Foilsitheoirí na Gaeilge in ‘áit an-leochaileach’, ceal acmhainní agus léitheoirí

Dúirt Foras na Gaeilge i dTeach Laighean tráthnóna go raibh borradh faoi fhoilsitheoireacht na Gaeilge le tamall ach nach bhféadfaí forbairt a dhéanamh ar an earnáil ceal acmhainní

Foilsitheoirí na Gaeilge in ‘áit an-leochaileach’, ceal acmhainní agus léitheoirí

Tá foilsitheoirí na Gaeilge in “áit an-leochaileach”, iad gann ar acmhainní agus ag brath ar phobal léitheoireachta “an-bheag” idir 500-1,500 léitheoirí rialta.

Foras na Gaeilge, a dhéanann maoiniú ar earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge, a dúirt an méid sin tráthnóna i dTeach Laighean.

Ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge tráthnóna, dúirt Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, go raibh buiséad an Fhorais don fhoilsitheoireacht laghdaithe ó €1.8 milliún go dtí €1.06 milliún in 2021.

Dúirt sé go raibh borradh faoi fhoilsitheoireacht agus scríbhneoireacht na Gaeilge le tamall de blianta anuas ach nach bhféadfadh an Foras forbairt a dhéanamh ar an earnáil.

Dúirt Regina Uí Chollatáin, Cathaoirleach Bhord Fhoras na Gaeilge, gurb í ceist an mhaoinithe an dúshlán is mó a bhí le sárú.

“Ní easpa scríbhneoirí ná údair atá ar na foilsitheoirí ach easpa acmhainní,” a dúirt sí.

Dúradh i ráiteas an Fhorais go bhfágann “an tacaíocht theoranta” atá ar fáil do na foilsitheoirí gur “beag deis” a bhíonn acu “forbairt a dhéanamh ar a ngnó”.

“As an 14 foilsitheoir a cháilíonn le haghaidh maoiniú ó Fhoras na Gaeilge ó bhliain go bliain, níl ach cúig cinn acu a fhoilsíonn sé leabhar nó níos mó.

“Fágann sin foilsitheoireacht na Gaeilge in áit an-leochaileach. Teastaíonn infheistíocht bhreise san earnáil ar bhonn fadtéarmach chun gur féidir na comhlachtaí is mó a chur ar bhonn níos daingne go fadtéarmach, agus na cinn bheaga nach bhfuil an fad sin bunaithe a fhorbairt.”

Dúradh go raibh pobal léitheoireachta na Gaeilge “an-bheag” agus gur idir 500 agus 1,500 léitheoirí rialta a bhí i gceist “bunaithe ar an díol a bhíonn ar na leabhair is fearr díol”.

Dúradh gur tithe beaga foilsitheoireachta iad na foilsitheoirí Gaeilge “cuid acu ag brath ar dhuine amháin nó ar theaghlach”.

“Cé go bhfuil siad beag, éiríonn leis na foilsitheoirí den chuid is mó saothair ardchaighdeáin a sholáthar, go háirithe na leabhair do pháistí óga, a mbíonn caighdeán an-ard deartha agus maisithe ag baint leo – agus an-ráchairt orthu dá bharr sin.”

“De réir mar a thagann fás ar líon na scríbhneoirí, beidh foilsitheoirí de dhíth lena gcuid leabhar a fhoilsiú. Tá Foras na Gaeilge ag iarraidh infheistíocht a dhéanamh sna foilsitheoirí a bhfuil pleananna fáis acu.”

Dúradh gur isteach agus amach ar 200,000 leabhar Gaeilge a bhíonn á ndáileadh ag Áis gach bliain ar 260 siopa leabhar, 250 siopa in Éirinn agus deich gcinn thar lear.

Tugadh le fios gur tháinig méadú 20% idir 2015-2021 ar dhíolachán Áis, ó €900,000 go €1.1 milliún.

Tháinig athrú chomh maith, a dúradh, ar réimse na leabhar a dhíolann ÁIS sa tréimhse chéanna.

Dúradh gur tháinig ardú ar chéatadán na leabhar ginearálta (úrscéalta agus mar sin seachas téascleabhair scoile) ó 41% den iomlán go dtí 50% den iomlán.

“Le tamall de bhlianta tá borradh faoi fhoilsitheoireacht agus scríbhneoireacht na Gaeilge. Tá feabhas as cuimse i ndiaidh teacht ar chaighdeán na leabhar agus na scríbhneoireachta, go háirithe maidir le leabhair atá dírithe ar pháistí.

“Tá ardú i ndiaidh teacht ar dhíol na leabhar, ar líon na siopaí a dhíolann leabhair Ghaeilge agus ar an ioncam a shaothraítear ó leabhair Ghaeilge. Tá feabhas i ndiaidh teacht ar mhargaíocht leabhar agus ar fheachtais leis na leabhair a chur os coinne an phobail.”

Dúradh, áfach, nach bhféadfadh Foras na Gaeilge “forbairt” a dhéanamh ar earnáil na foilsitheoireachta “cheal acmhainní”.

“Leis na ciorruithe atá déanta ar mhaoiniú Chlár na Leabhar Gaeilge, b’éigean gearradh siar ar roinnt mhaith de na scéimeanna agus ar na deontais a bhí ar fáil fúthu. Is tacaíocht fhadtéarmach a theastaíonn le gur féidir aghaidh a thabhairt ar na dúshláin éagsúla ar bhealach comhtháite córasach.

“Teastaíonn tacaíocht bhreise le haghaidh foilsitheoirí, scríbhneoirí agus le haghaidh bealaí chun torthaí na hoibre a chur i láthair an phobail.”

Dúradh go raibh athbhreithniú ar bun ag Foras na Gaeilge ar na scéimeanna go léir atá i gClár na Leabhar Gaeilge.

Fág freagra ar 'Foilsitheoirí na Gaeilge in ‘áit an-leochaileach’, ceal acmhainní agus léitheoirí'

  • KH

    Ba chóir roinnt airgid a chur go leataobh chun daoine a fhostú le leabhair a léamh os ard. Dhéanfaí léitheoirí d’éisteoirí agus dhíolfaí níos mó leabhar.

    Ní i bhfollús a thagann forbairt ar aon cheann de na ceithre bhunscil teanga – tá siad ag brath ar a chéile.