Poll mór i saol na tíre an fhaillí gan náire a dhéantar ar leabhair Ghaeilge

Tá ceithre mholadh ag duine de mhórscríbhneoirí na hÉireann maidir le cothú léitheoireacht na Gaeilge  

Poll mór i saol na tíre an fhaillí gan náire a dhéantar ar leabhair Ghaeilge

Cuid bhunúsach d’aon tacaíocht don Ghaeilge is ea polasaí láidir soiléir neamhleithscéalach foilsitheoireachta agus léitheoireachta. Fág gurb í labhairt na teanga is tábhachtaí ar fad, ní mhaireann agus ní neartaíonn aon teanga gan litríocht agus gan léitheoireacht a bheith á tacú. Go deimhin, is ar éigean go mbeadh aon teanga bheo ar fiú meas ar bith a bheith uirthi de cheal litríocht láidir agus pobal a thuigfeadh í. Is beag rud ar féidir linn tosaíocht i measc tíortha na hEorpa ina thaobh a mhaíomh, seachas go bhfuil traidisiún leanúnach neamhbhriste litríochta níos faide agus níos sine ná aon teanga eile againn sa taobh seo den domhan go léir. Ní beag, agus is mór, an méid sin féin. Bheifi ag súil go ndéanfadh an stát Éireannach a sheacht ndícheall é sin a neartú, a chothú is a chraobhú. 

Tá toisí éagsúla leis seo. Sonraím ceithre cinn díobh a leanas mar chnámharlach d’aon phlé ciallmhar. 

1. Tacaíocht leanúnach neamhghuagach do na foilsitheoirí: tá feabhas ollmhór tagtha ar fhoilsiú leabhar Gaeilge le suim bhlianta anuas. Is geall le míorúilt a bhfuil bainte amach acu i lár na bailbhe. Is cúis iontais go minic an t-ardchaighdeán deartha, cló, páipéir, leagan amach agus eagarthóireachta a léiríonn siad ar bheagán acmhainní. Ábhar mór mórtais agus gairdeachais is ea é seo. Ina choinne sin, is dúshlán gan chríoch é an t-ardchaighdeán seo a choimeád de shíor in éamais aon phlean faoi leith a thabharfadh caoi phleanála dóibh go ceann suim réasúnta blianta chun cinn. 

2. Scéimeanna oiliúna éagsúla do scríbhneoirí: is geall le timpist ghlanseansúil é go dtagann scríbhneoirí ar an bhfód gan cuireadh gan iarraidh. Tá seo go breá, fad is a ritheann. Ach toisc cineálacha éagsúla litríochta a bheith ann agus cineálacha difriúla léitheoirí, is mór an baol go mbeadh soláthar léitheoireachta ar fiarsceabha. Is é sin, ráineodh go dtiocfadh scata úrscéalta de chuid genre amháin chun tosaigh le barr seans, agus go bhfágfaí genreraíocha eile i leataoibh na slí. Cé go bhfuil ceardlanna maithe ann cheana féin, is mó atá siad dírithe ar fhoghlaimeoirí ná ar aon dream eile. Tá gá le hoiliúint a chur ar scríbhneoirí bunaithe chomh maith fara bearta éagsúla tacaíochta eile. 

3. Oideachas agus cúlú na léitheoireachta: is geall le híoróin anois é nuair atá foilsiú na Gaeilge sláintiúil go maith seachas mar a bhíodh, gur léir go bhfuil an bhéim a chuirtear ar léitheoireacht leabhar ag lagú sa chóras oideachais ar gach leibhéal. Níl aon ghá le taighde ollmhór a dhéanamh ar seo. Is leor fianaise aon mhúinteora a chaith suim bhlianta sa seomra ranga nó sa léachtlann. Is mó sin mac léinn a shroicheann an ollscoil gan oiread is leabhar Gaeilge amháin a léamh i gceart. Is fíor nach fadhb í seo a bhaineann leis an nGaeilge amháin, ach má uiscítear an ceangal atá ag léamh leabhar leis an oideachas is gach duine a bheith thíos leis. 

4. Poiblíocht, poiblíocht arís agus poiblíocht arís eile fós: ceannaítear, díoltar agus léitear leabhair toisc go bhfuil a fhios ag daoine gurb ann dóibh. Is ea, ní foláir dóibh a bheith go maith d’fhonn is go leanfaí á léamh, ach is í an phoiblíocht, an phoiblíocht, an phoiblíocht ó chluas go cluas agus ó aerthonn go haerthonn a thugann an chéad speach, an chéad mhúscailt. Arís eile ar ais, déanann na foilsitheoirí a ngnó chomh héifeachtach agus a ligeann a n-acmhainn dóibh go minic, agus cé go bhfuil gá mór le breis eolais a scaipeadh ar na meáin Ghaeilge féin, is í an bhearna mhór ná an ciúnas iomlán, an neamhaird chuimsitheach, an fhaillí gan náire a dhéanann na mórmheáin eile in aon leabhar Gaeilge go fiú dá mbainfeadh sé an cloigeann den chine daonna féin le teann gaoise nó aoibhnis. Is mó sin duine, na céadta de mhílte díobh a bhfuil Gaeilge mhaith léite acu, ach nach gcuimhneodh ar aon cheann de na meáin Ghaeilge a chleachtadh. Díth eolais agus cainte agus plé i bhfairsinge shaol na tíre poll mór atá le líonadh.

Ráiteas atá san alt seo a thug an t-údar ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta a bhí ar siúl i dTeach Laighean inné

Fág freagra ar 'Poll mór i saol na tíre an fhaillí gan náire a dhéantar ar leabhair Ghaeilge'

  • KH

    Sách ráite.

    B’fhiú cainteoirí maithe a fhostú, leis, le leabhair a léamh os ard. Chuideodh sé sin le daoine idir léamh agus labhairt na teanga a shealbhú, agus thabharfadh sé tacaíocht do litríocht na teanga, ní áirím scríbhneoirí agus foilsitheoirí.

    Kevin Hickey

  • Brendan Keane

    Labhair faoi leabhair ar Zoom. Sin an méid. Cuir acmhainní chun ceannairí na Gaeilge ag cruinniú daoine ar Zoom go rathúil.

  • Séamus Caomhánach

    Maith thú Alan,tá an ceart ar fad agat agus thug tú léargas den scoth ar na fadhbanna a baineann le cúrsaí léitheoireachta sa Ghaeilge.
    Go bhfios dom is fíordheachair teacht ar chúrsa scríbhneoireachta do thosaittheoiri a theastaíonn oiliúint sa cheird.

  • Duine ar an gClaí

    Tá go leor fírinne i bhfocail Alan Titley, gan dabht. (An ceart ar fad aige, mar shampla, faoin ngéarghá atá ann an léitheoireacht a chothú i measc mhuintir na teanga.) Is fíor freisin, áfach, go bhfuil sé éasca na lochtanna atá ar dhreamanna eile a fháil agus a cháineadh – rud atá éasca toisc a lochtanna siúd (.i. easpa airgid ón Rialtas, easpa suime ó mheáin an Shacs-Bhéarla) a bheith chomh soiléir sin nach bhféadfadh dall a bheith dall orthu.

    Ní féidir liomsa bheith ar aon fhocal leis faoi cheist na gceardlanna, áfach. Táim go mór den tuairim nach ceardlanna a theastaíonn ó scríbhneoirí na Gaeilge ach tuilleadh deiseanna a gceird a chleachtach go nádúrtha, trí shaothair a fhoilsiú in irisí nó ar líne, na deiseanna sin agus an spreagadh a thiocfadh as saothair dá gcuid a fhéachaint i gcló agus á léamh. Ní hann d’amhránscoil ach amhráin a rá, más maith leat, ná a shárú le fáil ar amhrán a rá in éisteacht cluas nach leatsa iad. Agus, i gcás na ndeiseanna atá ann do scríbhneoirí, caithfimid a aithint nach bhfuil earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge saor ó locht.

    Bíonn na húdair chéanna á bhfoilsiú go ró-mhinic ag ‘Comhar’ agus ag ‘Feasta’, mar shampla. Cé go bhfuil i bhfad níos mó irisí ann do scríbhneoirí an Shacs-Bhéarla, déantar formhór eagarthóirí na n-irisí sin iarracht éagsúlacht phinn a chothú agus ní fhoilsíonn siad na húdair chéanna i ngach aon eagrán. D’fhéadfadh “Comhar” agus “Feasta” an rud céanna a dhéanamh. Ní bheadh ag teastáil ach gan scríbhneoirí, nach colúnaithe rialta iad, a fhoilsiú ach uair amháin le linn tréimhse áirithe (gach trí nó ceithre mhí, abair).

    Agus ná déanaimis dearmad ar an suíomh seo: D’fhéadfaí píosaí liteartha a fhoilsiú go rialta ar Thuairisc.ie chomh maith, idir píosaí le nua-scríbhneoirí agus píosaí le scríbhneoirí seanbhunaithe.

    Mionmholtaí is ea iad a chruthódh deiseanna nua do scríbhneoirí na Gaeilge, deiseanna nach mbeadh ag braith ar mhíorúiltí – airgead breise ón Rialtas nó aird is suim na mheáin an Shacs-Bhéarla, cur i gcás.

  • Seán Ó Floinn

    Aontaím le ‘Duine ar an gClaí’. Is minic a bhíonn ailt á bhfoilsiú anseo agus ar Comhar nach léir cén fiúntas a bhaineann leo ach gurb é ‘boc mór’ i saol na Gaeilge a scríobh é. Cad faoi dheis a thabhairt do dhaoine úra?