Taighde le déanamh ar conas daoine a spreagadh chun leabhair Ghaeilge a léamh

Tá eolas le bailiú ag an gComhairle Ealaíon maidir le nósanna léitheoireachta na nGael

Taighde le déanamh ar conas daoine a spreagadh chun leabhair Ghaeilge a léamh

Tá taighde ar bun le fáil amach céard a spreagann daoine chun leabhair Ghaeilge a léamh ar son na scíthléitheoireachta.

Tá sé tugtha le fios ag an gComhairle Ealaíon go bhfuil taighde á dhéanamh i mbliana acu ar na cúiseanna a mbíonn daoine in Éirinn ag léamh mar chaitheamh aimsire. Tá sé i gceist eolas ar leith a bhailiú faoi léitheoireacht na Gaeilge mar chuid den taighde sin.

Bhí cúrsaí foilsitheoireachta agus léitheoireachta na Gaeilge faoi chaibidil ag Coiste Gaeilge an Oireachtais an tseachtain seo agus ionadaithe ón gComhairle i láthair ag an gcruinniú i dTeach Laighean.

Dúirt Sarah Bannan, Ceann na Litríochta sa Chomhairle Ealaíon, go raibh beartas agus straitéis shonrach don litríocht Ghaeilge le foilsiú ag an gComhairle den chéad uair níos deireanaí i mbliana. Dúirt sí go rabhthas ag breathnú freisin ar cén fáth go roghnaíonn daoine leabhair Ghaeilge a léamh.

“Tá taighde ar bun againn i mbliana faoin léitheoireacht agus céard a spreagann daoine chun léamh ar son na scíthléitheoireachta. Tá muid ag breathnú ar dhaoine a bhíonn ag léamh i mBéarla ach freisin ar céard a spreagann daoine chun leabhair Ghaeilge a léamh mar chaitheamh aimsire,” a dúirt Bannan.

“Tá muid ag tabhairt faoin obair sin le fáil amach an bhfuil aon bheart suntasach gur féidir leis an gComhairle Ealaíon a dhéanamh ina thaobh sin.”

Nuair a bhí Foras na Gaeilge os comhair Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge chun cúrsaí léitheoireachta agus foilsitheoireachta a phlé níos luaithe i mbliana, dúradh nach raibh sé de nós ag lucht labhartha na Gaeilge leabhair Ghaeilge a léamh ar son na scíthléitheoireachta.

Dar le Foras na Gaeilge, bhí roinnt dúshlán ag baint le scíthléitheoireacht na Gaeilge a chothú, ina measc raon na leabhar a bhí ar fáil, deacrachtaí teacht ar na leabhair, gan leabhair Ghaeilge a bheith á moladh agus an bhéim a chuirtear i scoileanna, Gaelscoileanna san áireamh, ar scileanna labhartha agus tuisceana na Gaeilge. 

Dúirt Sarah Bannan go raibh an Chomhairle Ealaíon dírithe go dtí seo ar thacaíocht a thabhairt do scríbhneoirí agus d’fhoilsitheoirí saothair a chur i gcló ach go raibh sé tábhachtach a chinntiú go léifí na saothair freisin.

Bhí Éanna Ó Caollaí, iriseoir leis an Irish Times, ag tabhairt fianaise os comhair an choiste freisin agus mhol sé go molfadh an coiste go ndéanfaí “taighde chuimsitheach socheolaíoch” ar na nósanna léitheoireachta atá ag daoine maidir leis an nGaeilge, daoine óga ach go háirithe a dúirt sé.

“An cheist is mó, dar liomsa, ná cén uair a thosaíonn an creimeadh maidir le cumas teanga?” a dúirt sé.

Mheas Ó Caollaí go mbíonn sé ar a gcumas ag daoine leabhair Ghaeilge a léamh tar éis dóibh an scoil a fhágáil agus go gcoinníonn roinnt daoine leis an teanga san ollscoil ach go mbristear go minic aon nasc a bhí acu leis an nGaeilge ina dhiaidh sin.

“Ceapaim, ina dhiaidh [dóibh an ollscoil a fhágáil], nach dtagann siad ar an dteanga mura bhfuil siad mar chuid de phobal Gaeilge cheana féin. Nach mbíonn sé de nós ag daoine éisteacht le Raidió na Gaeltachta nó breathnú ar TG4.”

Dúirt an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly nach bhféadfaí teacht ar réiteach na faidhbe maidir le léitheoireacht na Gaeilge mura ndéanfaí an cineál taighde atá beartaithe ag an gComhairle Ealaíona.

Fág freagra ar 'Taighde le déanamh ar conas daoine a spreagadh chun leabhair Ghaeilge a léamh'

  • Padraig Ó Gallachoir.

    Ma ta lamh chuidí de dhith leis an obair seo -tá dha lamh ormsa.

  • Pól Ó Braoin

    Rud atá tugtha faoi deara agam féin ná go gcaithfidh tú iarracht mhór a dhéanamh teacht ar na leabhra Gaeilge sa leabharlann agus faoi dheireadh tiocfaidh tú orthu i measc na leabhar sna teangacha iasachta. Tugtar le fios dom sa teachtaireacht úd go mbreathnaítear ar an nGaeilge mar theanga iasachta eile. Níl aon leabhra Gaeilge ar díol sna siopaí ar an mbaile mór lár tíre a bhfuil mé a chónaí ann. Gheobhaidh mé foclóirí Gaeilge i measc na dteangacha iasachta agus corrleabhar scoile. An teachtaireacht cheanann chéanna a fhaighim sa leabharlann. Cuirtear tús leis an taighde ag an bpointe sin, le bhur dtoil!
    Ar nós mórán taighdí eile a dhéantar ar ábhar sin na Gaeilge, ní dóigh liom go gcuirfear aon ní i bhfeidhm mar gheall air agus baileoidh sé deannach i measc na gceann eile ar sheilfeanna na fuarchúise agus na neamhchúise i bhfad i ndiaidh mo bháis féin, cheapfainn…

  • Colette Uí Ghloinn

    Chuaigh mé ag lorg leabhair Gaeilge in Easons’ Shráid Uí Chonaill BAC ach ní raibh tada acu.