Imeoidh foilsitheoirí Gaeilge eile ‘le gaoth’ ceal plean agus maoinithe

Ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais faoi chúrsaí foilsitheoireachta tráthnóna, léiríodh imní faoi chur chuige Fhoras na Gaeilge i leith na hearnála

Imeoidh foilsitheoirí Gaeilge eile ‘le gaoth’ ceal plean agus maoinithe

Bainisteoir Chló-Iar Chonnacht, Deirdre Ní Thuathail agus Darach Ó Scolaí, úinéir Leabhar Breac

Tá an baol ann go ndúnfar tuilleadh d’fhoilsitheoirí na Gaeilge mar gheall ar chiorruithe agus toisc gurb é “an t-aon phlean amháin” atá ag Foras na Gaeilge ná baint de dhream amháin le tabhairt do dhream eile.

Dúradh an méid sin ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais i dTeach Laighean tráthnóna, mar ar leanadh leis an bplé atá ar siúl le tamall ag an gcoiste faoi fhoilsitheoireacht na Gaeilge.

Dúirt úinéir agus bainisteoir Chló-Iar Chonnacht, Deirdre Ní Thuathail, nach raibh aon “bláthú” i ndán d’fhoilsitheoireacht na Gaeilge ceal maoinithe.

“Tá muid ag impí ar an gCoiste seo moladh a dhéanamh go dtabharfar ar ais maoiniú Chlár na Leabhar Gaeilge go dtí an leibhéal a bhí ann in 2008, ar a laghad, nó tá an baol ann go rachaidh tuilleadh foilsitheoirí sa treo céanna a ndeachaigh an Clóchomhar agus Sáirséal Ó Marcaigh agus Cois Life, go háirithe más é an t-aon phlean athbhreithnithe atá ag Foras na Gaeilge ná airgead a bhaint ó fhoilsitheoir amháin le tabhairt d’fhoilsitheoir eile,” arsa Deirdre Ní Thuathail.

Dúirt sí go raibh an baol ann go n-imeodh Cló Iar-Chonnacht as sa chás go laghdófaí a maoiniú.

“Má leanann an Foras den phlean atá, de réir mar a thuigimid, acu, maoiniú CIC a ghearradh, chun é a bhronnadh ar fhoilsitheoir eile, tá siad ag cinntiú go rachaidh Cló Iar-Chonnacht, luath nó mall, an bóthar céanna, agus beidh foilsitheoir eile Gaeilge imithe le gaoth.”

Dúirt úinéir Chló-Iar Chonnacht gur “gníomh” a theastaíonn le foilsitheoireacht na Gaeilge “a thabhairt slán”.

“Teastaíonn infheistíocht a dhéanamh seachas síorchiorruithe ar an earnáil.

“Ní fhoghlaimeoidh tú an cheird seo in aon ollscoil – tá taithí na mblianta ag aon duine atá ag plé le cúrsaí foilsitheoireachta Gaeilge faoi láthair. Tabhair aire dóibh, nó ní bheidh siad ann i bhfad eile.”

Dúirt Deirdre Ní Thuathail gur buiséad €1.8 milliún a bhí ag Clár na Leabhar Gaeilge in 2008, ach go raibh laghdú 48% tagtha ar an mbuiséad sin ó shin in ainneoin go raibh “ardú as cuimse” tagtha ar an ráta boilscithe agus ar chostas páipéir.

Tá sé i gceist ag Foras na Gaeilge athbhreithniú a dhéanamh ar Scéim na Foilsitheoireachta, ach dúirt Ní Thuathail gur “údar imní” a bhí sa mhéid a bhí cloiste aici faoin bpróiseas sin go dtí seo.

“Fáiltíonn muid roimh aon athbhreithniú, ach ón méid atá tagtha chun solais tar éis sraith cruinnithe idir an Foras agus na foilsitheoirí le gairid, cuireann sé an-imní orainn gur cosúil gurb é an t-aon phlean amháin atá ag an bhForas faoi láthair ná maoiniú a bhaint d’fhoilsitheoir amháin le tabhairt d’fhoilsitheoir eile.”

Dúirt Darach Ó Scolaí, scríbhneoir agus úinéir Leabhar Breac, go bhfuil pleananna forbartha ag a theach foilsitheoireachta ach go raibh an easpa buaine a bhain leis an earnáil ag cur as do na pleananna sin.

“Ach cosúil le tithe foilsitheoireachta eile, táimid tagtha go staid an-leochaileach mar chomhlacht, tá an obair atá againn rómhór don chomhlacht, mar atá, agus tá gá leis an gcomhlacht a mhéadú leis an ualach sin a iompar go fadtréimhseach agus forbairt a dhéanamh. Is ionann sin le rá is go dteastaíonn oifig nua, spás stórais, agus foireann.

“Tá pleananna againn chun an méid sin a bhaint amach, agus tá méid áirithe den obair sin tosaithe. Ach tá cúnamh uainn.”

Dúirt Darach Ó Scolaí go raibh easpa “leanúnachais” san earnáil ina fadhb mhór agus go raibh gá le plean chun an fhoilsitheoireacht “a thabhairt glúin eile chun cinn”.

“Is mian linn ar fad tithe foilsitheoireachta maithe láidre a thógáil a mbeidh suim ag daoine eile a thógáil ar láimh inár ndiaidh — bídís sin ina mbaill teaghlaigh, ina bhfostaithe, nó ina ndaoine ar spéis leo ár ngnó a thógáil ar láimh.

“Ná bíodh ar an gcéad ghlúin eile an roth a chruthú as an nua — cur amú airgid phoiblí a bheadh ansin agus cur amú uafásach tallainne agus fuinnimh.”

Lena chinntiú nach mar sin a tharlódh tá dhá rud le déanamh ag an stát, dar le Darach Ó Scolaí – acmhainní breise a chur ar fáil do na foilsitheoirí agus don dáileoir ÁIS, a chuireann na leabhair Ghaeilge sna siopaí.

Dúirt Deirdre Ní Thuathail go raibh an baol ann leis nach mbeadh “aon ábhar” le foilsiú ag na foilsitheoirí Gaeilge mura ndéanfaí “forbairt agus cothú ceart” ar scríbhneoirí. Dúirt sí go raibh Scéim Coimisiún Fhoras na Gaeilge “thar a bheith tábhachtach” do na foilsitheoirí mar go dtugann sé deis dóibh coimisiúnú a dhéanamh ar shaothar “a dhéanann freastal ar mhargadh faoi leith, dar leo, nó freastal ar bhearna sa mhargadh”. Dúirt sí, áfach, nach raibh “aon rialtacht” ag baint le scéim coimisiún Fhoras na Gaeilge agus nárbh ann di ó 2019. Fadhb eile a bhain leis an scéim, a dúirt úinéir Chló Iar-Chonnacht gurb é an Foras a shocraíonn cé a fhaigheann an coimisiún seachas an foilsitheoir, “an té a bhfuil eolas aige ar an margadh agus ar na cineálacha leabhar atá á n-éileamh”.

“Ní haon chabhair ach oiread an rúndacht a bhaineann leis an bpróiseas roghnaithe,” arsa Deirdre Ní Thuathail.

Dúirt na foilsitheoirí le baill an Choiste Oireachtais go raibh ag éirí go maith leo in ainneoin na ndeacrachtaí a bhain le maoiniú, cúrsaí dáiliúcháin agus cúrsaí margaíochta agus poiblíochta.

Dúirt Deirdre Ní Thuathail go raibh sé cruthaithe ag Cló Iar-Chonnacht go léann agus go gceannaíonn muintir na Gaeltachta leabhair a bhaineann lena gceantar agus lena gcultúr féin agus go raibh “an-éileamh” ag na daoine óga ar na sraitheanna a bhí á bhfoilsiú dóibh.

Dúirt Darach Ó Scolaí ó Leabhar Breac go raibh “ardú leanúnach” ag teacht ar dhíolachán leabhar Gaeilge le deich mbliana anuas.

“Creidim go bhfuil an t-ardú sin buan go maith. Agus ní linn féin amháin a bhaineann sé sin, is ardú ar dhíolachán leabhar Gaeilge fré chéile é.”

Dúirt sé gur bhain cuid den ardú díolacháin scagadh nádúrtha a dhéanann teach foilsitheoireachta ar chúrsaí díolacháin de réir mar a éiríonn leo “catalóg láidir” saothar a fhorbairt.

“An chuid eile den ardú sa díolachán, baineann sé le hardú i líon na léitheoirí,” arsa Darach Ó Scolaí.

“Cé go leagtar béim mhór ar an ngéarchéim léitheoireachta sna scoileanna, agus tá sin le feiceáil againn féin sna scoileanna iar-bhunoideachais ach go háirithe, is beag a chloistear faoin méadú atá tagtha ar líon na ngnáthléitheoirí.”

Dúirt Darach Ó Scolaí gur fhág an t-idirlíon go raibh “deis níos mó ag léitheoirí Gaeilge ar fud an domhain, teacht ar réimse níos mó agus níos leithne leabhar, ná in am ar bith roimhe seo”.

“Agus céim ar chéim le hardú líon agus réimse na leabhar, tá ardú ag teacht ar líon na léitheoirí. Agus ní beag sin. Dea-scéala é sin, dar ndóigh. Ach, le fírinne, tá deacrachtaí freisin ann.”

Ag cruinniú eile de Choiste Gaeilge an Oireachtais i mí Feabhra, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, go raibh borradh faoi fhoilsitheoireacht agus scríbhneoireacht na Gaeilge le tamall de blianta anuas ach nach bhféadfadh an Foras forbairt a dhéanamh ar an earnáil mar gheall ar chiorruithe a bheith déanta ar bhuiséad na heagraíochta ó 2008 i leith.

Dúradh gur isteach agus amach ar 200,000 leabhar Gaeilge a bhíonn á ndáileadh ag Áis gach bliain ar 260 siopa leabhar, 250 siopa in Éirinn agus deich gcinn thar lear.

Tugadh le fios gur tháinig méadú 20% idir 2015-2021 ar dhíolachán Áis, ó €900,000 go €1.1 milliún.

Tháinig athrú chomh maith, a dúradh, ar réimse na leabhar a dhíolann ÁIS sa tréimhse chéanna.

Dúradh gur tháinig ardú ar chéatadán na leabhar ginearálta (úrscéalta agus mar sin seachas téascleabhair scoile) ó 41% den iomlán go dtí 50% den iomlán.

Fág freagra ar 'Imeoidh foilsitheoirí Gaeilge eile ‘le gaoth’ ceal plean agus maoinithe'

  • Aislínn

    Ba spéis liom a léamh go ndáileann Áis leabhair ar shiopaí thar lear fosta. Cé na siopaí sin an bhfuil a fhios ag éinne?