‘Ní léifidh déagóirí Gaeilge ar bhonn idé-eolaíoch, agus níor cheart dóibh’

Pléadh ag cruinniú i dTithe an Oireachtais an gá atá le tuilleadh leabhar Gaeilge ar ardchaighdeán don aosach óg

‘Ní léifidh déagóirí Gaeilge ar bhonn idé-eolaíoch, agus níor cheart dóibh’

Leabhair d’aosaigh óga an seánra is mó a bhfuil gá lena fhorbairt i bhfoilsitheoireacht na Gaeilge, a dúradh i dTeach Laighean.

Bhí ceist na seánraí ar gá iad a fhorbairt i measc na n-ábhar a pléadh nuair a leanadh tráthnóna inné den scagadh atá á dhéanamh ag Coiste Oireachtais na Gaeilge ar staid na foilsitheoireachta sa lá inniu.

Ceathrar scríbhneoirí a labhair ag an gcruinniú, Anna Heussaff, Tadhg Mac Dhonnagáin, Cathal Portéir agus Éilís Ní Dhuibhne.

Dúirt Tadhg Mac Dhonnagáin, údar agus foilsitheoir, go bhfoilsítear “corrleabhar” Gaeilge do dhéagóirí ach gur “gá an soláthar a leathnú go mór”.

Dúirt Mac Dhonnagáin go raibh “obair mhór” le déanamh maidir le forbairt seánra na n-aosach óg agus gur cheart “ciste ar leith” a chur ar fáil “le díriú go córasach” ar an obair sin.

“Tá an-tábhacht le scríbhneoirí dár gcuid féin a oiliúint i seánra sainiúil an YA – young adult. Ní léifidh déagóirí Gaeilge ar bhonn idé-eolaíoch, agus níor cheart dóibh. Tá Béarla acu ar fad.

“Cuirfidh siad an leabhar Gaeilge i gcomparáid leis na saothair Bhéarla is ansa leo. Mar sin, beidh ar an scríbhneoireacht a bheith ar ardchaighdeán cumadóireachta agus eagarthóireachta le dul i bhfeidhm ar dhéagóirí na hÉireann. Tá obair mhór le déanamh agus creidim gur cheart ciste ar leith a chur ar fáil le díriú go córasach ar an obair.”

Bheadh tacaíocht na scoileanna ag teastáil chomh maith, rud a bheidh “dúshlánach” mar gheall ar an mbrú a bhíonn ar mhúinteoirí díriú ar scrúduithe.

“Ach tá géarghá leis an droichead seo a thógáil idir na léitheoirí óga agus na léitheoirí fásta,” a dúirt Tadhg Mac Dhonnagáin.

Dúirt Mac Dhonnagáin go bhfuil gá le dhá réimse nua leabhar sa Ghaeilge – leabhair atá dírithe ar chainteoirí dúchais agus ar chainteoirí ar cuireadh gaeloideachas orthu agus saothair “high-low”. Leabhair iad sin, a dúirt sé, a bhfuil “leibhéal sofaisticiúil ó thaobh na síceolaíochta de ar fáil iontu, ach leibhéal na teanga a bheith dírithe ar dhaoine atá ag plé le Gaeilge i scoileanna a mhúineann trí Bhéarla”.

Dúirt an t-údar Anna Heussaff gurb iad na seánraí is láidre sa Ghaeilge, ó thaobh líon na leabhar a fhoilsítear seachas ó thaobh díolacháin, ná an fhilíocht, an ghearrscéalaíocht, an stair áitiúil, an chritic liteartha agus pictiúrleabhair do pháistí.

“Tá an soláthar do pháistí níos sine, do dhéagóirí agus don ‘aosach óg’ ag feabhsú ach fós sách gann,” a dúirt Anna Heussaff.

Dúirt sí go raibh an soláthar úrscéalta do léitheoirí fásta “tearc” freisin, go háirithe i réimsí móréilimh na n-úrscéalta grá, teaghlaigh agus sóisialta agus na n-úrscéalta bleachtaireachta agus fantaisíochta.

Bhí easpa ann chomh maith i dtaca le leabhar cuimhní cinn ó laochra spóirt agus leabhair faoi bhia agus stíl mhaireachtála. Bhí an drámaíocht “lag”, a dúirt sí, toisc “easpa deiseanna” ó amharclanna agus ó na meáin chraolta.

Dúirt an craoltóir agus údar Cathal Portéir nár léir dó go mbíonn nós na léitheoireachta i nGaeilge á chothú i scoileanna, nó i gcoláistí tríú leibhéal.

“Níl saibhreas na litríochta reatha nó stairiúil á mhúineadh go héifeachtach faoi na siollabais atá i bhfeidhm faoi láthair.

“Mura gcuirtear an laige sin i gceart, is ar éigean go mbeidh a fhios ag aos óg na tíre, nó a gcuid múinteoirí, gur ann don traidisiún iontach litríochta sa Ghaeilge nó gur ann do scríbhneoireacht chomhaimseartha ar ardchaighdeán.

“Gan léitheoirí a chothú sa chóras oideachais, beidh sé doiligh ar fhoilsitheoirí theacht ar mhargadh do leabhair, fiú má tá scríbhneoirí́ agus leabhair den scoth acu.”

Dúirt na scríbhneoirí go léir go raibh géarghá le maoiniú breise chun forbairt a dhéanamh ar fhoilsitheoireacht na Gaeilge. Bhí tacaíocht bhreise ag teastáil chomh maith ó taobh cúrsaí margaíochta, cúrsaí oiliúna agus cúrsaí eagarthóireachta liteartha, a dúradh.

Tá cás na foilsitheoireachta Gaeilge á phlé ag Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta ag sraith cruinnithe atá á reáchtáil acu le cúpla mí anuas.

Dúradh ag cruinniú an mhí seo caite go raibh an baol ann go ndúnfar tuilleadh d’fhoilsitheoirí na Gaeilge mar gheall ar chiorruithe agus toisc gurb é “an t-aon phlean amháin” atá ag Foras na Gaeilge ná baint de dhream amháin le tabhairt do dhream eile.

Ag cruinniú eile de Choiste Gaeilge an Oireachtais rinneadh achainí ar Theachtaí Dála agus Seanadóirí inniu tacaíocht agus aitheantas breise a lorg ón stát agus ó na meáin Bhéarla do leabhair agus irisí Gaeilge.

Pléadh go minic ag na cruinnithe go dtí seo na fadhbanna a bhaineann le córas dáileacháin na leabhar Gaeilge, córas a dúirt mórán scríbhneoirí agus foilsitheoirí a bhí ‘as dáta’ agus ar ghanntanas acmhainní.

Ag cruinniú i mí Feabhra, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, go raibh borradh faoi fhoilsitheoireacht agus scríbhneoireacht na Gaeilge le tamall de blianta anuas ach nach bhféadfadh an Foras forbairt a dhéanamh ar an earnáil mar gheall ar chiorruithe a bheith déanta ar bhuiséad na heagraíochta ó 2008 i leith.

Bhí cruinniú ag feidhmeannaigh i Roinn na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge le chéile níos luaithe an mhí seo chun labhairt faoi chúrsaí foilsitheoireachta Gaeilge.

Chomh maith leis sin, tá taighde ar bun ag an gComhairle Ealaíon le fáil amach céard a spreagann daoine chun leabhair Ghaeilge a léamh ar son na scíthléitheoireachta.

Poll mór i saol na tíre an fhaillí gan náire a dhéantar ar leabhair Ghaeilge

Fág freagra ar '‘Ní léifidh déagóirí Gaeilge ar bhonn idé-eolaíoch, agus níor cheart dóibh’'

  • Gabriel Rosenstock

    Tá focal sa Bhéarla ‘impulse buying’. Feiceann tú rud eigin agus, gan smaoineamh, ceannaíonn tú é, más acmhainn duit é a cheannach. Dála an scéil, an bhfuil an iomarca roghanna againn sa Ghaeilge ó thaobh téarmaíochta de? B’éigean dom Téarma.ie a cheadú féachaint cad deirtear de ghnáth i gcás ‘impulse buying’ agus fuaireas rogha rófhairsing: ceannach tallannach; bíogcheannach; tob-cheannach; ceannach taghdach agus mar sin de. Téarma amháin atá sa Bhéarla. Is leor téarma amhain! Dream pragmatach iad na Béarlóirí. Má tá scata téarmaí amuigh ansin, d’fhéadfadh go mbeadh mearbhall ar dhaoine. Is gá a bheith pragmatach praiticiúil agus téarma amháin a roghnú, i mo thuairimse.
    Ar aon nós, ní tharlóidh ceannach tallannach, bíogcheannach ná ceannach d’aon sórt i gcás leabhair Ghaeilge i gcoitinne (leabhair do dhéagóirí san áireamh) de dheasca easpa feiceálachta. Bíodh seastán leabhar Gaeilge sn áit a mbíonn daoine – sna haerfoirt, cuir i gcás,
    sna stáisiún traenach, ag féilte ceoil, sna hollmhargaí . . .

  • Pádraigh Mac Sheáin

    Comhghairdeachas Comhghairdeachas agus arís eile Comhghairdeachas .———————-

    Nach iontach an dul chun cinn idir láimhe ag Gaeil Bheal Feirste. Ar aghaidh libh chun bua agus go raibh rachairt ar an Dream Dearg. Comhghairdeas ó Ghaeltacht Phríosúin Phort Laoise agus na Gaeil ar an taobh seo den teorainn !!!!

    Ach, ach, mo léan is mo trua agus brón,
    is cuimhin liom na sean-laethanta agus
    mise os comhair na Cúirte Polaitiúla Speisialta
    mar a bheadh ‘An duine deireadh de na Mochains (sic)’
    nó Oisín i ndiaih na bhFéinne’
    ag crá croí faoin ‘cheap magaidh’
    a bhídís ag déanamh fúmsa ag labhairt
    is ag iarraidh caipéisí Gaeilge, ach mo léan géar.

    —– agus tusa a Éamaon, a Chara uasail, ag iarraidh ‘rabhadh sláinte Gaeilge a chur ar dheochanna meisciúla’ !!! Caithfidís (An Stát) a bheith ar meisce le sin a dhéanamh !!!

    Dónall Mac Billings

    Focal scoir :- Lá Breithe Sona do Dhónall Mac Billings(mé fein) i bPríosún Phort Laoise 30/06/2022. An Príosúnach Poblachtach is sine ag aois 72 bliain sa ‘SaorStáit’ ag troid go fóill ar son ceannasaíochta na tíre seo a bheith i lámha Éireannacha mar áta ar siúl san Úcráin dá gceannasaíócht féin agus a dteanga.