‘Dá nochtfaí rún Fatima i nGaeilge, ní bheadh aon trácht ar rún Fatima’

Pléadh ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta i dTeach Laighean cás na foilsitheoireachta Gaeilge

‘Dá nochtfaí rún Fatima i nGaeilge, ní bheadh aon trácht ar rún Fatima’

Rinneadh achainí ar Theachtaí Dála agus Seanadóirí inniu tacaíocht agus aitheantas breise a lorg ón stát agus ó na meáin Bhéarla do leabhair agus irisí Gaeilge.

Pléadh ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta i dTeach Laighean cás na foilsitheoireachta Gaeilge.

Dúirt an scríbhneoir aitheanta Alan Titley ag an gcruinniú gur “geall le míorúilt” a bhfuil bainte amach ag lucht na bhfoilseachán Gaeilge “i lár na bailbhe”. Ag obair “ar son na tíre” a bhí an dream a bhíonn ag scríobh i nGaeilge, dar leis.

Dúirt sé, áfach, gurb í an “bhearna mhór” i saol na foilsitheoireachta “ná an ciúnas iomlán, an neamhaird chuimsitheach, an fhaillí gan náire a dhéanann na mórmheáin eile in aon leabhar Gaeilge go fiú dá mbainfeadh sé an cloigeann den chine daonna féin le teann gaoise nó aoibhnis”.

D’iarr an scríbhneoir agus iar-ollamh ar Theachtaí Dála agus Seanadóirí an choiste ceist a chur cén fáth nach mbíonn léirmheasanna ar leabhair Ghaeilge sna meáin Bhéarla. D’fhág easpa suime na meán Béarla go raibh “sciar maith de shaol na tíre” á cheilt ar chuid mhór den phobal.

“Dá nochtófaí tríú rún Fatima i nGaeilge, ní bheadh aon trácht ar thríú rún Fatima,” arsa Alan Titley.

Mhol sé go dtabharfaí eagarthóirí liteartha agus lucht coimisiúnaithe na mórmheán os comhair an choiste le fáil amach cén fáth go ndéanann siad neamhaird ar leabhair Ghaeilge. Dar leis féin nach “naimhdeas” amháin a bhí i gceist ach “cuid mhaith aineolais” chomh maith.

Dúirt Cathal Goan, Cathaoirleach Bhord Comhar, gur “bac” na ciorruithe a rinneadh ar na meáin scríofa Ghaeilge le tamall de bhlianta anuas “ar fhorbairt seirbhísí atá ríthábhachtach do phobal na Gaeilge in Éirinn agus thar lear agus d’inmharthanacht na teanga féin”.

Mhol sé go mbeadh na meáin chlóite Ghaeilge “mar dhlúthchuid de shainmhíniú nua ar cad is meáin seirbhíse poiblí ann feasta”.

“Is cuid dhílis iad de sheirbhís phoiblí agus is cuid riachtanach iad d’aon straitéis go dtiocfaidh an Ghaeilge slán,” arsa Cathal Goan.

Dúirt an scríbhneoir agus bunaitheoir Cló Iar-Chonnacht Micheál Ó Conghaile gurb é an laige is mó a bhí in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge ná cúrsaí díolacháin.

Ba léir fadhb a bheith ann nuair nach bhfuil rannóg do leabhair Ghaeilge “ag príomhshiopa leabhar phríomhshráid na tíre” (siopa Easons ar Shráid Uí Chonaill) i mBaile Átha Cliath.

Ní leor duine amháin a bheith “ar an mbóthar” ag áisíneacht dáileacháin na leabhar Gaeilge, Áis, atá mar chuid d’Fhoras na Gaeilge. Ba chóir “beirt nó triúr” eile “a chur ar an mbóthar” agus fiú leis sin thógfadh sé am níos mó aitheantais a fháil do na leabhair Ghaeilge ó shiopaí na tíre.

Bhí “géarghá”, a dúirt Micheál Ó Conghaile, “le gníomh mór” a dhéanamh “a chuideodh” leis na siopaí áit a chur ar fáil do leabhair Ghaeilge.

Dúirt an tAthair Frainc Mac Brádaigh ó An Timire gur ábhar díomá a bhí ann gur chinn Foras na Gaeilge an maoiniú a bhíodh ar fáil don iris sin agus irisí eile a stopadh agus gur chóir maoiniú a chur ar fáil arís dóibh.

Bhí sé tábhachtach, áfach, nach mbainfí maoiniú d’fhoilseachán amháin chun é a thabhairt d’fhoilseachán eile, a dúirt sé.

Dúirt an tAthair Mac Brádaigh go raibh tacaíocht bhreise ag teastáil ón earnáil go léir agus go raibh gá le soiléiriú faoi sheasamh Fhoras na Gaeilge ina leith.

Dá mba ghá tuilleadh airgid a chur ar fáil don Fhoras chun tacú leis na foilseacháin, ba cheart sin a dhéanamh, a dúirt sé.

Dúirt Caitríona Ní Chonaill, Príomh-Eagarthóir Breac, iris a chuireann mic léinn i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh amach, gur cheart  airgead a thabhairt do gach cumann Gaelach sa tír lena n-iris féin a fhoilsiú.

Fág freagra ar '‘Dá nochtfaí rún Fatima i nGaeilge, ní bheadh aon trácht ar rún Fatima’'

  • Criostóir Mac Eochaidh

    Cuid den fhadhb is ea go mbíonn na sean-dineasáir chéanna ag scríobh i gComhar an t-am ar fad agus nach gclúdaítear ann dáiríre ach ‘polaitíocht na hÉireann’, an ‘Tuaisceart’ agus an ‘litríocht’.