‘Bíonn ar dhaoine dul sa tóir ar leabhair Ghaeilge seachas teacht orthu ‘trí thimpiste’ – Foras na Gaeilge

Dúradh freisin nach nós le lucht na teanga leabhair Ghaeilge a léamh mar chaitheamh aimsire

‘Bíonn ar dhaoine dul sa tóir ar leabhair Ghaeilge seachas teacht orthu ‘trí thimpiste’ – Foras na Gaeilge

Is beag eolas atá ag pobal na Gaeilge ar na leabhair atá ar fáil agus ní nós le lucht na teanga leabhair Ghaeilge a léamh ar son na scíthléitheoireachta, a deir Foras na Gaeilge.

In ainneoin “iarrachtaí éagsúla” a bheith déanta le blianta beaga anuas le margaíocht a dhéanamh ar leabhair Ghaeilge agus feabhas a chur ar chúrsaí dáileacháin, bíonn ar an léitheoir iarracht a dhéanamh leabhar Gaeilge a aimsiú.

Ar na hiarrachtaí a luadh le dul i ngleic leis an scéal bhí Gradaim Fhoras na Gaeilge, Gradaim An Post, gradaim liteartha an Oireachtais, LoveLeabharGaeilge, GiveLeabharGaeilge, #LeabhraFeabhra, an Bosca Leabharlann, agus an Toy Show ar RTÉ.

Agus an foras teanga i láthair ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais inné, ghéill Foras na Gaeilge go raibh fadhb mhór ag baint i gcónaí le poiblíocht a dhéanamh ar shaothair i nGaeilge.

Foilsitheoirí na Gaeilge in ‘áit an-leochaileach’, ceal acmhainní agus léitheoirí

“Mar sin féin, is beag eolas atá ag pobal labhartha na Gaeilge ar na leabhair Ghaeilge atá ar fáil. Cé go bhfuil líon siopaí atá sásta leabhair Ghaeilge a choinneáil, bíonn sé deacair a chinntiú go mbeidh na leabhair sin le feiceáil ag custaiméirí. Fágann sin go mbíonn ar dhaoine dul sa tóir ar leabhair Ghaeilge in áit a bheith in ann teacht orthu ‘trí thimpiste’,” a dúradh.

Míníodh go raibh timire amháin san eagraíocht ar a bhfuil an cúram dul timpeall na tíre ag bualadh le lucht na siopaí leabhar agus margaíocht a dhéanamh ar leabhair Ghaeilge. Chuir an phaindéim isteach ar an obair sin, cé go bhféadfaí cuid di a dhéanamh ar líne.

Dúirt ionadaithe an Fhorais ag an gcruinniú nach raibh sé de nós ag lucht labhartha na Gaeilge leabhair Ghaeilge a léamh ar son na scíthléitheoireachta.

Dar le Foras na Gaeilge, bhí roinnt dúshlán ag baint le scíthléitheoireacht na Gaeilge a chothú, ina measc raon na leabhar a bhí ar fáil, deacrachtaí teacht ar na leabhair, gan leabhair Ghaeilge a bheith á moladh agus an bhéim a chuirtear i scoileanna, Gaelscoileanna san áireamh, ar scileanna labhartha agus tuisceana na Gaeilge. 

Measadh freisin an meon a bheith ann go bhfuil an Ghaeilge a bhíonn in úsáid sna leabhair deacair a thuiscint ag an ghnáthchainteoir Gaeilge.

Tugadh le fios go mbeadh sé deacair na fadhbanna seo a réiteach gan tuilleadh maoinithe a bheith ar fáil chun tacú le hearnáil na foilsitheoireachta agus le scríbhneoirí na Gaeilge.

Dúirt Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, go raibh buiséad an Fhorais don fhoilsitheoireacht laghdaithe ó €1.8 milliún go dtí €1.06 milliún in 2021. D’fhógair an Rialtas le gairid maoiniú €300,000 breise do Chlár na Leabhar Gaeilge i mbliana ach mhínigh Ó Coinn gur maoiniú “aon uaire” a bhí i gceist ansin, cé go raibh sé súil aige féin gur léirigh sé “treocht” maidir le cúrsaí maoinithe.

Ó thaobh spriocanna an Fhorais d’earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge, dúirt Ó Coinn go raibh sé i gceist díriú ar leabhair do dhéagóirí agus leabhair ficsin do dhaoine fásta a fhoilsiú sna blianta amach romhainn.

Fág freagra ar '‘Bíonn ar dhaoine dul sa tóir ar leabhair Ghaeilge seachas teacht orthu ‘trí thimpiste’ – Foras na Gaeilge'

  • Pádraig

    Bhí mé i gCorcaigh an tseachtain seo caite agus mé sa tóir ar an leabhar Madame Lazare le Tadhg Mac Dhonnagáin. Bhí mé in Easons agus Waterstones, an dá shiopa leabhar is mó sa chathair agus ní raibh leabhar Gaeilge ar bith le fáil iontu gan trácht ar an gceann a bhí uaim. A chairde an Fhorais, cé na siopaí leabhar a mhaíonn sibh go bhfuil leabhair Ghaeilge á ndáileadh orthu?!

  • Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile

    Tharla an rud ceannann céanna domsa i gCathair Phort Láirge deich mbliana ó shoin. Is cosúil nach bhfuil aon dul chun cinn déanta.

  • Seán

    A Phádraig, a chara,

    Níl an ceart agat maidir le Waterstones Chorcaí. Táid ar chúl an tí mar déarfá.

    Le meas,

    Seán