Córas dáileacháin na leabhar Gaeilge ‘go hiomlán as dáta’

Pléadh ag cruinniú de Choiste Gaeilge Thithe an Oireachtais inné cás áisíneacht dáileacháin na leabhar Gaeilge, Áis

Córas dáileacháin na leabhar Gaeilge ‘go hiomlán as dáta’

Deir foilsitheoirí na Gaeilge go bhfuil an tslí ina ndéantar dáileadh ar a gcuid leabhar “go hiomlán as dáta”.

Pléadh ag cruinniú de Choiste Gaeilge Thithe an Oireachtais inné cás áisíneacht dáileacháin na leabhar Gaeilge, Áis.

Dúirt Deirdre Ní Thuathail, úinéir Chló Iar-Chonnacht, go raibh an cur chuige ó thaobh na teicneolaíochta atá ag ÁIS “go hiomlán as dáta” agus nach leor ar chor ar bith ionadaí díolacháin amháin a bheith “ar an mbóthar” ag an áisíneacht le freastal ar an tír ar fad.

“Má tá an díoltóir sin ag tabhairt cuairt ar shiopaí Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo, gach seans nach mbeidh sí ar ais chuig na siopaí sin arís go ceann i bhfad.

“Tá an t-infreastruchtúr teicneolaíochta atá ag ÁIS go hiomlán as dáta. Níl aon suíomh idirlín acu, agus má dhéanann tú cuardach ar an bhfocal ‘ÁIS’ ar Google ní thiocfaidh sé aníos. Ní féidir leis na siopaí seiceáil an bhfuil leabhar Gaeilge ar fáil, nó fiú cá bhfuil leabhar ar fáil. Má tá leabhar Gaeilge a bhfuil éileamh air díolta amach i siopa, is minic nach ndéanfar athordú air sin nó go bhfeicfidh siad ionadaí ÁIS arís.”

Dúirt úinéir Chló Iar-Chonnacht nach raibh dóthain infheistíochta á déanamh in Áis agus gur ceist é sin d’Fhoras na Gaeilge, a bhfuil Áis faoina chúram.

Dúirt Darach Ó Scolaí, úinéir Leabhar Breac, go raibh gá le hinfheistíocht a dhéanamh “ in ÁIS chun an teicneolaíocht a thabhairt chun dáta agus chun an t-infreastruchtúr díolacháin a neartú”. Chuige sin theastódh beirt fhostaithe eile ar a laghad ó Áis, a dúirt Ó Scolaí.

Dúirt Deirdre Ní Thuathail gur léir na fadhbanna a bhain le Áis ach an áisíneacht a chur i gcomparáid leis an gcóras a bhíonn ag dáileoirí na leabhar Béarla.

Fágann córas na ndáileoirí sin go mbíonn foilsitheoirí ábalta monatóireacht a dhéanamh ar an díolachán.

“Is féidir a fheiceáil an bhfuil leabhair sa stoc i siopa, cé mhéad cóip atá ann, agus má tá leabhar díolta amach, tá siad ábalta teagmháil a dhéanamh leis an siopa, eolas poiblíochta agus margaíochta a chur chucu, agus éileamh a chruthú le go gcuirfidh siad isteach athordú. Níl tada mar seo ag ÁIS,” arsa Deirdre Ní Thuathail.

Ag an gcruinniú céanna i dTeach Laighean inné, dúirt úinéirí Cló Iar-Chonnacht agus Leabhar Breac go raibh foilsitheoirí na Gaeilge lánsásta a gcuid leabhar a chur ar fáil go digiteach.

Freagra a bhí ansin ar lucht leabharlann a dúirt ag cruinniú den choiste Oireachtais an mhí seo caite go raibh “drogall” ar fhoilsitheoirí Gaeilge leabhair dhigiteacha a chur ar fáil.

“Ní fíor a rá go bhfuil ‘drogall’ ar fhoilsitheoirí Gaeilge a n-ábhar a chur ar fáil go digiteach,” a dúirt Deirdre Ní Thuathail. “Go deimhin, bhí cuid d’fhoilsitheoirí Gaeilge ceannródaíoch go maith san earnáil seo. Tá breis agus 200 teideal againne idir leabhair Chló Iar-Chonnacht agus Chois Life ar fáil i bhfoirm ríomhleabhair.”

Dúirt Darach Ó Scolaí, nach raibh aon bhunús lena raibh le rá ag lucht na leabharlann.

“Maidir le hurlabhraithe ó na leabharlanna a dúirt gur ‘dúshlán’ dóibh a bhí san easpa ríomhleabhar Gaeilge, oiread is glaoch, ríomhphost ná téacs ní bhfuair muid uathu,” arsa Darach Ó Scolaí.

“Ní dheachaigh leabharlann ar bith i dteagmháil linne riamh ag iarraidh orainn ríomhleabhar a chur ar fáil. Dá dtiocfadh, bheadh muid breá sásta a bhfuil de leabhair againn a chur ar fáil ar BorrowBox nó ar chóras ar bith eile a d’iarrfadh siad.”

Dúirt Deirdre Ní Thuathail go raibh amhras uirthi faoi theicneolaíocht na ríomhleabhar a bheith á cur chun cinn “mar leigheas” ar an gceist seo.

“As an 200 teideal digiteach atá ag Cló Iar-Chonnacht faoi láthair, tháinig 1% den teacht isteach ó dhíolachán ríomhleabhar. i.e. tagann breis agus 99% den díolachán ó fhíorleabhair.

“D’íoc Cló Iar-Chonnacht breis agus €40,000 dleachta le scríbhneoirí Gaeilge in 2021; tháinig níos lú ná 1.5% de sin ó dhíolachán ríomhleabhar.  Ní chuirfidh sé sin snáth faoin bhfiacail don fhoilsitheoir ná don scríbhneoir.”

An tuiscint chéanna a bhí ag Darach Ó Scolaí ar na ríomhleabhair.

“Ónár saineolas, tar éis breis is tríocha bliain i mbun foilsitheoireachta, tuigimid céard is fearr a oibríonn.”

“Tá ríomhleabhair déanta againn féin, agus le fírinne, ní raibh díol maith orthu. Coinneoimid súil ar an margadh sin agus má cheapaimid go mbeidh athrú ar an scéal sin, déanfaimid ríomhleabhair. Ní fál go haer é. Níl sé deacair ríomhleabhair a dhéanamh. Dá mbeadh éileamh orthu, bheadh muid in ann réimse mór leabhar a chur ar fáil go héasca taobh istigh de chúpla seachtain.”

Dúirt Darach Ó Scolaí gur cheart go mbeadh leabhair Ghaeilge ar fáil go forleathan i ngach leabharlann.

“Ní dóigh liom go bhfuil sé sásúil go mbeadh cóip amháin de chuile theideal ag an tseirbhís leabharlainne i mBaile Átha Cliath agus go gcaithfeadh an léitheoir fios a chur ar leabhar Gaeilge go speisialta,” ar sé.

“Lena ról a chur i gcrích mar “fhoras cultúrtha” (mar a thugann siad orthu féin, agus an ceart acu) ba chóir go mbeadh rogha mhaith leabhar Gaeilge ar an tseilf i ngach leabharlann.”

Deir Deirdre Ní Thuathail gur cheart go mbeadh “ról níos lárnaí ag na leabharlanna anseo agus go mbeadh leabhair Ghaeilge ar fáil i ngach leabharlann ar fud na tíre”.

“Ní leor cóip amháin de leabhar Gaeilge a bheith á roinnt idir cúig nó sé leabharlann mar atá faoi láthair, ba chóir go mbeadh sé d’iachall ar gach leabharlann sa tír go mbeadh ar a laghad cóip amháin de gach leabhar Gaeilge a fhoilsítear á ceannach acu do gach leabharlann, go háirithe na leabharlanna atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta,” arsa Deirdre Ní Thuathail, úinéir Cló Iar-Chonnacht.

Ag cruinniú eile de Choiste Gaeilge an Oireachtais i mí Feabhra, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge sé go raibh borradh faoi fhoilsitheoireacht agus scríbhneoireacht na Gaeilge le tamall de blianta anuas ach nach bhféadfadh an Foras forbairt a dhéanamh ar an earnáil mar gheall ar chiorruithe a bheith déanta ar bhuiséad na heagraíochta ó 2008 i leith.

Dúradh gur isteach agus amach ar 200,000 leabhar Gaeilge a bhíonn á ndáileadh ag Áis gach bliain ar 260 siopa leabhar, 250 siopa in Éirinn agus deich gcinn thar lear.

Tugadh le fios gur tháinig méadú 20% idir 2015-2021 ar dhíolachán Áis, ó €900,000 go €1.1 milliún.

Tháinig athrú chomh maith, a dúradh, ar réimse na leabhar a dhíolann ÁIS sa tréimhse chéanna.

Dúradh gur tháinig ardú ar chéatadán na leabhar ginearálta (úrscéalta agus mar sin seachas téascleabhair scoile) ó 41% den iomlán go dtí 50% den iomlán.

Fág freagra ar 'Córas dáileacháin na leabhar Gaeilge ‘go hiomlán as dáta’'