An deontas Gaeltachta d’ábhar oidí á thabhairt ar ais ag an Roinn Oideachais

Is cinnte go gcuirfidh eagraíochtaí teanga agus oideachais fáilte roimh an gcinneadh seo mar dhea-scéal i mbuiséad a mheastar a bhí an-lag ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta.

An deontas Gaeltachta d’ábhar oidí á thabhairt ar ais ag an Roinn Oideachais

Tá an deontas Gaeltachta d’ábhar oidí á thabhairt ar ais ag an Roinn Oideachais.

Mar a tuairiscíodh anseo an mhí seo caite bhí an cinneadh deireadh a chur leis an deontas Gaeltachta d’ábhar oidí á mheas arís ag an Roinn Oideachais le tamall.

Ba é Joe McHugh an tríú haire oideachais ó cuireadh deireadh leis an deontas aimsir na géarchéime eacnamaíochta in 2011 a dúirt nárbh acmhainn don Rialtas na híocaíochtaí a thabhairt ar ais.

Ach murab ionann agus a réamhtheachtaithe, thug Joe McHugh le fios go raibh an cheist  “á meas” ag a Roinn.

€1.8 milliún a chosnóidh sé in aghaidh na bliana an deontas d’ábhar oidí chun tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht a thabhairt ar ais don 1,200 mac léinn a bheadh i gceist.

Tá polaiteoirí agus lucht an ghaeloideachais ag éileamh go dtabharfaí ar ais an deontas a d’íoctaí le hábhar oidí don tréimhse Ghaeltachta atá mar chuid dá gcúrsa.

Ar na heagraíochtaí a bhí ag iarraidh go dtabharfaí ar ais an deontas d’ábhar oidí, bhí Conradh na Gaeilge, Aontas na Mac Léinn in Éirinn agus an Chomhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Chuir COGG aighneacht faoi bhráid Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán an mhí seo caite inar éilíodh go dtabharfaí ar ais an deontas. 

Cuireadh deireadh leis an deontas Gaeltachta a d’íoctaí le hábhar oidí in 2011 toisc, a dúradh, go raibh acmhainní gann.

Is cinnte go gcuirfidh eagraíochtaí teanga agus oideachais fáilte roimh an gcinneadh seo mar dhea-scéal i mbuiséad a mheastar a bhí an-lag ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'An deontas Gaeltachta d’ábhar oidí á thabhairt ar ais ag an Roinn Oideachais'