Deir Aire Stáit na Gaeltachta go n-aithníonn sé na deacrachtaí atá ag cur as d’earnáil foilsitheoireachta na Gaeilge agus go bhfuil na fadhbanna sin á scrúdú ag a Roinn.
Bhí cruinniú ag feidhmeannaigh i Roinn na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge le chéile níos luaithe an mhí seo chun labhairt faoi chúrsaí foilsitheoireachta Gaeilge, tráth a bhfuil an t-ábhar á phlé go rialta i dTeach Laighean.
Tá Coiste Gaeilge an Oireachtais ag reáchtáil sraith cruinnithe maidir le léitheoireacht agus foilsitheoireacht na Gaeilge agus tá cur síos déanta ag scríbhneoirí, foilsitheoirí agus daoine eile san earnáil ar na fadhbanna atá ann i láthair na huaire.
D’iarr an Teachta Dála Marc Ó Cathasaigh ar an Rialtas cad iad na pleananna a bhí ann chun dul i ngleic leis na deacrachtaí sin agus an ndéanfaí athbhreithniú ar an leibhéal maoinithe a chuirtear ar fáil don earnáil.
Cé nár thagair sé d’aon phleananna nua ar leith, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers go raibh a Roinn ag fiosrú céard a d’fhéadfaí déanamh don earnáil.
“Aithnítear go bhfuil dúshláin roimh fhoilsitheoirí na Gaeilge faoi láthair agus reáchtáladh cruinniú [coicís ó shin] idir feidhmeannaigh mo Roinne agus feidhmeannaigh Fhoras na Gaeilge chun an t-ábhar seo a phlé.”
Dúirt an tAire Stáit go leanfaidh Roinn na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge orthu “ag breithniú na roghanna agus deiseanna chun tacú tuilleadh le foilsitheoirí na Gaeilge san am amach romhainn”.
Luaigh sé freisin go gcuireann a Roinn maoiniú €1 milliún in aghaidh na bliana ar fáil do Chlár na Leabhar Gaeilge agus gur cuireadh mhaoiniú breise aon uaire €300,000 ar fáil ag deireadh na bliana seo caite le dáileadh ar Scéim na Foilsitheoireachta agus Scéim na Meantóirí, dhá scéim de chuid Chlár na Leabhar Gaeilge.
Tháinig laghdú 40% ar an maoiniú a tugadh don fhoilsitheoireacht Gaeilge idir 2008-2016, agus é tite ó €1.8 milliún in 2008 go dtí €1.06 milliún in 2021.
Deir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go bhfuil “ar a laghad €2.5 milliún sa mbliain” ag teastáil don earnáil.
Agus iad os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais níos luaithe i mbliana, dúirt Foras na Gaeilge nach rabhthas in ann forbairt a dhéanamh ar an earnáil. Dúirt Seán Ó Coinn go bhfuil foilsitheoirí na Gaeilge in ‘áit an-leochaileach’, ceal acmhainní agus léitheoirí.
Tá imní léirithe ag na foilsitheoirí Gaeilge faoi céard atá i ndán dóibh mura réitítear na fadhbanna atá ag cur as dóibh. Dúirt Deirdre Ní Thuathail ó Chló Iar-Chonnacht go n-imeoidh foilsitheoirí “le gaoth” má leanann cúrsaí ar aghaidh mar atá.
Tá Coiste Gaeilge an Oireachtais le tuarascáil agus moltaí maidir le hearnáil na foilsitheoireachta Gaeilge a réiteach nuair a bheidh deireadh tagtha leis na cruinnithe atá á reáchtáil acu ar an ábhar.
Fág freagra ar 'Roinn na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge chun na roghanna atá ann d’fhoilsitheoirí Gaeilge a mheas'