rúisigh ciontach as i bhfad níos mó uafás ná na hÚcráinigh ach bheadh sé saonta a chreidbheáil nach bhféadfadh siad tarlú ach ar thaobh amháin. Díol suntais é freisin gur bhris Zelensky beirt ceannairí den tseirbhís slándála an Stáit as a gcuid post le deireanas. D’fháilteofaí roimh anailís ó shaineolaí ar na cúrsaí seo. Is dócha go bhfuil tuilleadh ann, an té a thuigfeadh é.

  • Eithne O'Connell

    An-spéisiúil, a Fhachtna, is mé atá buíoch díot as an gcur síos sin. Is léir ó tharla an t-ionradh go bhfuil muid ag seasamh nach mór leis an Úcráin ach, ar ndóigh, níl saoi gan locht agus neart scríofa le blianta beaga anuas faoi fadhbanna a bhaineann le ceannach agus breabaireacht sa tír sin. Faitíos orm go mbeidh drogall ar iriseoirí díriú ar an ábhar céanna ar eagla go gcuirfí easpa dílseachta ina leith….Do thuairim faoi seo?